Gach Nuacht

Foilsíonn Coimisiún na Meán treoirlínte nuashonraithe maidir le clúdach craolacháin  toghchán

Foilsithe ar

30,04,2024

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán a Threoirlínte inniu (30.4.24) maidir le Clúdach Craolacháin Toghchán. Tugtar treoir agus comhairle do chraoltóirí sna Treoirlínte maidir le conas is féidir cothroime, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a bhaint amach ina gclúdach ar thoghcháin.

Tá na Treoirlínte á bhfoilsiú roimh na Toghcháin Eorpacha agus Áitiúla agus roimh an toghchán do Mhéara díreach tofa Luimnigh, atá sceidealta a bheith ar siúl ar an 7 Meitheamh seo chugainn. Tagann na Treoirlínte i bhfeidhm ón Máirt an 7 Bealtaine 2024 agus tá feidhm acu maidir le clúdach na dtoghchán go dtí go ndúnfar na stáisiúin vótaíochta an 7 Meitheamh 2024.

Leagtar béim sna Treoirlínte ar chuir chuige éagsúla a d’fhéadfaí a ghlacadh maidir le leithdháileadh am aeir chun iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta a chumhdach chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le ‘domhainbhrionnuithe’. Coinnítear forálacha atá ann cheana a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, leis an toirmeasc ar fhógraíocht pholaitiúil agus le clúdach pobalbhreitheanna.

I measc na nithe eile a dtugtar aghaidh orthu tá ionchuir ar an aer trí na meáin shóisialta agus toirmeasc ar chraoltóirí agus ar láithreoirí a spreagann éisteoirí nó lucht féachana chun vótáil i bhfabhar nó in aghaidh aon toraidh ar leith sna toghcháin. Spreagann na Treoirlínte craoltóirí chun réimse guthanna agus tuairimí a áireamh ina gclúdach, lena n-áirítear meascán de thuairimí a léiríonn éagsúlacht chultúrtha inscne agus shóisialta.

Ag labhairt dó faoi fhoilsiú na dTreoirlínte, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán Choimisiún na Meán: “Tá ról tábhachtach agus luachmhar ag craoltóirí maidir le heolas faoi thoghcháin a chur in iúl do phobal na hÉireann. Baintear é sin amach trí chlúdach atá cruinn, cothrom, oibiachtúil agus neamhchlaonta.

“Coinníonn na Treoirlínte an moratóir ar chlúdach toghcháin. Iarrtar leis seo ar chraoltóirí clúdach na dtoghchán a theorannú ó 2pm ar an lá roimh thoghchán nó reifreann agus fanann sé i bhfeidhm go dtí go ndúnfar na pobalbhreitheanna ar lá an toghcháin nó an reifrinn (10in).

“Nuair a rinneadh an t-athbhreithniú reachtúil ar an gCód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht i gCláir Nuachta agus Cúrsaí Reatha, a sholáthraíonn an bonn do na Treoirlínte, in 2022, d’iarr páirtithe leasmhara an tionscail go follasach go gcuirfí deireadh leis an moratóir agus bhí tuairimí measctha ag páirtithe leasmhara poiblí maidir lena choinneáil nó lena bhaint.  Ag féachaint do na torthaí sin, tá Coimisiún na Meán tiomanta d’athbhreithniú a dhéanamh ar an moratóir craolacháin sa dara leath den bhliain seo, lena n-áirítear tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí. Tá sé beartaithe an t-athbhreithniú seo a chur i gcrích agus Treoirlínte nuashonraithe a fhoilsiú a dhéileálann leis an moratóir i Ráithe 4 2024, má tá údar leis an athbhreithniú.”

  • Na Treoirlínte Maidir le Clúdach Toghchán ar fáil le híoslódáil anseo
     
  • An Cód maidir le Cothroime, Oibiachtúlacht agus Neamhchlaontacht ar fáil le híoslódáil anseo