FORBAIRT NA MEÁN

  • Reáchtálaimid scéimeanna maoinithe chun tacú le forbairt ábhair do lucht féachana agus éisteachta Éireannach a léiríonn agus a mhúnlaíonn sochaí na hÉireann. Áirítear leis seo: 
  • An scéim Fuaim & Fís.
  • Dhá scéim iriseoireachta nua, agus,
  • Scéim cartlannaithe. 
  • Cuirimid chun cinn agus tacóimid le hábhar Gaeilge do lucht féachana agus éisteachta Éireannach. 
  • Reáchtálaimid gníomhaíochtaí forbartha mean a bhíodh á reáchtáil ag ÚCÉ, lena n-áirítear Clár Forbartha Earnálach a chur i bhfeidhm; tionscnaimh chun forbairt a dhéanamh ar litearthacht sna meáin a chuideoidh le lucht féachana agus éisteachta agus úsáideoirí ar líne na meáin atá á n-úsáid acu a thuiscint agus a scagadh go criticiúil; maoirsiú a dhéanamh ar bhearta chun comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú sna meáin a chur chun cinn ina cheann ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a chur chun cinn sna meáin.