Tá babhta maoinithe Sochair Shóisialta (Babhta 59) do chraoltóirí pobail oscailte anois do stáisiúin teilifíse agus raidió pobail.
Tá sé mar aidhm ag an mbabhta seo cabhrú le heagraíochtaí agus le tograí a chuireann sochar sóisialta ar fáil, trí chláir, tionscnaimh oiliúna agus oideachais, agus deiseanna fostaíochta, do phobail áitiúla agus do phobail leasa ar fud na hÉireann.
Tá an treoir d’iarratais ábhartha agus an fhoirm iarratais don bhabhta seo ar fáil anois ar cnamonline.ie. Tabharfar cuireadh do chraoltóirí pobail freastal ar sheimineár gréasáin d’Iarratasóirí chomh maith – cuirfear tuilleadh sonraí maidir le seo ar fáil go luath.
Ní mór gach iarratas a chur isteach trí ár dtairseach ar líne faoi 12:00 meán lae, Déardaoin 23 Aibreán 2026. Déanfar cinntí faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2026.