Coimisiún na Meán

Bunaíodh Coimisiún na Meán i gcomhréir leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 agus muid ag féachaint chuige gur ann do thírdhreach ar-líne agus meán atá bisiúil, éagsúil agus sábháilte.

Teachtaireacht ó na Coimisinéirí

Fáilte chuig Coimisiún na Meán – coimisiún nua na hÉireann chun craoltóirí agus na meáin ar líne a rialáil, agus chun tacú le forbairt na meán.

Tógfaidh ár gcuid oibre ar Údarás Craolacháin na hÉireann, a bhfuil a fhoireann agus a fhreagrachtaí aistrithe chuig Coimisiún na Meán.

Táimid tiomanta do thírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte a chinntiú ar líne agus sna meáin. Ciallaíonn sé seo meascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí nuachta éagsúla. Ciallaíonn sé seo leanaí agus gach duine againn a chosaint ó ábhar díobhálach.

 

Jeremy Godfrey Executive Chairperson Celene Craig Broadcasting Commissioner Niamh Hodnett Online Safety Commissioner Rónán Ó Domhnhaill Media Development Commissioner

 

Áireofar ar obair Choimisiún na Meán:

  • Córas rialála nua a bhunú le haghaidh sábháilteachta ar líne.
  • Seirbhísí craolacháin agus seirbhísí ar éileamh a rialáil
  • Tacú le forbairt earnáil na meán i gcoitinne le scéimeanna maoinithe, mar aon le tionscnaimh chun an Ghaeilge agus litearthacht sna meáin a chur chun cinn, chomh maith le comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú in earnáil na meán.

Sna seachtainí amach romhainn, forbróimid ár gcéad chlár oibre agus roinnfimid libh é nuair a bheidh sé réidh.

Téann seirbhísí ar líne thar theorainneacha, mar sin oibreoimid go dlúth lenár gcomhghleacaithe i stáit eile an AE agus leis an gCoimisiún Eorpach. Beidh ról ceannasach ag Coimisiún na Meán mar gur in Éirinn atá a gceanncheathrú Eorpach ag go leor de na gnólachtaí móra ar líne.

Tá meáin chraolta agus ar líne atá ag feidhmiú i gceart riachtanach do chearta bunúsacha gach duine i sochaí dhaonlathach. Táimid ag tnúth le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad chun leasa daoine in Éirinn agus ar fud na hEorpa.

Cuireann an suíomh gréasáin seo roinnt eolais tosaigh ar fáil faoi Choimisiún na Meán. Cuirfear suíomh gréasáin iomlán ina áit in am trátha. Idir an dá linn, tá eolas maidir le rialachán craolacháin in Éirinn ar fáil fós ar www.bai.ie.

Is muide, le meas,

Jeremy Godfrey

Cathaoirleach Feidhmiúcháin

Celene Craig

Coimisinéir Craolacháin

Niamh Hodnett

Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne

Rónán Ó Domhnaill

Coimisinéir Forbartha na Meán

Coimisiún na Meán

15ú Márta 2023