Cairt um Sheirbhís do Chustaiméirí

Mar eagraíocht earnála poiblí, tá Coimisiún na Meán tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar do shaoránaigh agus is é is aidhm dó é sin a dhéanamh leis an gCairt um Sheirbhís do Chustaiméirí (“An Chairt”) a chur chun feidhme.

Réamhrá

Leagtar amach caighdeáin na seirbhíse sa Chairt seo is féidir a bheith ag súil le fáil uainn, mar bhall den phobal agus mar bhall foirne Choimisiún na Meán araon. Baineann an Chairt seo go sonrach le conas a phléimid leat, agus ár n-iompar le linn an phlé sin. Leagtar amach ár dtiomantais sa Chairt agus sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí  faoi gach ceann de na 12 Threoirphrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus conas a dhéanfaimid baint amach na dtiomantas sin a mheas agus conas a rachfar i gcomhairle i dtaobh an mhéid sin.

Cé muid féin agus céard a dhéanaimid

Bunaíodh Coimisiún na Meán maidir le forálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 (“Acht OSMR, 2022”). Achtaíodh Acht OSMR, 2022 an 10 Nollaig 2022. Le hAcht OSMR, 2022 leasaíodh an tAcht Craolacháin, 2009 chun Coimisiún na Meán a bhunú, le héifeacht ón 15 Márta 2023, agus Údarás Craolacháin na hÉireann (“BAI”) a dhíscaoileadh.

I dteannta feidhmeanna BAI a dhéanamh mar an rialálaí craolacháin in Éirinn, tá Coimisiún na Meán le creat rialála a bhunú le haghaidh sábháilteachta ar líne, agus an rialachán maidir le craoltóireacht teilifíse agus seirbhísí closamhairc ar éileamh a nuashonrú, agus an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc a aistriú isteach i ndlí na hÉireann.

Is iad seo a leanas príomhfhreagrachtaí na heagraíochta:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.

An méid is féidir lenár gcustaiméirí a bheith ag súil leis

Gan beann ar an modh teagmhála, tá sé mar aidhm againn a chinntiú go bhfaigheann gach ball den phobal freagra gairmiúil, pras, béasach. Smaoineoimid i gcónaí ar riachtanais bhaill den phobal agus ár gcúraimí á ndéanamh againn, agus ní bhainfear leas as teanga dlí nó theicniúil ach amháin nuair is gá. Soláthraímid ár gcuid seirbhísí i gcomhréir leis na 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí le haghaidh Chustaiméirí agus Chliaint na Seirbhíse Poiblí, tá tuilleadh sonraí faoinár nósanna imeachta faoi na prionsabail sin leagtha amach sa phlean ghníomhaíochta a ghabhann leis. Is féidir le baill den phobal dul i dteagmháil linn ar réimse bealaí mar atá leagtha amach thíos

Teileafón

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar an uimhir theileafóin atá ar an leathanach Teagmhála.

  • Freagróimid do ghlaoch fóin chomh luath agus is féidir.
  • Beimid béasach, cabhrach, agus déanfaimid iarracht faisnéis shoiléir, chruinn a thabhairt do ghlaoiteoirí.

Cé go dtuigimid gur seans go bhfuil deacrachtaí ag páirtithe leasmhara atá ag glaoch orainn nó go bhfuil strus orthu, má éiríonn glaoiteoirí drochídeach, maslach nó ionsaitheach i dreo ball foirne le linn glaoch teileafóin, cuirfidh an ball foirne in iúl don ghlaoiteoir go gcuirfear deireadh leis an nglaoch má leantar leis an iompar sin.

Déanfaimid iarracht gach ceist a chuirtear a fhreagairt, ach más ceist chasta í, seans go mbeidh ort í a chur i scríbhinn ionas gur féidir linn athbhreithniú a dhéanamh uirthi agus freagra cuimsitheach, meáite a thabhairt.

Más gá duit labhairt le duine ar leith nach bhfuil ar fáil, cuirfimid é sin in iúl duit agus tabharfar an rogha duit teachtaireacht a fhágáil don duine sin. Nó, más fearr leat, is féidir leat labhairt le ball foirne eile.

Scríobh

  • An bealach is éifeachtaí chun dul i dteagmháil linn is ea ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] .
  • Léifear ríomhphoist agus litreacha gach lá le linn gnáthuaireanta oibre Luan go hAoine (9am-5.00pm), seachas laethanta saoire poiblí.
  • Caithfear go cúirtéiseach leat agus léireofar meas ort i ngach comhfhreagras scríofa.
  • Agus ríomhphost faighte againn ar [email protected] cuirfimid an chéad fhreagra chugat agus sa chás nach freagra iomlán é, luafaimid tréimhse tháscach ina bhfaighidh tú freagra iomlán uainn. Ní féidir linn tréimhse a lua le húsáideoirí a chuir ceisteanna agus gearáin isteach.

Ar an Láthair

  • Tá gá le cead a fháil i dtosach chun cruinniú a eagrú ar an láthair, ba cheart iarratais a chur isteach ar ríomhphost nó ar an bhfón leis na sonraí teagmhála thíos. Ní ghlactar leis go bhfuil sé de chead ag an bpobal bualadh le baill foirne, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an té a chuir an t-iarratas isteach maidir leis an modh cumarsáide is oiriúnaí chun tacú leis an gcustaiméir.
  • Buailimid leat in am le haghaidh cruinnithe agus coinní sceidealaithe.
  • Cinnteoimid go dtugtar príobháideachas agus discréid do gach cuairteoir agus é i mbun plé leis na gCoimisiún.
  • Cinnteoimid go bhfuil ár n-oifigí inrochtana agus go gcloítear le gach caighdeán Sláinte agus Sábháilteachta iontu.

Gealltanais do chustaiméirí

Maidir leis an leibhéal seirbhíse is féidir a bheith ag súil leis nuair a théann tú i dteagmháil linn nó nuair a thugann tú cuairt orainn, déanfaimid an méid seo a leanas:

  • Caithfear leat go cóir, le cúirtéis agus meas.
  • Cinnteofar go bhfuil ár gcuid seirbhísí go hiomlán inrochtana.
  • Rachfar i mbun plé i nGaeilge, nuair a iarrtar é sin.
  • Cuirfear na caighdeáin is airde ionracais i bhfeidhm.
  • Beifear oscailte, comhairleach agus éistfear le, agus smaoineofar ar, thuairimí daoine eile.
  • Cothófar muinín an phobail trí sheirbhís ardchaighdeáin agus dea-chumarsáid.

Gearáin ó chustaiméirí

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh mura mbaineann an caighdeán seirbhíse a sholáthraímid an caighdeán atá leagtha amach sa Chairt nó sa phlean gníomhaíochta seo amach. Bain úsáid, le do thoil, as an bhFoirm Ghearáin ag bun na Cairte agus an Phlean Ghníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméir (Aguisín A) nó téigh i dteagmháil chun Foirm Ghearáin a fháil. Tá na sonraí uilig a bhaineann lenár nós imeachta um ghearáin ó chustaiméirí agus lenár bpróiseas achomhairc sa Chairt agus Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí

Cabhraigh linn cabhrú leat

Is mór againn do thuairim agus is mór againn an t-am a glacadh ár n-aird a thabhairt ar mholadh ar bith. Má tá tuairim nó moladh ar bith agat maidir le conas is féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhís, cuir ar ríomhphost iad le do thoil chuig [email protected].

Cabhraigh linn cabhrú leat ach plé lenár bhfoireann ar bhealach measúil. Ní ghlacfar le hiompar drochídeach, bagrach nó maslach i gcás ar bith agus glacfar na céimeanna cuí chun ár bhfoireann a chosaint má tharlaíonn sé sin.

Monatóireacht agus meastóireacht

Déantar monatóireacht agus meastóireacht ar ár bhfeidhmíocht seirbhíse do chustaiméirí bunaithe ar na 12 Phrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí agus ar ár dtiomantais mar atá leagtha amach inár bPlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí. Beidh líon na ngearán a fhaighimid inár dtuarascáil bhliantúil.

Conas teagmháil a dhéanamh linn

Príomhtheagmhálaithe

An tIonad Comhairle: + 353 1 963 7755 | [email protected]

Luan – Aoine, 8am – 6pm

Suíomh Gréasáin: www.cnam.ie/ga

Teagmhálaithe eile

*De bhun Chuid 3, Alt 26(2) den Acht um Míchumas, 2005, tá ceangal ar an gCoimisiún Oifigeach Rochtana a cheapadh chun cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas chun rochtain a fháil ar a chuid seirbhísí. Toisc nár earcaigh an Coimisiún Oifigeach Rochtana go fóill, déanann Foireann Rialachais an Choimisiúin monatóireacht ar na seoladh ríomhphoist seo, a rachaidh i ngleic le haon cheist nó a chuirfidh ar aghaidh chuig an duine ábhartha í de réir mar is cuí.