D’fhógair Coimisiún na Meán clár nua tionscadal agus tionscnamh meán uile-oileáin trasteorann inniu (19.11.2025), ar fiú €14 milliún é faoin gciste nua, Ciste Meán an Oileáin Chomhroinnte. Is é Roinn an Taoisigh a thug an maoiniú faoi Oileán Comhroinnte, tionscnamh de chuid an rialtais, agus is é an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt a shann an maoiniú do Choimisiún na Meán. Is é is aidhm don tionscnamh rialtais Oileán Comhroinnte leas iomlán a bhaint as Comhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán.
I measc na dtionscadal a chuirfidh Coimisiún na Meán ar fáil faoi Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte tá forbairt an tionscnaimh maoinithe iriseoireachta ‘Iriseoireacht Oileáin Chomhroinnte Gan Teorainneacha’, chun foráil a dhéanamh do bhabhtaí maoinithe lena spreagfar cruthú an tuairiscithe trasteorann ar bhonn leanúnach agus tacaíocht a sholáthar d’acmhainneacht agus inbhuanaitheacht an tuairiscithe sin sna blianta amach romhainn. Chomh maith leis sin, soláthróidh Coimisiún na Meán trí bhabhta nua den scéim maoinithe rathúil Fuaim & Fís, atá ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód ag tacú le clársceidealú teilifíse agus raidió in Éirinn. Leis na babhtaí nua neamhspleácha de chuid Fuaim & Fís – ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’ – maoineofar clársceidealú lena dtacófar le todhchaí chomhroinnte, lena gcuirfear chun cinn malartú cultúir agus lena gceiliúrfar oidhreacht éagsúil an oileáin. Tabharfar spreagadh gné thrasteorann nó thrasphobail a bheith ag gabháil leis na léiriúcháin, lena spreagfar comhoibriú idir léiritheoirí, an lucht cruthaitheachta agus craoltóirí ar fud an oileáin. Rithfear na babhtaí nua seo gach bliain go ceann trí bliana.
Tacófar le tionscnamh nua ‘Scéalta agus Eispéiris an Oileáin Chomhroinnte’ freisin. Éascófar leis sin forbairt smaointe cruthaitheacha agus tallann nua ar bhonn uile-oileáin, cosúil le comhpháirtíocht rathúil Cine4 inar soláthraíodh maoiniú do An Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán do ghradam Oscar.
Anuas air sin, fiosróidh an Coimisiún deiseanna féideartha chun obair i gcomhar le comhpháirtithe i dTuaisceart Éireann chun tacú leo tionscnaimh luachmhara um litearthacht sna meáin a chur chun cinn agus a chur ar fáil, agus tá sé d’aidhm aige tionscadal comhaontaithe um litearthacht sna meáin a áireamh le linn thréimhse na scéime.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán, an méid seo a leanas: ‘Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach meán inbhuanaithe, iolraíoch agus rannpháirteach a fhorbairt d’Éirinn, lena múnlaítear ár bhféiniúlacht mar shochaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Patrick O’Donovan as maoiniú a chur ar fáil don chiste nua tábhachtach seo, Ciste Meán an Oileáin Chomhroinnte. Tá lúcháir ar an gCoimisiún inniu an chéad chlár gníomhaíochtaí faoin gCiste nua a fhógairt chun cur leis an gcomhoibriú, leis an gcomhar agus leis an gcruthaitheacht ar fud an oileáin.
‘Is é an uaillmhian atá againn ná go léireodh tírdhreach meán na hÉireann na cultúir agus na traidisiúin ar fad, agus go léireofaí leis an tuairisciú a léimid i gcló agus ar líne, agus na cláir a fheicimid ar an teilifís agus a chloisimid ar an raidió, ár n-oidhreacht éagsúil, ár stair shaibhir agus ár dtuiscint chomhroinnte. Leis an tacaíocht don iriseoireacht trasteorann, litearthacht sna meáin ar fud an oileáin agus ábhar craoltóireachta comhoibríoch nua, beidh ról fíorthábhachtach ag Ciste Meán an Oileáin Chomhroinnte i ndáil le tacú le todhchaí chomhroinnte do na pobail uile ar an oileán.’
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan TD: “Cuirim fáilte ó chroí roimh fhógra an lae inniu maidir le Ciste Meán an Oileáin Chomhroinnte. Is céim shuntasach í seo i dtreo pobail éagsúla ar fud fad an oileáin seo a thabhairt le chéile agus na ceangail eatarthu a dhaingniú. Is infheistíocht phraiticiúil í seo, atá dírithe ar an todhchaí, a thacóidh le tuairisciú agus le scéalta d’ardchaighdeáin a chruthú go leanúnach ar dhá thaobh den teorainn, ní hamháin in amanna géarchéime. Tacóidh an ciste seo le hiriseoireacht chomhoibríoch agus le tallann chruthaitheach nua a spreagadh. Mar thoradh air sin, cuirfidh sé le tuiscint níos doimhne agus le dearcadh níos leithne. Tá mé muiníneach agus dóchasach maidir leis an tionchar dearfach a bheidh ag an infheistíocht seo ar thírdhreach na meán ar an oileán seo ina iomláine.”
Faoi Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte, bunóidh Coimisiún na Meán Fóraim Meán an Oileáin Chomhroinnte. Faoi na fóraim nua sin beidh sraith imeachtaí, a mbeidh sé d’aidhm acu tuiscint ar thírdhreach na meán ar fud an oileáin a thuiscint agus líonraí agus deiseanna comhair trasteorann a fhorbairt idir iriseoirí ar fud an oileáin. Cuirfidh na himeachtaí sin eolas ar fáil do thionscnaimh mhaoinithe ar mhaithe le hiriseoireacht nua freisin, agus cuirfidh siad lena múnlú.
Anuas ar an tacaíocht a thugann an Coimisiún don iriseoireacht cheana féin, forbrófar tionscnamh nua ‘Oileán Comhroinnte – Iriseoireacht Gan Teorainneacha’ chun tuairisciú gairmiúil trasteorann a spreagadh agus chun tacú leis. Díreofar leis sin ar iriseoirí óga agus céimithe. Tacóidh an tionscnamh sin le hiriseoireacht chlóite, chraoltóireachta agus dhigiteach. Seolfar an scéim in 2026.