D’oscail Coimisiún na Meán iarratais don scéim nua Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche inniu
Tacóidh an Scéim le hábhar seirbhíse poiblí i bhformáid chláir closamhairc a chuireann lucht féachana agus éisteachta ar an eolas agus a thugann cumhacht do shochaí dhaonlathach.
Rinneadh €3 mhilliún a leithdháileadh don Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche in 2025 a bhuíochas le maoiniú arna chur ar fáil ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D.
Fáiltímid roimh iarratais mhaoinithe ó conraitheoir seirbhíse clár teilifíse incháilithe.
Is féidir na treoirlínte agus na foirmeacha iarratais cuí a fháil agus iarratas a dhéanamh trí www.cnamonline.ie.
Beidh seimineár gréasáin d’iarratasóirí incháilithe atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].
Dúnfar iarratais ag meán lae (12:00) Dé Máirt, an 09 Nollaig 2025.