€300,000 de mhaoiniú le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí in earnáil na meán fógartha

Bualadh

Tá €314,000 bronnta ag Coimisiún na Meán inniu (15.01.2026) ar 30 iarratasóir rathúil ar fud na hÉireann le haghaidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí in earnáil na meán in 2026.

Bronnadh an maoiniú faoi Scéim Urraíochta an Choimisiúin, lena dtacaítear le himeachtaí agus gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis na meáin agus iad ag teacht lenár Ráiteas Straitéise agus leis an aidhm atá againn tírdhreach bisiúil iolraíoch meán a fhorbairt in Éirinn.

Dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán Choimisiún na Meán Rónán Ó Domhnaill: “Is ábhar lúcháire do Choimisiún na Meán na hiarratasóirí rathúla a fhógairt sa bhabhta is deireanaí seo dár Scéim Urraíochta. Ligeann an maoiniú seo dúinn tacú le heagraíochtaí meán chun imeachtaí agus gníomhaíochtaí a óstáil lena léirítear éagsúlacht shochaí na hÉireann agus lena n-aibhsítear cruthaitheacht agus nuálaíocht i meáin na hÉireann sa lá atá inniu ann.

“Creidimid, i ndeireadh na dála, go rachaidh earnáil meán bhríomhar dhea-mhaoinithe atá inbhuanaithe iolraíoch rannpháirtíoch chun sochair do luchtanna féachana agus éisteachta na hÉireann ar gach aois agus de gach spéis, an Ghaeilge ina measc, agus táimid ag tnúth le raon agus éagsúlacht na n-imeachtaí agus na ngníomhaíochtaí a fheiceáil de réir mar a thitfidh siad amach as seo go ceann bliana.”

Ar na himeachtaí meán a maoiníodh, tá:

  • Gradaim Chumarsáide an Oireachtais
  • Young Journalist Ireland Awards
  • Dingle Animation Festival
  • Creative Calling / Creative Careers
  • Headline Mental Health Media Awards
  • Cork International Film Festival
  • Craol Community Radio Achievement Awards
  • Fís TV Summit
  • GAZE Film Festival Ltd
  • Fastnet Film Festival
  • Women in Film and Television International Summit

Mar a bhí amhlaidh blianta eile, bhí an scéim urraíochta ró-shuibscríofa – agus 55 iarratasóir sa tóir ar bhreis agus €850,000 – rud a aibhsíonn a thábhachtaí atá an cineál seo maoinithe don earnáil.