Teagmháil

Má tá tú i mbaol láithreach, nó faoi thacaíocht éigeandála nó ghéarchéime ag teastáil uait, téigh go dtí ár leathanach faoi Tacaíocht ghéarchéime le do thoil.

Teanga Chomharthaíochta na hÉireann: Oibrímid leis an “Irish Remote Interpreting Service (IRIS)” chun eolas a chur ar fáil do dhaoine a úsáideann Teanga Chomharthaíochta na hÉireann. Má tá ateangaire ag teastáil uait, seol ríomhphost go [email protected] le do thoil, chun coinne a shocrú.

An Creat Sábháilteachta ar Líne – Seirbhísí Digiteacha

Chun tuairisc faoi Seirbhísí Digiteachta a thabhairt dúinn faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne, bain úsáid as ár leathanach tuairiscithe le do thoil.

Craoltóireacht & Físeán ar Éileamh

Má tá tú buartha faoi ábhar craolta atá feicthe nó cloiste agat, nó a cuireadh ar fáil ar sheirbhís físeáin ar éileamh, déan gearán.

Fiosruithe Ginearálta

Líon isteach an fhoirm thíos chun fiosrú ginearálta a chur isteach le do thoil.

Tá sé mídleathach ábhar mí-úsáid gnéis leanaí, nó aon ábhar gaolmhar, a tháirgeadh, a dháileadh, a scaipeadh nó a roinnt, naisc agus URLanna san áireamh, de réir an tAcht um Thrádáil Leanaí agus um Phornagrafaíocht Leanaí, 1998, arna leasú. Mar sin de, ná roinn aon ábhar den sort sin le Coimisiún na Meán faoi aon chúinsí.

Ionad Teagmhála

An Phríomh-Oifig Chorparáideach

  • Fón: +353 1 644 1200
  • Ríomhphost: [email protected]
  • Seoladh: Coimisiún na Meán, 1 Áras Shíol Bhroinn, Bóthar Shíol Bhroinn, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20, Éire.

Tá teacht ar ár bPríomh-Oifig go héasca ar bhus, ar traein agus ar rothar.

Ag rothaíocht go dtí 1 Áras Shíol Bhroinn:

  • Tá áit pháirceála rothar ar fáil do chuairteoirí ar an láthair.
  • Déan teagmháil linn roimh ré le do thoil chun sonraí páirceála a fháil.
  • Tá teannaire rothair agus fearas deisiúcháin ar fáil do chuairteoirí, má tá sé á teastáil.
  • Déan tagairt ar d’aip léarscáileanna chun an bealach is fearr duit féin a aimsiú.
  • Tá stáisiún “Dublin Bikes” suite ar Sráid na Bearú (siúlóid 12 nóiméad).

Chun 1 Áras Shíol Bhroinn a shroicheadh ar Bhus Átha Cliath:

Is iad na stadanna bus is giare ón Áras Shíol Bhroinn ná:

  • Bóthar Lansdún (siúlóid 5 nóiméad)
  • Baile Átha Cliath, Droichead na Dothra, Bóthar Mhuirfean, RDS (siúlóid 6 nóiméad)
  • RDS Droichead na Dothra (siúlóid 6 nóiméad)
  • Ambasáid an Mheiriceá (siúlóid 7 nóiméad)
  • Páirc Lansdún (siúlóid 8 nóiméad)

Ar an traein:

Is iad na stáisiúin DART is giare ón Áras Shíol Bhroinn ná:

  • Bóthar Lansdún (siúlóid 5 nóiméad)
  • Dumhach Thrá (siúlóid 16 nóiméad)
  • Dug na Canálach Móire (siúlóid 16 nóiméad)

Ar an Luas:

  • An stop ar an Luas Líne Uaine is giare ná: Dáisin (siúlóid 34 nóiméad)
  • An stop ar an Luas Líne Dhearg is giare ná: Ioasta na Rinne (siúlóid 34 nóiméad)

Le Tacsaí:

  • Má tá tú ag baint usáid as tacsaí, seo é an seoladh: Coimisiún na Meán, 1 Áras Shíol Bhroinn, Bóthar Shíol Bhroinn, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20
  • Molaimid “Tacsaí Glas” a roghnach do chuairteoirí agus do sholáthraithe (má tá siad ar fáil)

Ceisteanna ó na Meáin

Is féidir aon cheist/iarratas ó na Meáin a sheoladh chugainn ag [email protected].