€6.4m sa bhabhta is déanaí de mhaoiniú Fuaim & Fís

Film crew with cameras

Inniu, d’fhógair Coimisiún na Meán (14.04.2026) maoiniú beagnach 6.4 milliún do réimse leathan léiriúchán nua raidió agus teilifíse mar chuid den bhabhta is déanaí den scéim Fuaim & Fís. Tacóidh Babhta 58 le cláir nua agus cláir atá suntasach ó thaobh cultúir de le haghaidh lucht féachana na hÉireann, lena n-áirítear cláir i nGaeilge, atá le craoladh ar sheirbhísí craolacháin náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus pobail. Áirítear leis an bpacáiste maoinithe €725,000 do 47 tionscadal raidió agus €5.6 milliún do 21 tionscadal teilifíse.

Ag fáiltiú roimh an bhfógra maoinithe inniu, dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán Choimisiún na Meán Rónán Ó Domhnaill: A bhuí leis an maoiniú seo, leanfar de bheith ag tacú le réimse leathan clársceidealúcháin le haghaidh éagsúlacht lucht féachana ar fud na hÉireann. Tacóidh sé le agus cothóidh sé cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht níos fearr laistigh d’earnálacha an chraolacháin agus an léiriúcháin neamhspleách. Tacóidh breis is €2.9 milliún le tionscadail Ghaeilge nó dhátheangacha agus méadóidh sé seo raon agus foinsí ábhar clársceidealúcháin Ghaeilge ar fud réimse leathan de chainéil.”

“Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt freisin don tacaíocht leanúnach a thug ár nAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, ar éirigh leis breis is €1.4 milliún i maoiniú státchiste a fháil don bhabhta seo den Scéim Fuaim & Fís.”

Dúírt an tAire Cultúír, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan: “Le fiche bliain anuas, tá scéim Fuaim & Fís ina huirlis ríthábhachtach chun éagsúlacht chruthaitheach agus cultúrtha na tíre a chosaint, a chaomhnú agus a chothú, ag soláthar tacaíochta thar a bheith luachmhar chun ábhar ardchaighdeáin seirbhíse poiblí a léiriú. Leis an maoiniú breise atá á chur ar fáil agam áiseofar tacaíocht leanúnach do na hearnálacha craolacháin agus léiriúcháin neamhspleách, agus ag an am céanna, cuirfear leis an rochtain atá ar léirithe Gaeilge, ár scéalaithe á gcumhachtú agus réimse leathan ábhair le haghaidh muintir na hÉireann á chur chun cinn.”

Seo a leanas samplaí d’iarratais rathúla:

  • One Day – Many Voices  Independent Radio Diversity and Inclusion Day 2026 arna léiriú ag Learning Waves lena chraoladh ar raon stáisiún raidió tráchtála. Déanfar ceiliúradh ar éagsúlacht agus ionchuimsitheacht sa tsraith clár seo ar 23 stáisiún raidió neamhspleách in Éirinn atá á gcomhordú ag Learning Wave
  • Lasta le HTG – sraith siamsaíochta Gaeilge ghéarchúiseach de chuid TG4, arna léiriú ag Iris Productions. Déanann Doireann Ní Ghlacáin, Louise Cantillon agus Síomha Ní Ruairc de chuid ‘How to Gael’ óstáil ar uair an chloig atá lán d’fhuinneamh taobh istigh de shíbín comhaimseartha le haíonna móra, ceol beo, greann agus craic don lucht féachana. 
  • The Great Mongolian GamesArna léiriú ag Eoin Sheahan le craoladh ar Newstalk, scrúdóidh an clár faisnéise seo a bhfuil dhá chuid ag gabháil leis sochaí uathúil na Mongóile, agus an chaoi a léirítear í ag Naadam, ócáid samhraidh mhór spóirt agus cultúir. Beidh cuntas úr, atá Éireannach go smior, sa chéadphearsa le fáil ar na heachtraí a thiteann amach ar thuras tríd an tír is teirce daonra ar domhan.
  • Say My NameFormáid siamsaíochta agus turgnamh sóisialta nua atá mealltach agus ábhartha, a dhíríonn ar litearthacht sna meáin. I saol ina bhfágaimid rianta digiteacha i ngach áit, an bhféadfá d’aitheantas a choinneáil faoi rún? Chun buachan ní mór duit ainmneacha na Strainséirí atá leat a aimsiú gan d’ainm féin a nochtadh. Arna léiriú ag Stellify Media lena chraoladh ar Virgin Media One.
  • Green Beat Gnéchlár seachtainiúil lae arna léiriú agus arna chraoladh ag Ocean FM, a thabharfaidh saincheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide, inbhuanaitheacht agus an comhshaol chuig lucht féachana ar fud an Iarthuaiscirt. Meallfaidh na cláir daoine, pobail agus eagraíochtaí atá ag obair ar an talamh inár bpobail chun oideachas a chur ar fáil, réitigh a sholáthar agus gníomh a spreagadh i ndáil le saincheisteanna comhshaoil.
  • Maddie & Triggs 2 Leanann an tsraith ghrinn bheochana seo le haghaidh páistí réamhscoile agus atá oiriúnach do theaghlaigh, arna léiriú ag Turnip & Duck le craoladh ar RTÉjr, eachtraí Maddie, cailín seacht mbliana d’aois machnamhach a bhfuil lagú radhairc uirthi, agus a cara is fearr s’aici, a madra Triggs. Faigheann siad ceol agus eachtraíocht i bhfuaimeanna an lae. 
  • In The Light of the Sun – A Poet’s Archive 100 bliain i ndiaidh a bhreithe, tagann saol agus saothar an fhile Éireannaigh aeraigh Pearse Hutchinson chun solais sa chlár faisnéise suntasach seo. Arna léiriú ag Regan Hutchins lena chraoladh ar RTÉ Lyric FM.
  • Hillside DrivePríomhscannán drámaíochta nua lena chraoladh ar RTÉ One, arna léiriú ag Element Pictures. I mBaile Átha Cliath na 1970idí, tá Davey Rubenstein, 12 bliana d’aois, ag ullmhú dá Bar Mitzvah agus ag an am céanna ag éirí níos feasaí ar a chasta is atá a shaol baile agus an saol fásta timpeall air. Ó pheirspictíocht Davey agus a athar Eddie, leanann Hillside Drive bliain ríthábhachtach i saol teaghlaigh atá i mbun athraithe. 
  • Woven in Tradition Woven in Tradition déantar turais go croílár Dheisceart Chiarraí, áit nach ceird amháin atá san fhíodóireacht, ach cuimhní, féiniúlacht agus pobal. Arna léiriú ag Mairéad Ní Mhathúna lena chraoladh ar Radio Kerry.
  • Dancing to a Different Drum – Iniúchadh ar shaothar duine de na ceoltóirí is nuálaí atá ag obair in Éirinn inniu, ag léiriú an chaoi ar thug cur chuige misniúil Eamonn Cagney ceol cnaguirlise i dtreonna nua agus spreagúla ar fud réimse seánraí ina chuid cumadóireachtaí féin agus i gcomhar le cuid de phríomhchumadóirí na hÉireann. Arna léiriú ag JJ O’Shea lena chraoladh ar RTÉ Lyric FM.
  • Four CornersLéirithe ag agus le craoladh ar Athlone Community Radio, scrúdóidh an clár faisnéise bríomhar 10 bpáirt seo saol na hÉireann trí shúile mhuintir na háite agus iad siúd a tháinig go dtí an áit le déanaí. Agus scéalta, greann, ceol agus fuaimeanna saibhre á meascadh, ceiliúrann sé éagsúlacht chultúrtha ar fud na Lár na Tíre agus níos faide i gcéin, ag tairiscint portráid dhaonna inrochtana den chaoi a bhfuil athrú ag teacht ar Éirinn na linne seo.

Tá ró-éileamh fós ar Scéim Fuaim & Fís an Choimisiúin, agus 172 iarratas faighte ar luach €20.3 milliún ar an iomlán. Cuireadh líon suntasach iarratas ar ardchaighdeán isteach lena measúnú, go háirithe tionscadail Drámaíochta Teilifíse, idir shraitheanna agus phríomhscannáin. Soláthraíonn roghnú na n-iarratas rathúil cothromaíocht fhoriomlán maoinithe agus clársceidealúcháin a fhreastalaíonn ar chuspóirí na scéime agus a chuireann leis an éagsúlacht roghanna féachana atá ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Beidh 24% den mhaoiniú a leithdháilfear i gceist le tionscadail drámaíochta rathúla, agus áirítear leis sin maoiniú do scannán nua teaghlaigh i nGaeilge bunaithe ar an úrscéal The Island of Horses le hEilís Dillon.