An Scéim um Chlaochlú Digiteach ar oscailt le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Hands typing on laptop

Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara maidir lenár Scéim nua um Chlaochlú Digiteach, ar fiú thart ar €3 mhilliún í. Leanann an treoirthionscadal seo moltaí ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán, chun ‘scéim a fhorbairt chun tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí meán a bhfuil cabhair de dhíth orthu chun nuálaíocht a dhéanamh agus chun aistriú chuig an timpeallacht faisnéise digití’.

Cuirfidh an Scéim maoiniú ar fáil chun tacú le soláthraithe ábhair seirbhíse poiblí, ar bhonn atá neodrach ó thaobh ardáin de, aistriú chuig samhlacha digiteacha inbhuanaithe. Cuideoidh sé seo le hinmharthanacht fhadtéarmach ábhair seirbhíse poiblí ardcháilíochta atá neamhspleách, iontaofa, inrochtana agus éagsúil a áirithiú.

Chun cóipeanna den dréachtscéim a fháil, seol ríomhphost chugainn ag [email protected] (líne ábhair: Comhairliúchán DTS). Is féidir leat do fhreagra a sheoladh ar ríomhphost chuig an seoladh céanna, nó foirm a chlárú agus a chomhlánú ar líne ag: cnam.submit.com. 

Is é an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí ná 12 meán lae Déardaoin, an 4 Meán Fómhair 2025.