Sheol Coimisiún na Meán a chomhairliúchán poiblí inniu (28.09.2026) maidir le Straitéis nua um Sheirbhísí Craolacháin (SSC). Tá sé d’aidhm ag an Straitéis treoir shoiléir a leagan amach maidir le cur chuige an Choimisiúin i leith seirbhísí craolacháin raidió agus teilifíse a cheadúnú agus eolas a dhéanamh dá chuid pleananna ceadúnaithe don tréimhse ilbhliantúil amach romhainn.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin seo tuairimí a lorg maidir le treo an cheadúnaithe agus an chreata rialála a bhaineann leis amach anseo. I measc na dtograí ón gCoimisiún tá freagairt do na hionchais athraitheacha atá ag an lucht féachana/éisteachta maidir leis na meáin in Éirinn, feabhas a chur ar sholáthar rogha agus cáilíochta in inneachar atá ábhartha ó thaobh chultúr na hÉireann de agus carachtar áitiúil na meán neamhspleách a chosaint, fad is a thugtar solúbthacht níos mó sa chóras rialála do chraoltóirí raidió, agus é á aithint go bhfuil athrú tagtha ar an gcaoi a mbreathnaíonn an lucht féachana/éisteachta ar na meáin chraolta, ar an gcaoi a n-éisteann sé leo agus ar an gcaoi a bpléann sé leo. Tá sé beartaithe sa straitéis fiosrú a dhéanamh ar dheiseanna maidir le soláthar seirbhísí fuaime agus closamhairc nua. Tá barúlacha á lorg freisin maidir le hathchóiriú reachtach amach anseo.
Ag labhairt di ag seoladh an chomhairliúcháin inniu, dúirt an Coimisinéir um Chraoltóireacht agus Físeáin ar Éileamh, Aoife MacEvilly: “Tá athrú ó bhonn tagtha ar thírdhreach na meán le roinnt mhaith de bhlianta anuas. Tá athrú tagtha ar iompraíocht lucht féachana/éisteachta, tá teicneolaíochtaí agus modhanna dáileacháin nua tagtha chun cinn, tá craoltóirí ag feidhmiú mar sholáthraithe meán ilardáin, agus tá an iomaíocht ó sheirbhísí digiteacha domhanda tar éis géarú.
Ceann de phríomhaidhmeanna ár Straitéise nuaí um Sheirbhísí Comhairliúcháin atá beartaithe is ea éascaíocht a dhéanamh d’fhorbairt earnála craolacháin neamhspleáiche atá freagrach, bríomhar, freagrúil agus inbhuanaithe, earnáil a fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, agus éagsúlacht chultúrtha mhéadaitheach a lucht féachana/éisteachta á cur san áireamh.
Cuireann an comhairliúchán leis an taighde fairsing ar lucht féachana/éisteachta, anailís mhargaidh, taighde ar an lucht féachana/éisteachta agus ar úsáid na meán, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus measúnuithe teicniúla a rinne an Coimisiún le linn 2025 agus 2026. Spreagfainn don phobal agus do chraoltóirí araon leis an deis seo a thapú agus a gcion a rá agus cur leis an gcur is cúiteamh ar fhorbairt thírdhreach na meán neamhspleách in Éirinn amach anseo.”
Beidh an straitéis nua atá beartaithe i bhfeidhm ar feadh tréimhse ina mbeidh athrú struchtúrach leanúnach ar bun in earnáil na meán craolta. Cuimsítear léi raon leathan tograí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
- Ceadúnú raidió FM agus DAB+ amach anseo;
- Áitiúlachas, réigiúnachas agus luach pobail;
- Ceadúnú teilifíse amach anseo agus DTT;
- Rialáil bunaithe ar thorthaí agus seachadadh ilardáin;
- Intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; agus
- An creat rialála amach anseo
Is é an 9 Samhain 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Tuairiscí
- Fiúntas na Meán Neamhspleách [Béarla] (PDF), Bricolage, Meán Fómhair 2025
- Scáileáin, Sruthanna agus Aerthonnta: Fiosrú ar Nósanna Úsáide na Meán in Éirinn agus ar Dhearcthaí ar na Meáin Chraolta agus ar na Meáin Seirbhíse Poiblí [Béarla] (PDF), Taighde RED C, Samhain 2025
- Analís Mhargaidh ar an Earnáil Chraolacháin Neamhspleách [Béarla] (PDF), Indecon International Economic and Strategic Consultants, Márta 2026