
D’oscail Coimisiún na Meán Babhta 58 den scéim mhaoinithe craolacháin Fuaim & Fís inniu (16.10.2025)
Fáiltímid roimh iarratais mhaoinithe ó léiritheoirí neamhspleácha agus ó chraoltóirí chun tacú le cruthú ábhar craolta d’ardchaighdeán, ábhar a léiríonn cultúr, oidhreacht, teanga agus éagsúlacht na hÉireann, agus le hábhair i nGaeilge a chruthú.
Beidh €1.46m breise i maoiniú ón státchiste san áireamh i mBabhta 58, maoiniú ar éirigh leis an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, a fháil sa Bhuiséad 2026.
Tá na naisc chuig na treoirlínte agus na foirmeacha iarratais cuí don babhta seo thíos. Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie.
Beidh seimineár gréasáin do dhaoine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar siúl ar MS Teams ag 3in Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair 2025 – caithfidh gach iarratasóir clárú. Beidh cur i láthair gairid ó fhoireann deimhniúcháin albert an Choimisiúin mar chuid den seimineár gréasáin seo freisin, dóibh siúd gur mhaith leo foghlaim faoin bpróiseas. Is muidne comhpháirtí na hÉireann do BAFTA albert, príomh-eagraíocht an tionscail scáileáin maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil sa tionscal teilifíse agus scannánaíochta.
Dúnfar an babhta seo ag meán lae (12:00) Déardaoin, an 27 Samhain 2025.