Cód Iompair
Bunaíodh Coimisiún na Meán (“an Coimisiún”) in 2003, de thoradh fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 (“Acht OSMR, 2022”). Leis an Acht, leasaíodh an tAcht Craolacháin 2009 chun Coimisiún na Meán a bhunú agus Údarás Craolacháin na hÉireann a dhíscaoileadh.
An nuashonrú is Déanaí: Samhain 20225. Leagan 1.0
I dteannta tabhairt faoi fheidhmeanna Údarás Craolacháin na hÉireann mar an rialálaí chun craoladh a dhéanamh in Éirinn, tá an Coimisiún freagrach as an gcreat rialála le haghaidh sábháilteacht ar líne, rialáil seirbhísí ar éileamh agus closamhairc ar líne, agus as tacú le hearnáil na meán agus as í a fhorbairt in Éirinn.
Tá an Coimisiún tiomanta don tacar prionsabal agus caighdeáin iompair is airde go hinmheánach agus le linn a bheith ag plé leis an bpobal agus lenár bpáirtithe leasmhara araon. Gníomhóimid ar bhealach atá comhsheasmhach lenár luachanna eagraíochtúla: Iontaoibh, Tionchar, Dírithe ar Dhaoine, Neamhspleáchas, Ionracas agus Misneach. Féachaimid le muinín agus iontaoibh a chur chun cinn san eagraíocht ionas gur féidir linn ár bhfís eagraíochtúil a bhaint amach go héifeachtach le haghaidh tírdhreach meán atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, slán agus iontaofa.
D’fhorbair an Coimisiún an Cód Iompair Gnó seo (“an Cód seo”) i leith rialuithe ar leasanna agus iompar eiticiúil. Leis an gCód seo, cuirtear san áireamh forálacha an Achta Craolacháin 2009 arna leasú, chomh maith leis na forálacha breise i leith coinbhleachtaí leasa (agus ábhair ghaolmhara) a sheachaint, forálacha a moladh sa Scéim Ghinearálta den Bhille Craolacháin (Leasú).
D’fhormheas an Coimisiún an Cód i mí Iúil 2025. Tá cóip den Chód ar fáil arna iarraidh sin.
Raon Feidhme
Tá feidhm ag an gCód seo maidir leo seo a leanas:
- comhaltaí foirne uile an Choimisiúin, lena n áirítear Coimisinéirí,
- daoine atá ar iasacht chun oibriú sa Choimisiún nó atá fostaithe trí ghníomhaireacht fostaíochta,
- sainchomhairleoirí agus comhairleoirí atá fostaithe ag an gCoimisiún chun cúnamh a thabhairt don eagraíocht i bhfeidhmiú a feidhmeanna.
Cuspóir
Is iad seo a leanas cuspóirí an Chóid:
- tacar de chaighdeáin, prionsabail eiticiúla agus oibleagáidí a bhunú lena rialófar an bealach ina ndéanfaidh foireann an Choimisiúin a ghnó;
- treoir a sholáthar don fhoireann uile i bhfeidhmiú a cuid feidhmeanna agus dualgas;
- muinín agus iontaoibh laistigh den Choimisiún agus le páirtithe leasmhara araon a chur chun cinn agus a choinneáil ar bun;
- aon choinbhleachtaí leasa féideartha a chosc le haghaidh duine ag a bhfuil feidhmeanna á bhfeidhmiú thar ceann an Choimisiúin;
- foráil a dhéanamh maidir le hábhair lena n áirítear nochtadh leasanna arna dhéanamh ag cinnteoirí sinsearacha agus cosaint rúndachta i leith fheidhmiú fheidhmeanna an Choimisiúin;
- a áirithiú go gcloífear le caighdeáin iomchuí i leith fáilteachas arna thairiscint ag páirtithe
seachtracha.
Is éard atá sa Chód dearbhú ar ár gcuid luachanna eagraíochtúla agus iompar gaolmhar i ngach gné de ghnó an Choimisiúin. Leagtar amach ann na beartais agus na nósanna imeachta atá deartha chun go n áiritheofar comhlíonadh, ach ní hamháin sin, chun ardchaighdeáin rialachais agus cleachtais eiticiúil a thaispeáint.
Is éard is aidhm don Choimisiún a chuid neamhchlaontachta a chosaint gach tráth trí choinbhleachtaí leasa a bhainistiú nó a sheachaint go gníomhach. Tagann coinbhleacht leasa iarbhír chun cinn nuair a thagann leasanna pearsanta, naisc nó gníomhaíochtaí comhalta foirne salach ar a dhualgais nó a dualgais sa Choimisiún. Tagann coinbhleacht leasa bhraite chun cinn nuair a d’fhéadfadh tríú páirtí a bhrath le réasún go bhféadfadh leasanna pearsanta, naisc nó gníomhaíochtaí comhalta foirne (ag féachaint do leas, naisc nó gníomhaíochtaí an chomhalta foirne agus d’obair an Choimisiúin) teacht salach go hábhartha ar dhualgais an chomhalta foirne mar a leagtar amach ina chonradh nó ina conradh fostaíochta. Tá feidhm ag creat an Choimisiúin chun coinbhleachtaí leasa a bhainistiú maidir le coinbhleachtaí iarbhír agus braite araon.
Níl sé praiticiúil gach coinbhleacht leasa a sheachaint. Ina ionad sin, is é an cuspóir atá ann a áirithiú go ndéanfar na coinbhleachtaí iarbhír agus braite uile a shainaithint go pras agus a mhaolú le bearta atá comhréireach le déine na coinbhleachta. Go bunúsach, ba cheart don fhoireann uile feasacht leanúnach a choinneáil ar bun ar an bhféidearthacht go dtiocfadh coinbhleacht leasa chun cinn. I gcás ina sainaithneofar imthosca as a bhféadfaidh coinbhleacht teacht, ní mór don chomhalta foirne an chomhairle iomchuí a lorg óna bhainisteoir nó óna bainisteoir nó ón bhFeidhm Riosca/Rialachais.
Níor cheart d’aon chomhalta foirne cinneadh aontaobhach a dhéanamh faoi conas coinbhleacht a bhainistiú, ós rud é go mbeidh an bhraistint atá aige nó aici i leith an cháis suibiachtúil, ar ndóigh. Leagtar amach go mion thíos mionsonraí ar an méid a d’fhéadfaí a mheas a bheith ina choinbhleacht leasa. Tá ceanglais shonracha ag baint le cineálacha áirithe coinbhleachtaí leasa agus tá feidhm acu maidir le foireann shonrach, agus leagtar amach thíos iad.
Ár gcuid luachanna
Lenár gcuid luachanna, cinntear ár gcultúr agus na caighdeáin faoina bhfuilimid cuntasach. Leagtar amach leo na hiompair a gcloímid leo ar bhonn laethúil. Seo a leanas luachanna an Choimisiúin:
Iontaoibh
- Déanaimid ár gcáil mar rialálaí iontaofa a shaothrú agus a chosaint.
- Cothaigh creidiúnacht trí shaineolas agus inniúlacht a léiriú.
- Bí comhsheasmhach, cóir, agus cothrom i gcinntí agus i mbeartais.
- Cuir gealltanais i gcrích agus bí iontaofa.
- Úsáid focail shoiléire shimplí agus aghaidh á tabhairt ar riachtanais agus ábhair imní páirtithe leasmhara, seachas dul i muinín teanga dhlíthiúil agus tagairtí dlíthiúla.
Tionchar
- Déanaimid ár dtionchar a uasmhéadú trí thorthaí a sholáthar lena ndéantar difear dearfach.
- Bí soiléir maidir leis an toradh inmhianaithe atá uainn agus don phobal sula gcinnimid ar chur chuige.
- Leag amach spriocanna soiléire, ansin déan torthaí a thomhas agus a mheas.
- Foghlaim ó theipeanna, bí ionraic agus trédhearcach faoinar oibrigh go maith agus faoinar féidir a fheabhsú.
Neamhspleáchas
- Táimid neamhchlaonta, agus cuirimid leas an phobail i gcroílár a ndéanaimid.
- Bí neamhchlaonta trí éisteacht le páirtithe leasmhara le linn a bheith oibiachtúil i gcónaí agus sonraí a cheistiú.
- Bí trédhearcach agus oscailte, agus an réasúnaíocht agus an fhianaise laistiar de chinntí á dtaispeáint
- Glac úinéireacht ar chinntí, fiú nuair a dhéantar cáineadh orthu.
Misneach
- Níl eagla orainn rioscaí a ghlacadh agus dúshlán a thabhairt don status quo chun tírdhreach na meán a athrú chun feabhais.
- Bí fiosrach faoinár gceisteanna, smaoinigh go criticiúil agus tabhair dúshlán cuiditheach.
- Glac le hathruithe trí bhealaí níos fearr a lorg chun rudaí a dhéanamh agus bealach a dhéanamh trí dhébhríocht le chéile.
- Déan measúnú ar riosca agus déan cinntí eolasacha.
Dírithe ar Dhaoine
- Déanaimid an chuid is fearr dár gcuid oibre trí mheas a léiriú ar a chéile agus ar ár bpáirtithe leasmhara agus trí bheith ag oibriú le chéile.
- Déan teagmháil le páirtithe leasmhara, ag éisteacht ar bhealach measúil chun na torthaí is fearr don phobal a chinntiú.
- Tabhair tosaíocht don ionchuimsitheacht trí bheith oscailte don luach a chothaítear leis an éagsúlacht, agus trína chinntiú go bhfuil ár seirbhís inrochtana do chách.
- Tacaigh le cách a sheacht ndícheall a dhéanamh trí inniúlacht a fhorbairt agus folláine a chosaint.
Ionracas
- Cloímid leis na caighdeáin eiticiúla is airde.
- Gníomhaigh i gcónaí de mheon macánta agus labhair amach lena chinntiú go gcloífear lenár luachanna.
- Bí ionraic agus oscailte i ngach idirghníomhaíocht.
- Déan an ceart i gcónaí agus bí trédhearcach sa mhéid a dhéanaimid agus sa chaoi a ndéanaimid é.
Prionsabail ghinearálta
Tá an Coimisiún tiomanta dá ghníomhaíocht a sheoladh i gcomhréir lena shainchúram reachtúil agus leis an reachtaíocht ábhartha uile, agus trí cinn de phrionsabail bhunúsacha á n urramú:
- ionracas;
- iontaoibh; agus,
- cothroime.
Is é dualgas an uile dhuine lena mbaineann an Cód seo na caighdeáin iompair agus eitice gnó is airde a chomhlíonadh. Ní mór éifeacht phraiticiúil a thabhairt do phrionsabail an ionracais, na hiontaoibhe agus na cothroime trí na próisis, na nósanna imeachta agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chód seo. Táthar ag súil go ndéanfaidh comhaltaí foirne agus Coimisinéirí na caighdeáin a leagtar amach sa Chód seo a bhaint amach a mhéid is féidir, seachas comhlíontacht íosta nó theicniúil leis an gCód seo a bhaint amach agus sin amháin.
Ionracas
Coinbhleachtaí leasa – an fhoireann uile
- Tá sé d’oibleagáid ar an bhfoireann uile aon choinbhleacht leasa fhéideartha nó coinbhleacht leasa bhraite a nochtadh a luaithe a thagann sí ar an eolas faoi aon choinbhleacht den sórt sin.
I gcás inarb amhlaidh maidir le comhalta foirne, nó a chéile nó a céile nó a pháirtnéir sibhialta nó a páirtnéir sibhialta,- gur dócha go mbainfidh sé nó sí tairbhe as aon ábhar atá le breithniú ag an gCoimisiún, nó
- go bhfuil leas ábhartha aige nó aici in aon ghnólacht nó eagraíocht ábhartha (is éard is “gnólacht nó eagraíocht ábhartha” ann aon ghnólacht nó eagraíocht ar dócha go mbainfidh sé nó sí tairbhe as ábhar den sórt sin), déanfaidh an comhalta foirne an méid seo a leanas:
- i. roimh aon bhreithniú a dhéanamh ar an ábhar, nochtfaidh sé nó sí an fíoras sin,
- ii. ní ghlacfaidh sé nó sí páirt sa phlé arna dhéanamh ag an gCoimisiún nó ag comhaltaí foirne an Choimisiúin i ndáil leis an ábhar,
- iii. tarraingeoidh sé nó sí siar ó aon chruinniú ag a bhfuil an t ábhar á phlé agus fad a bheidh sé á phlé amhlaidh, agus ní chuirfear é nó í san áireamh le haghaidh córaim le linn aon bhreithniú den sórt sin,
- iv. ní imreoidh sé nó sí tionchar, ná ní fhéachfaidh sé nó sí le tionchar a imirt, ar chinneadh atá le déanamh i ndáil leis an ábhar, agus
- v. ní dhéanfaidh sé nó sí aon mholadh don Choimisiún nó d’aon chomhalta foirne den Choimisiún i ndáil leis an ábhar.
Aon chomhalta foirne ag a bhfuil coinbhleacht leasa i leith ábhair, níor cheart dó nó di aon fhaisnéis nó ábhair a lorg, a fháil nó (má fuair sé nó sí cheana í) a choinneáil i leith an ábhair sin.
- Aon chomhalta foirne a shainaithníonn coinbhleacht leasa bhraite, ba cheart dó nó di an t ábhar a ardú lena bhainisteoir nó lena bainisteoir líne nó le comhalta foirne iomchuí eile.
- Tá ábhair phraiticiúla maidir le nochtadh a bhaineann lena bhfuil thuas leagtha amach ag Aguisín 3.
Nochtadh leasa – Coimisinéirí agus an fhoireann shinsearach
Maidir le Coimisinéirí agus cinnteoirí sinsearacha de chuid an Choimisiúin, tá freagrachtaí tuairiscithe breise acu maidir le “nochtadh leasa” i gcomhréir le ceanglais ábhartha an Achta Craolacháin 2009 agus na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001.
Tá na freagrachtaí breise sin agus na foirmeacha freagartha teimpléid leagtha amach in Aguisín 1.
Oibleagáid chun a áirithiú nach dtiocfaidh coinbhleachtaí chun cinn
- Ní leor na coinbhleachtaí leasa atá ann cheana a nochtadh chun leibhéil iomchuí d’iompar eiticiúil a bhaint amach i measc na foirne. Ar an gcéad ásc, ba cheart do chomhaltaí foirne a áirithiú nach mbeidh leasanna seachtracha acu atá i gcoinbhleacht (nó a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht) le gníomhaíocht an Choimisiúin nó obair na gcomhaltaí foirne sin don Choimisiún.
- Go háirithe, ba cheart do gach comhalta foirne:
- a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mbeidh leas ábhartha aige nó aici i ngnólacht nó eagraíocht ábhartha; agus
- a áirithiú nach mbeidh aon leas aige nó aici in aon ábhar lena mbaineann gníomhaíochtaí rialála, forfheidhmithe nó maoiniúcháin an Choimisiúin;
mura bhfuil cineál sheirbhís an chomhalta foirne thar ceann an Choimisiúin den sórt nach bhféadfaí difear ábhartha a dhéanamh d’obair an Choimisiúin nó d’obair an chomhalta foirne sin thar ceann an Choimisiúin trí leas den sórt sin a bheith aige nó aici.
- Beidh méid an dualgais atá ar chomhalta foirne chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint ag brath ar an ról agus ar an bhfeidhm atá aige nó aici. Mar shampla, tá Coimisinéir faoi chomaoin an mhór ag an gCoimisiún go ginearálta agus tá sé an tiomanta, dá réir sin, féachaint le coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ar an taobh eile den speictream, aon choinbhleachtaí féideartha a eascraíonn as na leasanna seachtracha atá ag comhaltaí foirne cinnteoireachta neamhshinsearacha agus fostaithe sealadacha atá fostaithe le haghaidh róil shonracha nach bhfuil baint acu le feidhmeanna rialála, forfheidhmithe nó maoiniúcháin, is mó seans go mbeidh siad inbhainistithe faoi raon feidhme an Chóid seo. Is féidir, dá bhrí sin, go mbeidh níos mó scóipe ag na comhaltaí foirne sin leasanna seachtracha a choinneáil le linn thréimhse a seirbhíse leis an gCoimisiún.
Déanann Rúnaí an Choimisiúin mionsonraí ar leasanna arna nochtadh ag comhaltaí foirne a choimeád i gclár rúnda speisialta. Tá rochtain ar an gclár srianta don Chathaoirleach agus don Rúnaí. Féadfaidh siad a chinneadh rochtain ar mhionsonraí ar nochtadh ar leith a dheonú do Choimisinéirí eile nó do Bhainisteoir Líne de réir mar is ábhartha nó is gá, i bhfianaise an ábhair agus/nó an réimse feidhme. Déanfar sin ar bhonn riachtanas eolais diongbháilte i gcomhréir le haon nósanna imeachta is infheidhme arna mbunú ag an gCoimisiún chun an críche sin.
Oibleagáid chun rúndacht a choinneáil ar bun
- Ní mór do chomhaltaí foirne gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú gurb amhlaidh maidir le faisnéis i ndáil leis an gCoimisiún (lena n áirítear ach gan bheith teoranta d’fhaisnéis i leith aon imscrúdú; forfheidhmiú, ionchúiseamh nó gníomhaíocht rialála eile; agus/nó cinneadh maoiniúcháin) go gcoimeádtar faoi rún í agus nach nochtar í (go díreach nó go hindíreach) d’aon pháirtí seachtrach ach amháin i gcomhréir le nósanna imeachta iomchuí.
- Maidir le faisnéis rúnda a fhaightear i gcúrsa seirbhíse comhalta foirne leis an gCoimisiún, níor cheart í a nochtadh go brách ná níor cheart do chomhalta foirne í a úsáid go brách ach amháin i gcúrsa na seirbhíse sin, le linn nó tar éis thréimhse sheirbhíse an chomhalta foirne leis an gCoimisiún.
Oibleagáid chun tairbhí pearsanta a sheachaint
- Ní mór do chomhaltaí foirne staonadh ó úsáid a bhaint as cáil, acmhainní, naisc nó am an Choimisiúin ar mhaithe le gnóthachan pearsanta nó chun tairbhe do dhaoine nó eagraíochtaí nach bhfuil nasctha leis an gCoimisiún.
- Níor cheart do chomhaltaí foirne glacadh le hobair atá íoctha (nó cúitithe ar bhealach eile) lasmuigh dá bhfostaíocht leis an gCoimisiún, as a bhféadfadh an bhraistint teacht go bhfuil a ról á ghiaráil acu leis an gCoimisiún le haghaidh íocaíochta nó cúitimh.
Fostaíocht thánaisteach
- Le linn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí lasmuigh den obair, ní mór don fhoireann an riosca coinbhleachta lena dualgais oifigiúla a sheachaint, aon iompar míchuí a sheachaint agus gach ceanglas maidir le nochtadh de chuid an Choimisiúin a chomhlíonadh.
- Ba cheart don fhoireann a bheith aireach freisin ar an tionchar féideartha atá ag coinbhleachtaí leasa braite, agus ba cheart cúram cuí a thabhairt do na cásanna sin agus aird chuí a thabhairt orthu. I gcásanna áirithe beidh sé stuama, chun an Coimisiún agus an comhalta foirne araon atá i gceist a chosaint ar thrácht nó dúshlán diúltach, go ndéanfaidh an comhalta foirne bearta comhchosúla a dhéanfadh sé nó sí i gcás fíorchoinbhleacht leasa, i.e. seasamh siar ó aon phróiseas cinnteoireachta atá ábhartha maidir leis an gcoinbhleacht bhraite sin.
- Aon chomhalta foirne ar mian leis nó léi dul i mbun aon chineál fostaíochta tánaistí (beag beann ar fhad an róil ná leibhéal an luacha saothair a ghabhann leis), ní mór dó nó di a bhainisteoir nó a bainisteoir a chur ar an eolas roimh ré. Má mheastar go bhfuil an fhéidearthacht ann coinbhleacht leasa, nó coinbhleacht leasa bhraite, a chruthú de dheasca na fostaíochta tánaistí beartaithe, nó má mheastar go bhfuil sí ar neamhréir ar bhealach eile le ról comhalta foirne mar chomhalta foirne den Choimisiún, ba cheart an t ábhar a tharchur chuig an nGrúpa Coinbhleachtaí Leasa lena bhreithniú.
- Ba cheart do chomhaltaí foirne a bheith ar an eolas go bhfuil siad faoi réir phrionsabal an Rialtais ‘Duine amháin, Tuarastal amháin’.
Coinbhleachtaí tar éis foirceannadh oifige nó fostaíochta
- Ba cheart do chomhalta foirne, sa tréimhse 12 mhí tar éis fhoirceannadh a sheirbhíse nó a seirbhíse leis an gCoimisiún, staonadh ó thabhairt faoi aon fhostaíocht nó féinfhostaíocht íoctha lena gcruthófaí coinbhleacht leasa i leith na hoibre a rinne sé nó sí le linn a bheith ar seirbhís leis an gCoimisiún.
- Níor cheart do chomhalta foirne, aon tráth tar éis fhoirceannadh a sheirbhíse nó a seirbhíse leis an gCoimisiún, aon fhaisnéis rúnda a nochtadh, faisnéis a bhaineann le hobair an Choimisiún agus a d’fhoghlaim an comhalta foirne le linn a bheith ar seirbhís leis an gCoimisiún.
- Agus seirbhís an Choimisiúin á fágáil ag comhalta foirne, ní mór dó nó di na hábhair uile atá ina sheilbh nó ina seilbh agus a bhaineann le hobair an Choimisiúin a thabhairt ar ais nó a scriosadh.
- Tá forálacha na coda seo i dteannta aon oibleagáidí conarthacha (nó dlí eile) a chuireann an Coimisiún ar chomhalta foirne.
Iontaoibh
Bronntanais agus fáilteachas
- I bhfianaise chineál íogair fhreagrachtaí an Choimisiúin, ghlac an Coimisiún nósanna imeachta diana i leith bronntanais agus fáilteachas a bheith á bhfáil ag comhalta foirne ó ghnólacht nó eagraíocht ábhartha
- Maidir le bronntanais chorparáideacha (lena n áirítear cóir fhabhrach nó tairbhí) nó fáilteachas a bheith á dtabhairt nó á thabhairt nó á bhfáil nó a fháil, lena bhféadfaí difear a dhéanamh (nó a d’fhéadfaí a bhrath, le réasún, go ndéanfaí difear leo nó leis) do chumas an deontóra nó an fhaighteora breithiúnais neamhspleácha a dhéanamh i leith ábhair a bhaineann le feidhmeanna an Choimisiúin, ní mór iad a sheachaint fiú amháin má tá luach na mbronntanas nó an fháilteachais sin faoi bhun na tairsí bronntanais a leagtar amach thíos.
- Maidir le gach tairiscint a dhéanann gnólacht nó eagraíocht ábhartha (go díreach nó go hindíreach) ar bhronntanais agus fáilteachas d’aon chomhalta foirne, ní mór fógra a thabhairt do Rúnaí an Choimisiúin faoi sin agus ní mór don Rúnaí í a thaifeadadh. Má ordaíonn an Rúnaí do chomhalta foirne diúltú d’aon bhronntanas nó fáilteachas, ní mór don chomhalta foirne diúltú dó nó (má fuarthas an bronntanas cheana féin) é a thabhairt ar ais.
- I gcás ina bhfaigheann gnólacht nó eagraíocht ábhartha aon bhronntanas nó fáilteachas (toisc nach ndéantar difear tríd an mbronntanas a fháil nó nach cosúil go ndéanfar difear leis sin do chumas an deontóra nó an fhaighteora breithiúnas neamhspleách a dhéanamh), ní mór fógra a thabhairt do Rúnaí an Choimisiúin faoi sin agus ní mór don Rúnaí é a thaifeadadh. Má ordaíonn an Rúnaí do chomhalta foirne bronntanas a thabhairt ar ais, ní mór don chomhalta foirne é a thabhairt ar ais.
- Cuirtear toirmeasc ar chomhalta foirne glacadh le haon bhronntanas agus/nó fáilteachas, nó aon bhronntanas agus/nó fáilteachas a fháil, ó iarratasóir le haghaidh conartha nó maoiniú.
- Féadfar iarratas an iarratasóra sin a dhícháiliú má thairgeann nó má thugann iarratasóir le haghaidh conartha nó maoiniú bronntanais agus/nó fáilteachas do chomhalta foirne.
- Níor cheart bronntanais ná fáilteachas don fhoireann a lorg ná a spreagadh. Tugann an Coimisiún faoi deara gurb iondúil go mbíonn gnáthchúirtéis intuigthe i dtairiscintí bronntanas agus fáilteachais, agus tuigeann sé sin, ach iarrann sé ar an bhfoireann uile a thabhairt faoi deara:
- nach bhfáiltítear roimh thairiscintí bronntanas agus/nó fáilteachais ó iarratasóirí le haghaidh conarthaí nó maoiniú agus go ndiúltófar iad; agus
- nár cheart aon tátal ná impleacht a tharraingt go mbeidh bronnadh aon chonartha nó maoinithe coinníollach ar aon bhealach ar aon bhronntanais nó fáilteachas nó go mbeidh tionchar dearfach acu nó aige air sin.
Tairseach bhronntanais
Ciallaíonn an “tairseach bhronntanais”
- aon bhronntanas nó tairbhe ag a bhfuil luach €50 nó níos mó, agus
- aon mheascán de bhronntanais agus/nó tairbhí iomadúla ar luach comhiomlán de €650 nó níos mó in aon tréimhse 13 bliana.
Bronntanais agus fáilteachas atá ceadaithe
Ceadaítear na bronntanais agus an fáilteachas teagmhasach seo a leanas:
- lónta oibre nó sólaistí a sholáthraítear le linn cuairt ghnó;
- fáilteachas a leathnaítear chuig an bhfoireann a fhreastalaíonn ar sheimineár, comhdháil nó imeacht seachtrach eile, ar choinníoll go leathnaítear an fáilteachas sin chuig gach duine atá i láthair;
- réamhléirithe agus taibhithe ar léiriúcháin atá maoinithe ag an gCoimisiún;
- fáilteachas teagmhasach ag imeachtaí atá urraithe nó eagraithe ag an tionscal;
- freastal ar sheimineáir, cainteanna nó ceardlanna saor in aisce (seachas rannpháirtíocht iontu), ar choinníoll go mbeidh siad saor in aisce do gach duine atá ag freastal orthu agus nach soláthraítear iad d’fhoireann an Choimisiúin, agus di sin amháin;
- earraí gan iarraidh ar luach is lú ná €50 (amhail leabhar, DVD promóisin, etc.);
- ábhair bhrandáilte gan iarraidh ó sholáthraithe (amhail pinn, stáiseanóireacht, etc.) ar luach comharthaí;
- bronntanais shéasúracha nó bronntanais bheaga eile a nglactar leo thar ceann na foirne uile, amhail cácaí.
Maidir le bronntanais a bheadh ina sárú ar an gCód seo ar bhealach eile, féadfar, le toiliú an Choimisiúin, glacadh leo i gcás ina bhféadfaí a mheas le réasún gur dócha go dtabharfaí col suntasach agus/nó cultúrtha dá ndiúltófaí iad. Ní mór na bronntanais sin a sholáthar don Rúnaí, agus socróidh sé nó sí aon bhronntanais den sórt sin a nglactar leo a bhronnadh ar charthanas iomchuí.
Bronntanais agus tairbhí toirmiscthe
Níor cheart na bronntanais ná an fáilteachas seo a leanas a thairiscint ar an bhfoireann ná níor cheart di glacadh leo:
- airgead tirim, aon tráth
- aon bhronntanas nó fáilteachas ó iarratasóir le haghaidh conartha nó maoiniú, fad a leanann a thairiscint nó a tairiscint nó a iarratas nó a hiarratas de bheith á breithniú nó á bhreithniú;
- aon fhanacht thar oíche in aon óstán nó cóiríocht eile;
- taisteal lasmuigh d’Éirinn;
- trealamh spóirt;
- gléasanna leictreonacha;
- uirlisí ceoil;
- saothair ealaíne;
- troscán; nó
- téarmaí agus coinníollacha buntáisteacha (cibé acu i dtaobh an phraghais nó ar shlí eile) maidir le hearraí nó seirbhísí a bheith á soláthar don Choimisiún ag aon soláthraí earraí nó seirbhísí.
Ní sholáthraíonn an Coimisiún bronntanais nó fáilteachas corparáideach (seachas na gnáthchúirtéisí gnó) do sholáthraithe, do dhaoine nó d’eintitis lena ndéanann sé gnó.
Taisteal
Ní mór don fhoireann uile cloí le Beartas an Choimisiúin maidir le Taisteal Coigríche agus Rannpháirtíocht Idirnáisiúnta, lena leagtar amach beartas inmheánach na heagraíochta chun rannpháirtíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann taisteal coigríche a fhormheas.
Comhlíontacht le hoibleagáidí reachtúla
Tá an Coimisiún tiomanta do gach foráil reachtúil ábhartha a chomhlíonadh, lena n áirítear rialachas, maoiniú, cosaint sonraí agus rialacháin ábhartha eile.
Nochtuithe cosanta
I gcomhréir leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú agus leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, arna leasú, bhunaigh agus d’fhoilsigh an Coimisiún nósanna imeachta chun go ndéanfaidh oibrithe atá nó a bhí fostaithe ag an gCoimisiún nochtadh cosanta agus chun déileáil leis an nochtadh sin
Leis an mBeartas um Nochtadh Cosanta (Inmheánach) leagtar amach an sásra trína dtugtar an deis d’oibrithe aon ábhair imní a fhéadfaidh a bheith acu a ardú, ábhair imní faoi fhaisnéis lena dtugtar le fios, de réir thuairim réasúnach an oibrí, éagóir ábhartha amháin nó níos mó a tháinig chun suntais don oibrí i gcomhthéacs oibre.
Maoiniú agus rialuithe inmheánacha
Ceanglaítear ar gach comhalta foirne oibleagáidí maidir le rialú airgeadais agus inmheánach a chomhlíonadh lena n áirítear iad sin a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- nósanna imeachta soláthair, tairisceana agus ceannaigh;
- leibhéil fhorordaithe údaráis chun aon chaiteachas ábhartha a fhaomhadh;
- rialuithe chun calaois a chosc, lena n áirítear nósanna imeachta forordaithe i ndáil le costais a éileamh; agus,
- dul i gcomhar le próisis iniúchóireachta inmheánacha agus sheachtracha.
Níor cheart do chomhaltaí foirne aon bhreab nó íocaíocht éillitheach a thabhairt, a fháil ná tairbhiú di go brách.
Faisnéis
Tá an Coimisiún tiomanta do rochtain a sholáthar ar fhaisnéis ghinearálta a bhaineann lena ghníomhaíochtaí ar bhealach atá oscailte agus lena bhfeabhsaítear a chuntasacht don phobal i gcoitinne.
Saoráil faisnéise
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 arna leasú (“an tAcht um SF”), tá ceart dlíthiúil ag daoine den phobal rochtain a fháil ar an bhfaisnéis arna sealbhú ag an gCoimisiún, faoi réir díolúintí sainithe áirithe.
Urramóidh an Coimisiún rúndacht na faisnéise íogaire atá i seilbh na heagraíochta le linn ceanglais an Achta um SI a chomhlíonadh, arb éard atá ann faisnéis amhail:
7.5.1.1 faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de;
7.5.1.2 faisnéis phearsanta; agus,
7.5.1.3 faisnéis a fhaigheann an Coimisiún faoi rún.
Urramóidh an Coimisiún nósanna imeachta comhairliúcháin iomchuí roimh ré le tríú páirtithe i gcás, go heisceachtúil, ina mbeartaítear faisnéis íogair a scaoileadh chun leas an phobail.
Tuairisciú
Tá an Coimisiún tiomanta do dheimhin a dhéanamh de go ndéantar a fheidhmíocht a léiriú go cruinn lena chuid cuntas, tuarascálacha agus cumarsáide eile.
Neamhspleáchas Eagraíochtúil
Is eagraíocht neamhspleách é an Coimisiún agus ba cheart don fhoireann a seasamh neamhspleách a chosaint gach tráth.
Cothroime
Is mór ag an gCoimisiún a chuid páirtithe leasmhara agus tá sé tiomanta do chothroime agus próisis chuí agus a chuid gníomhaíochtaí agus déileálacha gnó á seoladh. Tá an Coimisiún tiomanta do gach reachtaíocht maidir le fostaíocht, comhionannas agus stádas comhionann a chomhlíonadh.
Bítear ag súil leis go n iompódh na comhaltaí foirne iad féin go pearsanta agus go gairmiúil ar bhealach lena ndéantar an ceangal atá acu leis an eagraíocht a léiriú go dearfach. Ní ghlacfaidh an Coimisiún le hidirdhealú ná ciapadh ar fhorais go n áirítear inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, claonadh gnéis, míchumas, cine, creideamh nó ballraíocht den lucht siúil leis sin. Ní mór do gach duine atá nasctha leis an gCoimisiún aon chleachtas nó iompar, arb éard atá ann idirdhealú den sórt sin nó ciapadh d’aon chineál, a sheachaint san ionad oibre.
Tá beartais éagsúla i bhfeidhm ag an gCoimisiún lena ndéileáiltear le bulaíocht agus ciapadh agus ábhair eile atá ábhartha dá fhoireann.
An timpeallacht oibre
Féachaimid le timpeallacht shábháilte agus shláintiúil a sholáthar do gach fostaí agus tá roinnt beartas agus nósanna imeachta i bhfeidhm againn chun éifeacht phraiticiúil a thabhairt don tosaíocht sin.
Tá gach fostaí freagrach as ionad oibre atá sábháilte agus sláintiúil a choinneáil ar bun do gach fostaí agus cuairteoir trí rialacha agus cleachtais chomhshaoil, sábháilteachta agus sláinte a leanúint agus timpistí, díobhálacha agus trealamh, cleachtais nó dálaí baolacha a thuairisciú.
Neamhchomhlíonadh
Is féidir gurb é a thiocfaidh as aon neamhchomhlíonadh a bheith á dhéanamh ag comhalta foirne i ndáil leis an gCód seo go gcuirfear smachtbhannaí iomchuí ar an duine a mhainnigh an Cód a chomhlíonadh. Féadfaidh cineál an smachtbhanna a bheith ag brath ar chineál sheirbhís an chomhalta foirne leis an gCoimisiún. Mar shampla, is féidir go mbeidh comhaltaí foirne an Choimisiúin faoi réir beart araíonachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta araíonachta is infheidhme; is féidir go mbeidh sainchomhairleoirí faoi réir fhoirceannadh a gconarthaí sainchomhairleoireachta; agus mar sin de.
Cur chun feidhme agus athbhreithniú
Cumarsáid agus feasacht ar an gCód seo
Scaipfear cóip den Chód seo:
- ar an bhfoireann uile tar éis an Cód seo a ghlacadh; agus,
- ar na fostaithe nua uile tar éis a gceapacháin.
Ní mór do chomhaltaí foirne a dheimhniú do Rúnaí an Choimisiúin go bhfuair siad cóip den Chód seo agus go dtuigeann siad ceanglais an Chóid seo.
Athbhreithniú
Glacadh an Cód seo i mí Iúil 2025 agus déanfar athbhreithniú air tráth nach déanaí ná gach ceithre bliana. Déanfar athbhreithniú ar an gCód freisin agus (más gá) tabharfar cothrom le dáta é i bhfianaise ábhar deiridh an Bhille Craolacháin (Leasú) nuair a ritear an Bille sin.