Séanadh

Mar chuid dár ról mar rialtóir meán na hÉireann, is mian linn a bheith soiléir agus oscailte faoi cé muid féin agus cad a dhéanaimid. Tá ár suíomh gréasáin ar cheann de na bealaí a úsáidimid chun an méid a dhéanaimid a chur in iúl.

Ar aon dul le rialtóirí eile, tá ceanglas orainn a bheith soiléir faoi na nithe seo a leanas:

  • cén sórt faisnéise a choinnímid ar an suíomh gréasáin;
  • cad as a dtagann an fhaisnéis; agus
  • cén úsáid ar féidir leat a bhaint as.

An fhaisnéis a choinnímid ar ár suíomh gréasáin

Is é is sprioc dúinn an pobal a choinneáil ar an eolas faoinár gcuid oibre a mhéid is féidir. Tá sé d’aidhm againn cabhair a thabhairt an pobal a chur ar an eolas faoi fhorbairtí inár gcuid oibre agus cúnamh a thabhairt don phobal dul i ngleic le saincheisteanna meán. I gcás na faisnéise ar ár suíomh gréasáin, níor chóir í a úsáid ach go ginearálta. Ós rud é gur de chineál ginearálta í, ní hionann í in aon chor agus comhairle ghairmiúil de shórt ar bith.

Cé go ndéanaimid ár ndícheall a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis mar atá sí ar ár suíomh cruinn, ní bheidh Coimisiún na Meán faoi dhliteanas maidir le cruinneas na faisnéise. Tá an suíomh gréasáin seo agus an fhaisnéis atá air ar fáil gan aon uiríll de shórt ar bith, bídís sainráite nó intuigthe, is cuma cé acu a bhí na daoine a thug cuairt ar an suíomh ag brath ar an bhfaisnéis nó nach raibh. Ní dhéantar urrús, baránta ná gealltanas ar bith, bídís sainráite nó intuigthe, i ndáil leis an bhfaisnéis ar an suíomh gréasáin seo.

Cad as a dtagann an fhaisnéis

Tá an fhaisnéis á roinnt d’fhonn léargas ginearálta a thabhairt ar ár gcuid oibre agus chun faisnéis ghinearálta a thabhairt don phobal.

I gcás go ndéantar tagairt do shuíomhanna gréasáin eile nó go ndéantar hipearnasc le faisnéis eile tríd an suíomh gréasáin seo, níl freagracht ná dliteanas ar bith orainn i ndáil le haon ábhar nó faisnéis ar aon suíomh gréasáin eile a dtagraítear dó nó a bhfaightear rochtain air le nasc hipirtéacs nó ar mhodh eile tríd an suíomh gréasáin seo. Ná caitear le tagairt d’eagraíocht, do dhuine nó do ghrúpa eile ná le nasc chuig na nithe sin mar fhormhuiniú.

An suíomh a úsáid

Mar a leagtar amach thuas, níor chóir an suíomh a úsáid ach chun críoch ginearálta amháin.

A mhéid a cheadaítear faoi na dlíthe is infheidhme, ní bheidh Coimisiún na Meán ná aon sainchomhairleoir, fostaí, cleamhnaí nó aon ionadaí eile dá chuid faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó damáiste a eascraíonn as an suíomh seo a úsáid nó bheith ag brath ar an bhfaisnéis dá bhfuil ar an suíomh seo, ná aon chaillteanas nó damáiste i ndáil leis sin (lena n-áirítear damáiste indíreach nó iarmhartach, caillteanas sonraí, ioncaim, brabúis nó deise, caillteanas maoine nó damáiste do mhaoin agus éilimh ó thríú pháirtithe, ach gan a bheith teoranta dóibh sin) fiú dá mba rud é gur cuireadh in iúl do Choimisiún na Meán go raibh an seans ann go mbeadh caillteanas nó damáistí den sórt sin ann, sin nó go raibh caillteanas nó damáistí den sórt sin intuartha le réasún.

Cé go ndéanfaimid ár ndícheall an suíomh a chothabháil agus a choinneáil slán ó víris tríú páirtithe, ní féidir linn gealltanas ar bith a dhéanamh i ndáil le slándáil an tsuímh, ná go mbeidh rochtain ar an suíomh leanúnach ná glan ó víris ná earráidí. Maidir le haon fhaisnéis a bhfaightear rochtain uirthi, a íoslódáiltear nó a fhaightear ar mhodh eile tríd an suíomh seo a úsáid, déantar é sin faoi phriacal agus lánrogha an úsáideora.

Rialaítear úsáid an tsuímh gréasáin seo le dlí Phoblacht na hÉireann agus beidh dlínse ag Cúirteanna na hÉireann aon díospóid a éisteacht.