Ráiteas príobháideachais
Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an chaoi a n-úsáideann Coimisiún na Meán (“An Coimisiún”, “muid”, “ár”) do shonraí pearsanta.
An nuashonrú is Déanaí: 03 Deireadh Fómhair 2025. Leagan 2.0.
An nuashonrú roimhe seo: 24 Feabhra 2025
Ag an gCoimisiún, táimid tiomanta do d’fhaisnéis phearsanta (‘sonraí pearsanta’) a chosaint. Cumhdaítear leis an ráiteas príobháideachais seo ár suíomhanna gréasáin – www.cnam.ie/ga/ agus www.medialiteracyireland.ie/ga/ (‘suíomhanna gréasáin’). Mínítear ann do chearta cosanta sonraí agus an chaoi a bhféadaimis, mar Rialaitheoir Sonraí, do shonraí a bhailiú, a úsáid, a phróiseáil, agus a nochtadh i gcaitheamh d’idirghníomhaíochtaí linn trínár suíomhanna gréasáin, trínár línte teileafóin nó trí bhealach eile seachas sin ina bpróiseáiltear sonraí as líne. Is féidir brabhsáil tríd an gcuid is mó dár suíomh gréasáin gan faisnéis ar bith mar gheall ort féin a thabhairt dúinn. Bíonn faisnéis uainn uaireanta, áfach, mar shampla chun freagraí a thabhairt ar do chuid ceisteanna agus/nó ar do chuid gearán. Mura bhfuil tú sásta aon fhaisnéis a sholáthar dúinn mar gheall ort féin, tabhair faoi deara nach mbeidh sé ar ár gcumas freagraí a thabhairt duit ar cheist ar bith nó ar theachtaireacht ar bith a sheolann tú chugainn.
Cé muid féin
Is é an Coimisiún an rialtóir meán neamhspleách, náisiúnta atá freagrach as forbairt agus maoirseacht a dhéanamh ar thírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte, agus iontaofa in Éirinn. Bunaíodh ár n eagraíocht i Márta 2023 de thoradh fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022. Tá cumhachtaí reachtúla, dualgais agus feidhmeanna againn faoi roinnt príomhphíosaí reachtaíochta lena n-áirítear an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, an ‘Creat Sábháilteachta ar Líne’, agus faoin Acht Craolacháin 2009 arna leasú. Cuireann An Coimisiún an réim rialála maidir le sábháilteacht ar líne chun feidhme, rialaímid craoltóirí agus soláthraithe físeán ar éileamh, agus tacaímid le hearnáil na meán i gcoitinne.
Conas teagmháil a dhéanamh linn
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún má tá aon cheisteanna agat maidir leis an gcaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta inár gcáil mar rialaitheoir sonraí trí úsáid a bhaint as ár sonraí teagmhála:
- trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]
- trí phost a sheoladh chuig ár n-oifig leis an seoladh seo a leanas: Coimisiún na Meán (f/ch Oifigeach Cosanta Sonraí), 1 Foirgnimh Shíol Bhroin, Bóthar Shíol Bhroin, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20, Éire
Na sonraí pearsanta a láimhseálaimid
Na Sonraí Pearsanta a sholáthraíonn tú don Choimisiún
Bailíonn agus próiseálann An Coimisiún sonraí pearsanta agus é ag cur a chuid feidhmeanna reachtúla i gcrích agus, chomh maith leis sin, nuair a phróiseálann sé sonraí pearsanta chun críocha eile atá mar chríocha feidhmiúla eile de chuid an Choimisiúin. Tá neart cásanna ann ina mbailímid agus a bpróiseálaimid sonraí pearsanta. I measc na gcásanna sin, áirítear- freagraí a thabhairt ar fhiosruithe maidir leis na meáin agus craolachán, gearáin a láimhseáil, maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh reachtaíochta ábhartha, agus fiosrúcháin a dhéanamh.
Is féidir go n-áireofar na nithe seo a leanas leis na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn:
- Nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomhanna gréasáin agus nuair a idirghníomhaíonn tú lenár gcuid uirlisí, amhail:
- Cuairt a thabhairt ar www.cnam.ie/ga agus www.medialiteracyireland.ie/ga
- Sonraí a chur inár bhfoirmeacha ar líne
- Gearán a chur isteach
- Aon chumarsáid a dhéanann tú linn ar an bhfón nó tríd an ríomhphost
Sonraí Pearsanta nach soláthraíonn tú
D’fhéadfaimis sonraí pearsanta mar gheall ort féin a fháil ó fhoinsí eile freisin, mar fhreagra ar ghearán a dhéanann tú linn, mar shampla, ó ghearánach, ó sholáthraí seirbhíse idirghabhálaí (‘ISP’), ó údarás rialála eile, nó ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí a bhfaighimid rochtain uirthi le linn dúinn ár bhfeidhmeanna maoirseachta agus forfheidhmithe a chomhlíonadh.
D’fhéadfaimis na sonraí pearsanta seo a leanas a phróiseáil ag brath ar do chuid idirghníomhaíochtaí linn:
- Ainm
- Seoladh
- Seoladh ríomhphoist
- Uimhir ghutháin
- Sonraí maidir le d’iarratas/do cheist/do ghearán
- Sonraí maidir le do chuntas úsáideora ar ardán ar líne ar leith
- Sonraí maidir le hábhar a roinn tú ar ardán ar leith
- Sonraí maidir le hidirghníomhaíochtaí idir tú féin agus an Soláthraí Seirbhísí Idirlín (ISP)
- Catagóirí Speisialta sonraí amhail bunadh ciníoch nó eitneach, tuairim pholaitiúil, reiligiún nó creidimh, ballraíocht i gceardchumann, stádas géiniteach nó sláinte, nó claonadh gnéis
- Sonraí pearsanta maidir le cionta coiriúla
- Nuair a cheadaíonn tú fianáin agus tú ag brabhsáil ar ár suíomh gréasáin
An chaoi a bpróiseálaimid do shonraí
Braitheann an chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta ar an gcineál idirghníomhaíochta a dhéanann tú linn.
Úsáidimid na sonraí pearsanta a bhailímid chun na nithe seo a leanas a bhaint amach:
Ár gcúraimí agus ár bhfeidhm mar chomhlacht rialála poiblí a chur i gcrích
- Gearáin agus sáruithe líomhnaithe a scrúdú agus a fhiosrú lena shocrú an bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta, lena n-áirítear cé acu ar chóir nó nár chóir sáruithe líomhnaithe a fhiosrú. D’fhéadfadh sé seo ceangal a chur orainn sonraí pearsanta a thug tú dúinn i ngearán a roinnt leis an eagraíocht a rialaímid chun do ghearán a réiteach.
- Imeachtaí dlí a thionscnamh nuair is cuí lena n-áirítear cúrsaí a bhaineann lenár bhfeidhmeanna forfheidhmithe.
- Cláir áirithe a choimeád lena n-áirítear clár sáruithe.
- Seirbhísí ar líne a sholáthar duit lena n-áirítear próiseáil do shonraí pearsanta nuair atá ‘fianáin’ i gceist ar ár suíomhanna gréasáin. Is féidir tuilleadh eolais ar fhianáin a fháil inár ‘mBeartas Fianáin’.
- Freagra a thabhairt duit maidir le fiosruithe, le gearáin agus/nó le haighneachtaí a chuir tú isteach.
- Cinntí a dhéanamh, ár n-anailís a fhorbairt agus ár ngníomhaíochtaí a fhorbairt maidir le torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha.
- Comhoibriú le comhlachtaí forfheidhmithe eile amhail údaráis an Aontais Eorpaigh agus údaráis idirnáisiúnta, lena n-airítear comhoibriú ar chúrsaí forfheidhmithe.
- Ár bhfeidhmeanna a chur i gcrích maidir le cionta a ionchúiseamh agus sonraí ciontaithe a fhoilsiú.
Ár n-oibleagáidí dlíthiúla nó rialála a chomhlíonadh
- Freagra a thabhairt ar iarratas ar Shaoráil Faisnéise
- Freagra a thabhairt ar Iarratas ar Chearta Ábhair
- Freagra a thabhairt ar iarratas ceadúnaithe
- Comhlíonadh go ginearálta le dlíthe, le rialacháin agus le hoibleagáidí dlíthiúla eile a bhfuilimid faoina réir
Conradh a thosú nó a chomhlíonadh leat
- Íocaíochtaí a dhéanamh leat
- Éifeacht a thabhairt d’fhorálacha conarthacha a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm
Forghníomhú gnó a chur i bhfeidhm
- Bainistiú airgeadais, bainistiú cuntais, seirbhís do chustaiméirí, tuairisciú bainistíochta, anailís
- Iniúchóireachtaí inmheánacha agus imscrúduithe
- Monatóireacht a dhéanamh ar úsáideoirí an tsuímh chun bagairtí slándála a aithint
- Maoiniú a riaradh agus iarratais ar mhaoiniú a bhainistiú
Cumarsáid
- Idirghníomhaíochtaí ar ár suíomh gréasáin a thuiscint
- Ár suíomh gréasáin a bharrfheabhsú le go gcruthófar eispéireas níos fearr d’úsáideoirí
- Cumarsáid a dhéanamh leat maidir le fiosruithe a rinne tú
- Do rochtain ar ár suíomhanna gréasáin a éascú
- É a chur ar do chumas gearán a chur isteach
- Suirbhéanna a chruthú agus anailís a dhéanamh orthu
- Ár gcuntais mheán sóisialta agus gníomhaíochtaí a bhaineann leo a bhainistiú
- Rannpháirtíocht in imeachtaí a bhainistiú agus/nó rannpháirtíocht i gcomhdhálacha, i ngníomhaíochtaí caidrimh phoiblí (ar líne nó ar an láthair) a éascú
- Iarratais maidir le deiseanna gairme agus earcaíochta a phróiseáil go díreach le hiarrthóirí agus/nó le tríú páirtithe amhail an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
- Cumarsáid a sheoladh chugat (e.g. nuachtlitreacha)
- Do bhallraíocht inár líonraí a éascú
- Comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil
- Do bhallraíocht in medialiteracyireland.ie a bhainistiú
Bunús dlíthiúil chun Sonraí Pearsanta a phróiseáil
Braitheann an bunús dlíthiúil le do shonraí pearsanta a phróiseáil ar an gcuspóir lena ndéantar iad a phróiseáil.
Is iad seo a leanas na príomhbhunúis dhlíthiúla faoi RGCS ar a mbraitheann an Coimisiún chun sonraí pearsanta a phróiseáil:
Airteagal 6 (1) (c): Tá próiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an Coimisiún faoina réir a chomhlíonadh.
Tá an chuid is mó de na hoibleagáidí seo ceangailte lenár bhfeidhmeanna agus lenár gcumhachtaí, a leagtar amach go príomha sa reachtaíocht seo a leanas:
- An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha, 2024
- An tAcht Craolacháin 2009
- An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán 2022
Tá oibleagáidí orainn freisin chun, mar shampla, dlíthe cosanta sonraí, reachtaíocht maidir le saoráil faisnéise, dlí fostaíochta, dlí soláthair agus dlíthe eile a chomhlíonadh. D’fhéadfadh go mbeadh oibleagáidí conarthacha orainn faoi dhlíthe na gconarthaí chomh maith.
Chun an Tábla thíos a thuiscint, tugaimid ‘an reachtaíocht is infheidhme’ ar na dlíthe seo i dteannta a chéile. D’fhéadfaí an liosta reachtaíochta seo a leathnú le himeacht ama agus, dá bhrí sin, ní gá go bhfuil an liosta seo uileghabhálach.
Airteagal 6 (1) (e): is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don Choimisiún.
Sa tábla thíos, léirítear na cuspóirí, na catagóirí sonraí pearsanta agus na bunúis dhlíthiúla lenár gcuid próiseála:
Cuspóir | Catagóirí Sonraí Pearsanta | Bunús Dlíthiúil |
---|---|---|
Iarratais, ceisteanna agus gearáin ó dhaoine aonair a phróiseáil agus freagra a thabhairt orthu | Sonraí Gearánaigh Sonraí Ábhair Sonraí Úsáideora Sonraí Catagóire Speisialta Sonraí Coiriúla | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil Airteagal 9 (2) (g) Leas substaintiúil an phobail |
Má bhaineann gearán le mainneachtain ISP foráil de chuid an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha a chomhlíonadh – fógra a thabhairt don ghearánach agus do sholáthróir seirbhíse idirghabhála ábhartha an ghearánaigh maidir le haon ghníomhartha atá beartaithe, agus maidir le haon chinntí atá déanta. | Sonraí Gearánaigh Sonraí Ábhair Sonraí Úsáideora Sonraí Pearsanra Sonraí Catagóire Speisialta Sonraí Coiriúla | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil Airteagal 9 (2) (g) Leas substaintiúil an phobail |
Imscrúduithe a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe/amhrasta faoin reachtaíocht is infheidhme. | Sonraí Gearánaigh Sonraí Ábhair Sonraí Úsáideora Sonraí Ionadaíocha Sonraí Catagóire Speisialta Sonraí Coiriúla | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil Airteagal 9 (2) (g) Leas substaintiúil an phobail |
Feidhmeanna maoirseachta agus forfheidhmithe an Choimisiúin faoin reachtaíocht is infheidhme a chur i gcrích. | Sonraí Gearánaigh Sonraí Ábhair Sonraí Úsáideora Sonraí Ionadaíocha Sonraí Pearsanra Sonraí Catagóire Speisialta Sonraí Coiriúla | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil Airteagal 9 (2) (g) Leas substaintiúil an phobail |
Fógra maidir le cinntí an Choimisiúin a thabhairt don Choimisiún Eorpach, don Bhord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha, do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus d’aon pháirtithe ábhartha eile, mar a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí. | Sonraí Gearánaigh Sonraí Ábhair Sonraí Úsáideora Sonraí Ionadaíocha Sonraí Pearsanra Sonraí Catagóire Speisialta | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil Airteagal 9 (2) (g) Leas substaintiúil an phobail |
Comhoibriú leis an gCoimisiún Eorpach, leis an mBord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha, le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus le haon pháirtithe ábhartha eile, mar a mheasann an Coimisiún a bheith iomchuí, maidir lena bhfeidhmeanna forfheidhmithe, maoirseachta agus imscrúdaithe faoin reachtaíocht is infheidhme. | Sonraí Gearánaigh Sonraí Ábhair Sonraí Úsáideora Sonraí Ionadaíocha Sonraí Pearsanra Sonraí Catagóire Speisialta | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil Airteagal 9 (2) (g) Leas substaintiúil an phobail |
Dul i gcomhairle leis an bpobal – comhairliúcháin phoiblí | Ainm Sonraí teagmhála Teidil phoist Sonraí sláinte Eitneacht Claonadh gnéis Sonraí airgeadais Cáilíochtaí gairmiúla Tuairimí polaitiúla | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil |
Gearáin nó sáruithe féideartha a tharchur: – Chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh; – Chuig an gCoimisiún Eorpach (le haghaidh VLOPanna nó VLOSEnna); – Chuig an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (le haghaidh gearán faoi Airteagail 30, 31, nó 32 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha); – Chuig aon údarás inniúil eile (maidir le cúrsaí laistigh dá shainchúram). | Sonraí Gearánaigh Sonraí Ábhair Sonraí Úsáideora Sonraí Ionadaíocha Sonraí Pearsanra | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 6 (1) (c) Oibleagáid Dhlíthiúil Airteagal 9 (2) (g) Leas substaintiúil an phobail |
Nuachtlitreacha a sheoladh chugat i gcás gur chláraigh tú le ceann dár liostaí seolta agus/nó más ball de cheann dár líonraí thú (Litearthacht sna Meáin, Éire). | Ainm Seoladh Ríomhphoist | Airteagal 6 (1) (a) Toiliú |
Nuashonruithe nuachta a sheoladh chugat i gcás gur chláraigh tú lenár liosta seolta. | Ainm Seoladh ríomhphoist Eagraíocht | Airteagal 6 (1) (a) Toiliú |
Thú a chlárú chun freastal ar imeachtaí a thionólann an Coimisiún. | Ainm Seoladh Ríomhphoist | Airteagal 6 (1) (a) Toiliú |
Íomhánna agus/nó ábhar físeáin díot a ghlacadh, a úsáid agus/nó a fhoilsiú. | Ainm Seoladh Ríomhphoist Íomhánna Físeán | Airteagal 6 (1) (a) Toiliú |
Taighde a dhéanamh atá chun leas an phobail agus chun críocha eolaíocha, stairiúla nó staitistiúla. | Ainm Sonraí teagmhála Aois/Dáta Breithe Ballraíocht pholaitiúil Faisnéis gheografach Cáilíochtaí Inscne Eitneacht Tuairimí agus Barúlacha Taithí toghcháin/oifige poiblí Sonraí sláinte Nósanna úsáide na Meán Eispéiris phearsanta lena mbaineann teanga nó iompar atá gránna, leithchealach, foréigneach, nó drochídeach. | Airteagal 6 (1) (e) Leas an Phobail/Údarás Oifigiúil Airteagal 9 (2) (g) Leas substaintiúil an phobail |
Freagra a thabhairt ar, agus próiseáil a dhéanamh ar iarratais earcaíochta. | Ainm Sonraí teagmhála Faisnéis maidir le Curriculum Vitae Faisnéis maidir le Litir Chumhdaigh Cáilíochtaí gairmiúla Teistiméireachtaí gairmiúla Cáipéis Aitheantais Fíorú seolta Inscne Dáta Breithe Eitneacht Sonraí sláinte | Airteagal 6 (1) (b) Conradh Airteagal 9 (2) (b) Dlí fostaíochta, dlí slándála sóisialta agus dlí cosanta sóisialta |
Píosa scannánaíochta TCI. | Íomhánna físe | Airteagal 6 (1) (f) Leas Dlisteanach |
Iarratais ar mhaoiniú a phróiseáil/ | Ainm Sonraí teagmhála Teideal poist Inscne Eitneacht (ICÉI) Sonraí sláinte (míchumas) Sonraí airgeadais Cáilíochtaí gairmiúla Curriculum Vitae | Airteagal 6 (1) (a) Toiliú Airteagal 9 (2) (a) Toiliú Sainráite |
Ballraíocht in Medialiteracyireland.ie a phróiseáil | Ainm Seoladh Ríomhphoist Taithí ar/spéis i Litearthacht sna Meáin Ainm na hEagraíochta | Airteagal 6 (1) (a) Toiliú |
Do chearta Cosanta Sonraí
Faoin dlí cosanta sonraí, tá na cearta seo a leanas agat:
- Do cheart go gcuirfí ar an eolas thú faoi cibé acu atáimid nó nach bhfuilimid ag próiseáil do shonraí pearsanta;
- Do cheart rochtana – Tá sé de cheart agat cóip de do shonraí pearsanta a iarraidh orainn.
- Do cheart go ndéanfaí ceartúcháin – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn ceartúcháin a dhéanamh ar shonraí pearsanta a mheasann tú a bheith míchruinn. Tá sé de cheart agat freisin iarraidh orainn cur le sonraí a mheasann tú a bheith neamhiomlán.
- Do cheart go ndéanfaí léirscriosadh – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn léirscriosadh a dhéanamh ar do shonraí pearsanta i gcúinsí áirithe.
- Do cheart go gcuirfí srian le próiseáil – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta i gcúinsí áirithe.
- Do cheart cur i gcoinne na próiseála – Tá sé de cheart agat cur i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta i gcúinsí áirithe.
- Do cheart chun iniomparthachta sonraí – Tá sé de cheart agat iarraidh orainn do shonraí pearsanta a thug tú dúinn a aistriú chuig eagraíocht eile, nó chugat, i gcúinsí áirithe.
- I gcás go bpróiseálaimid do chuid sonraí ar bhonn do thoilithe, tá sé de cheart agat an toiliú sin a tharraingt siar.
- Do cheart gan a bheith faoi réir cinneadh uathoibrithe. Ós rud é nach dtugaimid faoin gcinnteoireacht uathoibrithe, níl feidhm ag an gceart seo.
Do shonraí a chomhroinnt
Nuair a phróiseálann an Coimisiún do Shonraí Pearsanta, coimeádtar na sonraí pearsanta go rúnda agus ní roinntear le tríú páirtithe iad ach amháin i gcásanna teoranta. I gcás go roinnimid do shonraí pearsanta nó i gcás go n-iarraimid go ndéantar iad a phróiseáil ar ár son, cinntímid go bhfuil na conarthaí riachtanacha agus na comhaontaithe riachtanacha um chomhroinnt sonraí i bhfeidhm againn. Is chun na críocha ar tugadh breac-chuntas orthu thuas atá an chomhroinnt sonraí, lena n-áirítear:
- An Coimisiún Eorpach, Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile de chuid an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún um Chosaint Tomhaltóirí agus Iomaíochta (CCPC) agus údaráis rialála inniúla eile. Sa chás go roinnimid faisnéis phearsanta a chuir tú ar fáil dúinn leis an gCoimisiún Eorpach, le Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha eile nó leis an CCPC, déanfar é sin le hardán slán a d’fhorbair an Coimisiún Eorpach;
- Craoltóirí, soláthraithe ar éileamh agus páirtithe eile lena mbaineann (e.g. ISPanna) (i gcás inar gá dúinn faisnéis phearsanta a sholáthar a bhaineann le gearáin a dhéantar faoi eintitis den sórt sin leis na heintitis sin nó le hionadaithe de chuid na n-eintiteas sin);
- An Garda Síochána, sa chás go mbaineann an gearán nó an sárú féideartha le cion coiriúil amhrasta;
- Údaráis phoiblí, comhlachtaí forfheidhmithe dlí agus/nó eagraíochtaí nó comhlachtaí eile nuair is gá nó nuair a cheadaítear é sin de réir an dlí;
- Cúirteanna agus daoine/comhlachtaí atá bainteach le cúirteanna agus/nó le himeachtaí cúirte
- Tríú páirtithe a fhostaímid chun seirbhísí a sholáthar dúinn (Próiseálaithe Sonraí). Maidir lenár bpróiseas láimhseála gearán, mar chéad phointe teagmhála, bímid ag gabháil do sheirbhísí soláthraí ionaid teagmhála ar a dtugtar Fexco. Déanfaidh Fexco gach gearán agus/nó ceist chuig an gCoimisiún a logáil ar an gcéad dul síos agus a threorú de réir mar is cuí chuig an bhfoireann ábhartha sa Choimisiún nó chuig páirtithe/údaráis ábhartha eile. Bainimid úsáid freisin as tríú páirtithe eile a sholáthraíonn seirbhísí dúinn. Áirítear orthu sin córais a bhaineann le TFC agus seirbhísí óstála agus seirbhísí gairmiúla ar nós iniúchóireachta agus dlí.
An fad a choinnímid do shonraí
Coinneoidh an Coimisiún do shonraí pearsanta chomh fada agus is gá chun na críocha dár bhailíomar iad a chur i gcrích, nó chun ár n-oibleagáidí faoin dlí is infheidhme a chomhlíonadh.
Coinnímid sonraí pearsanta a bhaineann le gearáin nó le sáruithe líomhnaithe ar feadh thréimhse an cháis le linn é a bheith gníomhach. Nuair a dhúntar cás, coinneofar na sonraí ar feadh tréimhse cúig bliana. Tar éis na tréimhse seo, déanfaimid athbhreithniú ar na sonraí chun a ngá leanúnach agus a gcomhréireacht a mheas, agus aon bhreithnithe dlíthiúla nó rialála á gcur san áireamh againn. D’fhéadfaí a áireamh in aon síneadh ar an tréimhse ama seo an teorainn ama reachtúil a fhorordaítear do chaingean dlí i gcoinne chinneadh an Choimisiúin. Dá bhrí sin, braitheann an tréimhse choinneála a chuirtear i bhfeidhm ar imthosca áirithe an cháis, ar fhad an imscrúdaithe agus ar na riachtanais dhlíthiúla agus rialála maidir le faisnéis den sórt sin a choinneáil ar feadh tréimhse shonraithe, agus ar deireadh, ar na tréimhsí ábhartha teorann chun caingean dlí a thionscnamh. Má thionscnaítear caingean dlí i leith chinneadh an Choimisiúin, shíneofaí an tréimhse choinneála go fad na n-imeachtaí dlí agus ar feadh tréimhse sé mhí ina ndiaidh, i gcomhréir lenár sceideal coinneála.
Coinneofar na sonraí pearsanta go léir a bhaineann lenár gcomhoibriú le húdaráis an Aontais Eorpaigh ar feadh fhad riachtanach na gníomhaíochta comhoibrithe sin, rud a d’fhéadfadh a bheith éagsúil de réir imthosca an cháis.
Coinneofar na sonraí pearsanta go léir a bhaineann le cion coiriúil amhrasta a ionchúiseamh chomh fada agus is gá ar feadh an ionchúisimh agus ar feadh aon imeachtaí dlí ina dhiaidh sin.
Coinneofar na sonraí pearsanta go léir a bhailítear le haghaidh tionscadail taighde ar feadh cúig bliana, agus i gcás staidéir fhadaimseartha, ar feadh suas le deich mbliana.
Traschuir Idirnáisiúnta
D’fhéadfaí do shonraí pearsanta a thraschur chuig tíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus d’fhéadfaí iad a phróiseáil sna tíortha sin, leis. D’fhéadfadh dlíthe cosanta sonraí atá éagsúil ó na dlíthe in Éirinn a bheith i bhfeidhm sna tíortha sin. Déanfaimid bearta iomchuí lena áirithiú go gcosnófar do shonraí i gcónaí i gcomhréir leis an dlí is infheidhme. Déanaimid amhlaidh trí bhrath ar shásraí cuí aistrithe amhail Clásail Chonarthacha Chaighdeánacha, Cinntí Leordhóthanachta nó modhanna deimhniúcháin amhail Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM. Déanaimid Measúnuithe Tionchair Traschurtha ar Thraschuir Idirnáisiúnta agus cinntímid go bhfuil cosaintí breise i bhfeidhm.
An chaoi a gcosnaímid do shonraí
Cuirimid bearta cuí teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm chun do shonraí pearsanta a chosaint ó rochtain, nochtadh, athrú, nó léirscrios neamhúdaraithe.
Cuirimid srian rochtana ar do shonraí pearsanta ionas nach féidir ach leo siúd a bhfuil leasanna dlisteanacha gnó acu teacht orthu. Próiseálfar do shonraí pearsanta ar bhealach údaraithe amháin. Lena chois sin, tá nósanna imeachta i bhfeidhm againn chun dul i ngleic le haon sáruithe amhrasta slándála i leith sonraí pearsanta.
Do cheanglas maidir le sonraí a sholáthar
Níl duine aonair a dhéanann teagmháil linn le ceist, iarratas nó gearán faoi aon oibleagáid dhlíthiúil chun sonraí pearsanta a sholáthar dúinn. Tabhair faoi deara, áfach, má dhéanann tú teagmháil linn le ceist, le hiarratas nó le gearán agus má theipeann ort roinnt catagóirí sonraí pearsanta a sholáthar (m.sh. má dhéanann tú gearán gan ainm) b’fhéidir nach mbeimid in ann freagra a thabhairt ar an tsaincheist a tuairiscíodh dúinn nó déileáil léi.
Chomh maith leis sin, tá cumhachtaí imscrúdaitheacha againn a chuimsíonn an chumhacht chun iallach a chur ar fhaisnéis a sholáthar dúinn. Sa chás go n-eisímid fógra chuig duine a éilíonn orthu faisnéis a sholáthar, ansin eascróidh oibleagáid dhlíthiúil as sin chun an fhaisnéis ábhartha a sholáthar, a bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith san áireamh inti.
Conas gearán a chur isteach leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí
Tá sé de cheart agat gearán a chur isteach maidir leis an gcaoi a láimhseálaimid do shonraí pearsanta leis an údarás maoirseachta inniúil, an CCS. Is féidir teagmháil a dhéanamh le CCS trína shuíomh gréasáin www.dataprotection.ie nó i scríbhinn ag:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
6 Rae Pheambróg
Baile Átha Cliath 2
D02 X963
Éire
Athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais seo
D’fhéadfaimis an Ráiteas Príobháideachais seo a nuashonrú ó am go chéile, mar sin, seiceáil an Ráiteas Príobháideachais seo go tréimhsiúil le haghaidh athruithe. Is féidir tagairt do dháta an nuashonraithe is déanaí a fháil ar bharr an ráitis seo.