Inniu (21.07.2026), d’fhógair Coimisiún na Meán maoiniú beagnach €700,000 le haghaidh réimse éagsúil de thionscadail nua craolacháin pobail faoin mBabhta Sochair Shóisialta is déanaí den Scéim Fuaim & Fís. Cuireann an Babhta Sochair Shóisialta tacaíocht ar fáil do chraoltóirí pobail chun tionscnaimh a chur i láthair a bhfuil tionchar sóisialta dearfach acu trí chlársceidealú, oiliúint agus tionscnaimh oideachais. Forbraítear na tionscadail seo chun tairbhe a dhéanamh do phobail áitiúla agus do phobail leasa ar fud na hÉireann.
Ag labhairt faoin bpacáiste maoinithe inniu, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ar son Choimisiún na Meán: “Tá lúcháir orainn a bheith fós ag tacú agus ag ceiliúradh éagsúlacht na bpobal ar fud na hÉireann tríd an maoiniú atá á chur ar fáil faoin mBabhta Sochair Shóisialta dár Scéim Fuaim & Fís. Tacóidh ár maoiniú le Craoltóirí Pobail chun éagsúlacht a bpobail a léiriú agus a cheiliúradh trína gclársceidealú chomh maith le forbairt a dhéanamh ar chumas an phobail páirt a ghlacadh sa phróiseas léiriúcháin trí scileanna agus acmhainní atá ar fáil cheana a fhorbairt. Táimid ag tnúth go mór le bheith ag obair le Craoltóirí Pobail i gcónaí chun a chinntiú go gcoinnítear agus go bhfeabhsaítear ábhar meán pobail a chuireann sochar sóisialta chun cinn ar fud na hÉireann.”
Seo a leanas samplaí d’iarratais rathúla:
- Athlone Community Radio – Voices of Our Community, a chuirfidh breis agus 40 uair an chloig d’oiliúint meáin pobail ar fáil, in éineacht le léiriúchán ábhair a bhaineann le réimse éagsúil grúpaí a bhfuil tearcionadaíocht acu ar nós cónaitheoirí tithe altranais agus pobail imirceacha i mBaile Átha Luain.
- Connemara Community Radio – a chuirfidh réimse d’ábhar pobail trí mheán na Gaeilge ar fáil, Eco-Slot ina measc, ina dtabharfar léiriú ar ghuth feirmeoirí agus úinéirí talún sa Ghaeltacht.
- Community Radio Youghal – a chuirfidh clársceidealú agus gníomhaíocht oiliúna ar fáil a thacaíonn leis an sochar sóisialta, rannpháirtíocht, agus aontacht pobail, cuid de chlár St. Raphael’s Centre ina measc, tionscnamh le haghaidh daoine fásta a bhfuil míchumas intleachta agus coirp ag dul dóibh.
- Cork Community Television – Local Spotlight, beidh an tsraith faisnéise seo bunaithe ar sheanchas pobail, chun grúpaí imeallaithe a spreagadh chun a gcuid scéalta féin a mhúnlú agus a roinnt.
- Life FM – le sraith darb ainm What’s Your Story?, ina mbeidh 10 gclár a dhéanfaidh plé ar thurais chreidimh aonair taobh istigh de phobal Críostaí Chorcaí. Inseoidh rannpháirtí áitiúil a scéal pearsanta féin i ngach eagrán.
- Near FM – a léireoidh ocht snáithe idirnasctha, lena n-áirítear tionscnamh oiliúna dar teideal Women Behind the Mic chun bealach soiléir agus struchtúrtha a chruthú chun deis a thabhairt do na mná dul chun cinn a dhéanamh taobh istigh de léiriúchán raidió.
- Ros FM – a bhfuil sé i gceist acu clár il-shnáithe de chraolachán agus de ghníomhaíocht oiliúna atá dírithe ar a mbaill a reáchtáil, ina gcuirfear béim ar phobail imirceacha, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar sheandaoine, chomh maith le Meascán Dé Máirt, pobal na Gaeilge.
- Scariff Bay Community Radio – a chuirfidh ceithre shnáithe de chlársceidealú ar fáil, béim ábhair ar leith ag gach ceann acu, idir stair áitiúil agus scéalta pearsanta agus na healaíona cruthaitheacha agus pobail scoile. Beidh réimse éagsúil rannpháirtithe idir óg agus aosta páirteach ann, ar an aer agus den aer.
Tá Babhtaí Sochair Shóisialta den Scéim Fuaim & Fís bunaithe ar an mBeartas um Meáin Phobail agus ar an gCreat Sochair Shóisialta. Tá sé mar aidhm acu tacaíocht a thabhairt do Chraoltóirí Pobail chun rochtain níos fearr a sholáthar, agus ionadaíocht a dhéanamh ar éagsúlacht na bpobal áitiúil, na bpobal comhleasa nó na bpobal sainspéise, ina gceantair féin.