Aguisín
Aguisín 1 – Nochtadh breise do Choimisinéirí agus do chinnteoirí sinsearacha
Tá freagrachtaí ar gach comhalta foirne faoin gCód seo, ach tá comhaltaí foirne áirithe ina gcinnteoirí sinsearacha freisin ar a bhfuil freagrachtaí feabhsaithe. Is “cinnteoir sinsearach” é nó í comhalta foirne faoin gCód seo freisin más rud é:
- gur Coimisinéir atá ann nó inti;
- go bhfuil post fostaíochta ainmnithe aige nó aici chun críocha an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 arna leasú; nó
- go bhfuil ról, grád nó feidhm aige nó aici atá ar leibhéal an Phríomhoifigigh (an Stiúrthóra) nó níos airde
Ceanglaítear dhá thacar ar leithligh de nochtadh don ghrúpa seo, agus tá siad leagtha amach i gCodanna A agus B thíos.
Aguisín 1 Cuid A – Oibleagáid chun nochtadh i scríbhinn a dhéanamh
- Ní mór do gach cinnteoir sinsearach nochtadh a dhéanamh i scríbhinn do Rúnaí an Choimisiúin:
- nuair a cheapfar é nó í mar chinnteoir sinsearach; agus
- uair sa bhliain ina dhiaidh sin i gcomhréir le nósanna imeachta arna mbunú ag an gCoimisiún chun na críche sin.
- Le nochtadh faoin gcuid seo, ní mór mionsonraí ar an méid seo a leanas a áireamh:
- leasanna ábhartha uile an chinnteora shinsearaigh;
- leasanna ábhartha uile chéile nó pháirtnéir sibhialta an chinnteora shinsearaigh;
- na leasanna uile eile (nach dtagann faoin sainmhíniú ar “leas ábhartha”) a shealbhaíonn an cinnteoir sinsearach nó céile nó páirtnéir sibhialta an chinnteora shinsearaigh a d’fhéadfaí a mheas nó a bhrath le réasún go mbeadh tionchar ábhartha acu ar an gcinnteoir sinsearach i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas;
- aon fhostaíocht sheachtrach a dhéanann an comhalta foirne a d’fhéadfaí a mheas nó a bhrath le réasún go mbeadh tionchar ábhartha aici ar an gcinnteoir sinsearach i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.
- I gcásanna ina mbeidh nochtadh déanta ag cinnteoir sinsearach faoin gcuid seo agus, laistigh den 12 mhí ina dhiaidh sin, ina bhfaigheann sé nó sí leas ábhartha nó ina dtéann sé nó sí i mbun fostaíocht sheachtrach, ní mór don chinnteoir seachtrach nochtadh eatramhach a dhéanamh láithreach i leith an leasa ábhartha nó na fostaíochta seachtraí sin. Beidh oibleagáid ar an gcinnteoir sinsearach nochtadh bliantúil a dhéanamh freisin ar an mbealach iomchuí ag na tráthanna iomchuí.
- Déanfar nochtadh faoin gcuid seo i dteannta aon nochtadh eile maidir le leasanna ábhartha ar féidir go mbeidh oibleagáid ar an gcinnteoir sinsearach iad a dhéanamh faoi na hAchtanna um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, arna leasú; tá tuilleadh mionsonraí leagtha amach anseo thíos.
- Tá nochtadh leasanna faoin gcuid seo ar leithligh agus i dteannta nochtadh coinbhleachtaí leasa faoin gCód seo. Cé gur nocht cinnteoir sinsearach leas faoin gcuid seo, ní bhaintear an oibleagáid den chinnteoir sinsearach leis sin chun aon choinbhleacht leasa a nochtadh freisin, ar coinbhleacht í a eascraíonn as leasanna an chinnteora shinsearaigh (a nochtadh nó nár nochtadh roimhe sin).
- Coimeádfaidh Rúnaí an Choimisiúin mionsonraí ar leasanna a nocht cinnteoirí sinsearacha i gclár rúnda. Tá rochtain ar an gclár srianta agus riarfar é i gcomhréir le haon nósanna imeachta is infheidhme a bhunóidh an Coimisiún chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a rialáil agus chun críoch eile a eascraíonn as an gCód seo.
- Féadfaidh an Coimisiún beart iomchuí a dhéanamh chun dul i ngleic le haon ábhar imní a eascraíonn as aon nochtadh a dhéantar faoin gcuid seo. Mar chuid de sin, féadfar a áireamh, mar shampla, raon feidhme ghníomhaíochtaí an chomhalta foirne leis an gCoimisiún a theorannú nó féachaint le staid a bhaint amach (laistigh de thréimhse réasúnach ama) inarb amhlaidh nach ann a thuilleadh d’fhéidearthacht na coinbhleachta (mar shampla trí fhéachaint lena n áirithiú go ndéanfaidh an comhalta foirne leas ábhartha a dhífheistiú). Déanfar aon ghníomhaíocht den sórt sin i gcomhairle leis an gcomhalta foirne.
Aguisín 1 Cuid B – Eitic agus Caighdeáin in Oifigí Poiblí
Fad atá an Coimisiún ag feitheamh le bheith ainmnithe go foirmiúil mar chomhlacht poiblí ábhartha faoin reachtaíocht
eitice, tá ceanglais na Reachtaíochta Eitice á gcur chun feidhme aige ar bhonn saorálach.
Maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta, lena ndéanfar poist fostaíochta ainmnithe a fhorordú, beidh feidhm ag nochtadh fhorálacha leasa na nAchtanna Eitice ar bhonn saorálach. Tá na ceanglais tuairiscithe atá ar chinnteoirí sinsearacha leagtha amach thíos.
Maidir leis na daoine uile ag a bhfuil poist fostaíochta ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí a fhorordaítear le rialáil chun críocha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001 (na “hAchtanna Eitice”), ní mór dóibh forálacha ábhartha na reachtaíochta a chomhlíonadh. Meastar agus measfar go bhfuil comhlíonadh na nAchtanna Eitice ina choinníoll ceapacháin nó fostaíochta.
Nochtadh leasanna inchláraithe
Leis an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 déantar foráil maidir le nochtadh leasanna inchláraithe arna dhéanamh ag daoine atá i seilbh poist fostaíochta ainmnithe i gcomhlachtaí poiblí a fhorordaítear chun críocha na reachtaíochta eitice. Go hachomair, is iad seo a leanas na ceanglais:
- Gach bliain, ceanglaítear ar dhaoine ag a bhfuil poist fostaíochta ainmnithe, a bhfuil nó a raibh le linn aon chuid di post fostaíochta ainmnithe acu i gcomhlacht poiblí, mar a fhorordaítear le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, ráiteas i scríbhinn a ullmhú agus a thabhairt, i bhfoirm arna cinneadh ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, ar ráiteas é maidir lena leasanna inchláraithe, agus maidir leis na leasanna, ar a bhfuil eolas iarbhír ag duine, atá ag a chéile nó ag a céile, ag a pháirtnéir sibhialta nó ag a páirtnéir sibhialta nó ag leanbh an duine nó a chéile nó a céile nó a pháirtnéara shibhialta nó a páirtnéara shibhialta, lena bhféadfaí tionchar a imirt go hábhartha ar an duine agus feidhmeanna oifigiúla an duine á bhfeidhmiú aige nó aici, nó i ndáil leis sin, de bharr go bhféadfaí leis an bhfeidhmíocht sin difear a dhéanamh amhlaidh do na leasanna sin is go dtabharfar tairbhe shubstaintiúil don duine, nó don chéile, don pháirtnéir sibhialta nó don leanbh, nó go gcoinneofar siar tairbhe den sórt sin ó dhuine den sórt sin.
- Ní mór an ráiteas a thabhairt don údarás ábhartha don phost arna chinneadh ag an Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe. I gcás nach ann d’aon leas nó leasanna inchláraithe, iarrtar ráiteas “nialasach”.
Leasanna ábhartha
Ní mór don duine ag a bhfuil post fostaíochta ainmnithe ráiteas maidir le leas ábhartha a thabhairt i gcás ina mainnítear feidhm a fheidhmiú, agus ina bhfuil leas ábhartha ag “duine bainteach” in ábhar lena mbaineann an fheidhm.
Ní mór don duine ag a bhfuil post fostaíochta ainmnithe ráiteas den sórt sin a thabhairt don údarás ábhartha. Níor cheart an fheidhm a fheidhmiú mura bhfuil cúiseanna an láidir ann déanamh amhlaidh. Má bheartaíonn an duine ag a bhfuil post fostaíochta ainmnithe an fheidhm a fheidhmiú, ní mór dó nó di ráiteas a ullmhú agus a thabhairt i scríbhinn don údarás ábhartha maidir leis na cúiseanna an láidir, agus sin sula ndéanann sé nó sí amhlaidh, nó mura bhfuil an méid sin
praiticiúil le réasún, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin. Tá feidhm ag an oibleagáid sin cibé acu a nochtadh nó nár nochtadh an leas sin cheana i ráiteas maidir le leasanna inchláraithe.
| Poist Fostaíochta Ainmnithe | An tÚdarás Ábhartha don Phost |
|---|---|
| Cathaoirleach | Coimisinéir Ainmnithe |
| Feidhmiúcháin | Cathaoirleach |
| Coimisinéirí Stiúrthóirí | Coimisinéir Ainmnithe |
| Gach post fostaíochta eile a fhorordaítear le rialachán 5 de I.R. 699 de 2004 | Coimisinéir Ainmnithe |
Oibleagáidí Imréitigh Cánach atá ar Cheapaithe chuig “Oifig Shinsearach”
Forálacha maidir le himréiteach cánach an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, tá feidhm acu maidir le daoine a cheaptar chuig “oifig shinsearach”, i.e. chuig post fostaíochta ainmnithe faoin Acht um Eitic in Oifig Phoiblí, 1995, ar i ndáil leis nach bhfuil an luach saothair faoi bhun an luacha saothair is ísle de Leas-Ard-Rúnaí sa státseirbhís. Ní mór do na daoine uile a cheaptar chuig “oifig shinsearach” an méid seo a leanas a sholáthar don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifig Phoiblí:
- tráth nach faide ná naoi mí tar éis an dáta a cheaptar é nó í, deimhniú maidir le himréiteach cánach atá i bhfeidhm agus a eisíodh chuig an duine tráth nach faide ná naoi mí roimh an dáta ceapacháin, agus tráth nach faide ná naoi mí tar éis an dáta sin; nó
- ráiteas iarratais a eisíodh chuig an duine agus a rinneadh tráth nach faide ná naoi mí roimh an dáta ceapacháin, agus tráth nach faide ná naoi mí tar éis an dáta sin; agus
- dearbhú reachtúil, arna dhéanamh ag an duine tráth nach faide ná mí amháin roimh an dáta ceapacháin, agus tráth nach faide ná mí amháin tar éis an dáta sin, á rá gurb amhlaidh, de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, go bhfuil na hoibleagáidí a chuirtear air nó uirthi leis na hAchtanna Cánach á gcomhlíonadh aige nó aici agus nach bhfuil sé nó sí ar an eolas faoi aon bhac ar an tsaincheist a bhaineann le Deimhniú maidir le hImréiteach Cánach.
Imscrúduithe
Féadfaidh fostaithe i gcomhlachtaí poiblí a bheith faoi réir imscrúdú arna dhéanamh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, i gcás ina measann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh, nó tar éis gearáin, nó i gcás inar ann do shárú ar na ceanglais maidir le himréiteach cánach. Ní ann d’aon ní lena gcuirtear bac ar an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an Cód Iompair seo a chur san áireamh in imscrúdú den sórt sin.
Faisnéis Bhreise agus comhairle:
Maidir leis na comhlachtaí poiblí a fhorordaítear chun críocha na reachtaíochta eitice agus na stiúrthóireachtaí ainmnithe agus na bpost fostaíochta ainmnithe iontu, leis na foirmeacha chun ráitis maidir le leasanna inchláraithe a ullmhú agus ráitis “nialasacha”, agus le mionsonraí oifigigh an chomhlachta agus na n údarás ábhartha ar cheart na ráitis sin a thabhairt dóibh, soláthraítear iad sna “Treoirlínte maidir le Comhlíonadh Fhorálacha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001-Státseirbhísigh”, treoirlínte ar fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí iad agus atá le fáil lena n íoslódáil.
Aguisín 2 – Bearta praiticiúla i leith an Choimisiúin – do Choimisinéirí
Níl feidhm ag an gcuid seo den Chód seo ach amháin maidir le Coimisinéirí.
Scaiptear ábhair le haghaidh cruinnithe den Choimisiún ar chomhaltaí roimh chruinnithe, ceithre lá oibre ar a laghad roimh ré de ghnáth. Cuirtear na hábhair sin in eagar go hiomchuí i gcás aon chomhalta ag a bhfuil leas dearbhaithe in ábhar nó ag a bhfuil coinbhleacht ina leith, sa chaoi nach bhfaigheann sé nó sí ábhair i ndáil leis an ábhar sin.
Aithnítear gur féidir leasanna an Choimisiúin agus a ngaolta bainteacha athrú ar gearrfhógra. Más rud é, tar éis ábhair le haghaidh cruinnithe den Choimisiún a fháil agus/nó a léamh, go dtagann comhalta ar an eolas faoi choinbhleacht leasa, ní mór don chomhalta na hábhair a thabhairt ar ais ansin do Rúnaí an Choimisiúin a luaithe is féidir, agus an choinbhleacht leasa ábhartha á nochtadh.
Ní mór nochtadh leasa a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann. Fad atá an t ábhar lena mbaineann an nochtadh á bhreithniú nó á phlé ag an gcruinniú, níor cheart an comhalta a dhéanann an nochtadh a chur san áireamh sa chóram don chruinniú.
Má tá comhalta den Choimisiún in amhras i dtaobh cé acu ba cheart nó nár cheart leas a nochtadh de bhun an Chóid seo, ba cheart dó nó di dul i gcomhairle le Cathaoirleach Feidhmiúcháin an Choimisiúin. I gcás ina dtagann ceist chun cinn i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil leas a dhearbhaíonn comhalta ina leas ábhartha, ba cheart don Chathaoirleach Feidhmiúcháin an cheist a chinneadh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag forálacha an Chóid seo. Sna hábhair uile, ba cheart do na comhaltaí aird a thabhairt ar oibleagáidí faoin Acht Craolacháin 2009, faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, nó comhairle a lorg ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí faoi alt 25 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995.
I gcás ina dtagann ábhar maidir le leasanna an Chathaoirligh Feidhmiúcháin chun cinn, roghnóidh na comhaltaí eile a fhreastalaíonn ar an gcruinniú duine de na comhaltaí atá i láthair chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcruinniú. Ba cheart don Chathaoirleach Feidhmiúcháin a bheith as láthair nuair atá ábhar á phlé nó á chinneadh ag an gCoimisiún maidir le hábhar ina bhfuil leas ag an gCathaoirleach Feidhmiúcháin nó ag an duine atá bainteach leis nó léi.
Aguisín 3 – Ábhair phraiticiúla i leith nochtadh
Mar atá leagtha amach sa Bheartas, níl sé praiticiúil gach coinbhleacht leasa a sheachaint. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go n aithnítear agus go maolaítear coinbhleachtaí leasa iarbhír agus braite mar is iomchuí.
Leis an gcuid seo, leagtar amach na céimeanna nach mór don fhoireann a leanúint má shainaithníonn sí coinbhleacht leasa nó coinbhleacht leasa bhraite. Leagtar amach inti freisin na tacaíochtaí atá ar fáil don fhoireann má thagann ceisteanna chun cinn.
Nós imeachta chun measúnú agus tuairisciú a dhéanamh ar choinbhleacht leasa iarbhír nó bhraite
- Má shainaithníonn comhalta foirne coinbhleacht leasa nó coinbhleacht leasa bhraite, ba cheart dó nó di fógra a thabhairt dá bhainisteoir nó dá bainisteoir líne faoi sin. I gcás inarb iomchuí, ba cheart dó nó di fógra a thabhairt freisin don duine atá freagrach as an ábhar lena mbaineann an choinbhleacht.
- Ba cheart don chomhalta foirne teacht ar chomhaontú lena bhainisteoir nó lena bainisteoir líne maidir leis na céimeanna iomchuí chun an choinbhleacht leasa nó an choinbhleacht leasa bhraite a mhaolú i gcomhréir le cuid 6.1 den Chód. Mar chuid de sin, is féidir go n áireofar céimeanna amhail tarraingt siar ó aon chruinnithe ag a bhfuil an t ábhar á bhreithniú nó gan aon mholtaí a dhéanamh don Choimisiún nó do chomhaltaí foirne eile i ndáil leis an ábhar.
- Déanfaidh an comhalta foirne an choinbhleacht nó an choinbhleacht bhraite, agus na céimeanna maolaitheacha atá á nglacadh aige nó aici, a thaifeadadh. Ba cheart cóip den doiciméad a sholáthar don Rúnaíocht.
- Cláróidh an Rúnaíocht an nochtadh i gclár rúnda. Tá rochtain ar an gclár srianta do chomhaltaí den Ghrúpa Coinbhleachtaí Leasa agus do Choimisinéirí eile ar bhonn riachtanas eolais diongbháilte agus i gcomhréir le haon nósanna imeachta is infheidhme arna mbunú ag an gCoimisiún chun na críche sin.
Comhairle agus tacaíocht
Mura bhfuil comhalta foirne nó a bhainisteoir nó a bainisteoir líne cinnte i dtaobh
- cé acu is ann nó nach ann do choinbhleacht leasa nó coinbhleacht leasa bhraite, nó
- cé acu atá nó nach bhfuil an choinbhleacht nó an choinbhleacht bhraite maolaithe go hiomchuí nó go hiomlán aige nó aici, féadfaidh an comhalta foirne agus/nó a bhainisteoir nó a bainisteoir an t ábhar a tharchur chuig an nGrúpa Coinbhleachtaí Leasa lena bhreithniú a fháil agus le tuilleadh comhairle a fháil ina leith
An Grúpa Coinbhleachtaí Leasa
Comhordaíonn an Rúnaíocht an Grúpa Coinbhleachtaí Leasa, rud atá comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- Beirt Choimisinéirí, agus
- An Príomhoifigeach Oibriúcháin,
- Stiúrthóir na nDaoine agus na Forbartha Eagraíochta, agus
- Stiúrthóir Rúnaíocht an Choimisiúin.
Tá an córam le haghaidh chruinnithe an Ghrúpa cothrom le triúr comhaltaí, atá comhdhéanta den bheirt chomhaltaí is Coimisinéirí agus de dhuine amháin, ar a laghad, de na comhaltaí eile.
In imthosca ina bhfuil an grúpa Coinbhleachtaí Leasa den tuairim, tar éis staid a bhreithniú, nach ann d’aon choinbhleacht leasa sa staid sin ach gur ann do choinbhleacht leasa bhraite, le linn comhairle a sholáthar don bhainisteoir líne agus don chomhalta foirne, áireoidh an grúpa Coinbhleachtaí Leasa leibhéal iomchuí treorach agus suaimhnis don chomhalta foirne ina chuid comhairle. In imthosca iomchuí féadfaidh an Grúpa Coinbhleachtaí Leasa comhairle a chur ar chomhalta foirne gurb amhlaidh, de dheasca coinbhleacht leasa bhraite, gur cheart don chomhalta foirne céimeanna iomchuí a ghlacadh chun an comhalta foirne agus an Coimisiún a chosaint ar thrácht nó dúshlán diúltach trí chéim ar gcúl a thabhairt ó bheith rannpháirteach in aon phróiseas cinnteoireachta. Má sholáthair an Grúpa Coinbhleachtaí Leasa an chomhairle sin, féadfar an comhalta foirne a chur ar a shuaimhneas nó ar a suaimhneas nach dtugtar le fios ar aon bhealach leis an gcomhairle sin gur iompair an comhalta foirne é nó í féin, nó go n iompródh sé nó sí é nó í féin, go míchuí ar aon bhealach.
Féadfaidh an Grúpa Coinbhleachtaí Leasa, ó thráth go céile, treoir ghinearálta a sholáthar d’fhoireann an Choimisiúin i leith ábhair ar coinbhleachtaí leasa iad, nó nach ea.
Achomhairc
Tá an ceart ag comhalta foirne nó ag a bhainisteoir líne nó ag a bainisteoir líne comhairle nó cinneadh an Ghrúpa Coinbhleachtaí Leasa a achomharc.
Tá an Grúpa Achomharc comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:
- An Cathaoirleach Feidhmiúcháin, agus,
- Coimisinéir breise amháin, nó
- na Coimisinéirí uile eile
mar a mheasann an Cathaoirleach Feidhmiúcháin is gá.
Ba cheart achomhairc a dhéanamh i scríbhinn chuig an gCathaoirleach Feidhmiúcháin agus a chóipeáil chuig Stiúrthóir Rúnaíocht an Choimisiúin.
An próiseas um fhógra a thabhairt do Choimisinéirí nó sainchomhairleoirí/comhairleoirí seachtracha
De ghnáth:
- ba cheart do Choimisinéir coinbhleacht nó coinbhleacht bhraite a nochtadh do gach duine de na Coimisinéirí eile;
- ba cheart do shainchomhairleoir nó comhairleoir coinbhleacht nó coinbhleacht bhraite a nochtadh don duine dar sannadh iad chun tuairisciú a dhéanamh.
- maidir leis an duine dá ndéantar nochtadh, de ghnáth, i gcás nach bhfuil sé nó sí (ar aon chúis) ar fáil ná oiriúnach chun nochtadh den sórt sin a fháil, ní mór an nochtadh a dhéanamh do Rúnaí an Choimisiúin.