
De réir a dtuairiscí, bhí nach mór 60% de na hiarrthóirí san olltoghchán agus nach mór leath na n iarrthóirí sna toghcháin áitiúla ar a ndearnadh suirbhé orthu thíos le hiompar diúltach ar líne le linn an olltoghcháin agus na dtoghchán áitiúil is déanaí. Tá na torthaí i dtuarascáil taighde a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán inniu (02.09.2025).
Sa tuarascáil, déantar scrúdú ar na heispéiris ar líne a bhí ag na hiarrthóirí a ghlac páirt i dToghcháin Áitiúla agus Olltoghchán 2024 in Éirinn. Tá an tuarascáil bunaithe ar shuirbhéanna cuimsitheacha agus ar agallaimh cháilíochtúla dhoimhne le hiarrthóirí ón dá thoghchán.
Dúirt John Evans, Coimisinéir Seirbhísí Digiteacha Choimisiún na Meán: “Is príomhthosaíocht de chuid Choimisiún na Meán é go dtacóidh ár dtírdhreach meán le próisis dhaonlathacha agus sláine toghcháin, agus é á áirithiú gur féidir leis na rannpháirtithe uile páirt a ghlacadh go slán sábháilte sa pholaitíocht. Aithnímid na saincheisteanna tromchúiseacha a chuirtear i dtábhacht sa taighde seo maidir le méid na tocsaineachta ar líne agus leis an bhféidearthacht atá ann go mbainfí an bonn de rannpháirtíocht dhaonlathach dá deasca.
Faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne de chuid na hÉireann, tá Coimisiún na Meán tiomanta do dhul i ngleic le díobhálacha a shainaithnítear tríd an taighde agus maolú a dhéanamh orthu. Bíonn an Coimisiún ag plé go gníomhach le hardáin ar líne, agus bonn fianaise láidir á thógáil aige agus ionchais shoiléire á gcoinneáil ar bun aige go gcomhlíonfaidh na hardáin a bhfreagrachtaí dlíthiúla. Ábhar tromchúiseach is ea neamhchomhlíonadh as ar féidir smachtbhannaí teacht lena n áirítear pionóis airgeadais shuntasacha. Coinneoimid ardáin cuntasach as aon sáruithe, agus oibreoimid go dlúth leis an gCoimisiún Eorpach chun dul i ngleic le rioscaí sistéamacha ar na hardáin is mó. Beidh na saincheisteanna a shainaithnítear sa taighde seo á dtarraingt anuas againn leis an gCoimisiún agus lenár gcomhrialálaithe ar fud an Aontais Eorpaigh.”
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán, “Tá daonlathas rathúil agus tírdhreach meán rathúil fite fuaite ina chéile, agus ag Coimisiún na Meán leanaimid de lámh a bheith againn sa phróiseas sin. Mar chuid de sin, áirítear beartas iolrachta nua a fhorbairt agus a rolladh amach do na meáin in Éirinn, suas le 10 milliún euro a infheistiú go bliantúil i scéimeanna iriseoireachta éagsúla, lena n áirítear scéim daonlathais áitiúil, agus tionscnaimh forbartha earnála éagsúla a ceapadh chun an tionscal a chosaint san am atá le teacht.”
I dtorthaí na tuarascála, cuirtear i dtábhacht freisin go bhfuil gá le comhar trasghníomhaireachta agus tá Coimisiún na Meán ag leanúint de dhul i gcomhar le páirtithe leasmhara eile, lena n áirítear páirtithe polaitíochta, comhlachtaí ionadaíocha, an tsochaí shibhialta, an Garda Síochána agus gníomhaireachtaí stáit eile.