Leanaí & daoine óga

Mar rialtóir na meán in Éirinn, tá Coimisiún na Meán freagrach as ucht meáin atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialáil. Fágann sé seo nach mór meascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí éagsúla nuachta a bheith sna meáin in Éirinn. 

Is é post an Choimisiúin freisin a sheiceáil go mbíonn craoltóirí, soláthraithe físeáin ar éileamh agus ardáin ar líne ag leanúint na rialacha agus na gcód atá leagtha síos dóibh. 

Tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún maidir le do chearta a chosaint ar líne. A bhuí le  Creat Sábháilteachta Ar Líne an Choimisiúin, tá rialacha ann anois chun a chinntiú go gcosnaítear leanaí agus daoine fásta ar ábhar díobhálach nó mídhleathach ar líne.

An bhfuil cabhair ag teastáil uait chun ábhar díobhálach nó mídhleathach a thuairisciú ar líne?

Tá sé tábhachtach ábhar mídhleathach nó díobhálach a thuairisciú chuig an ardán ina bhfaca tú é i gconaí. D’fhorbraíomar treoracha mionsonraithe d’ardáin éagsúla maidir le conas ábhar mídhleathach agus díobhálach a thuairisciú.