Saoráil Faisnéise 

Cuireann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar chumas daoine den phobal rochtain a fháil,  ar thaifid atá i seilbh Choimisiún na Meán, nach gcuireann Coimisiún na Meán ar fáil go hiondúil nó nach bhfuil ar fáil trí fhoinsí eile, ach í a iarraidh. Mar gheall ar an Acht, tá sé de cheart agat a chur faoi deara go gceartófar nó go nuashonrófar d’fhaisnéis phearsanta, i gcás faisnéis den sórt sin a bheith neamhiomlán, mícheart nó míthreorach. Ina theannta sin, tá sé de cheart agat na cúiseanna a bhí le cinntí Choimisiún na Meán a dhéanann difear duit, a fháil. San am i láthair, tugtar faoi phróiseas saorála faisnéise Choimisiún na Meán ar an mbealach céanna le próiseas saorála faisnéise Údarás Craolacháin na hÉireann, a bhí ann roimhe seo. Cliceáil anseo más mian leat tuilleadh eolais a fháil agus más mian leat a fháil amach conas iarratas saorála faisnéise a dhéanamh.