Ciste nua Scileanna agus Forbartha Meán seolta chun tacú le seiceáil fíricí

D’eisigh Coimisiún na Meán inniu (04.06.2026) glao ar iarratais ar mhaoiniú chun oiliúint i seiceáil fíricí, réamhbhréagnú agus bréagnú a fhorbairt agus a chur ar fáil. Beidh an oiliúint seo, le forbairt in 2026, dírithe ar iriseoirí ar céimithe iad, iriseoirí luathghairme agus lárghairme agus ar ghairmithe sna meáin atá ag obair i nuacht agus i gcúrsaí reatha. D’fhéadfadh saineolas in oiliúint réamhbhréagnaithe a bheith mar chuid den oiliúint seo; réamhrabhadh faoi iarrachtaí ionramhála/straitéisí míthreoracha nó oiliúint sa bhréagnú, a leagann béim ar a léiriú go bhfuil píosa eolais bréagach agus aird á tarraingt ar a bhfuil fíor san am céanna.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá an maoiniú seo ina chuid lárnach de Chlár Oiliúna agus Forbartha na Meán de chuid an Choimisiúin agus é mar aidhm aige tacú le gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha ar fud earnáil na meán. Tacóidh an snáithe tiomnaithe seo den Chlár le fás an tsaineolais seiceála fíricí i meáin na hÉireann i gcomhréir leis an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise (NCDS) a foilsíodh anuraidh.”

“Tá an ciste oscailte d’institiúidí acadúla, comhlachtaí ionadaíocha d’eintitis na meán rialaithe agus comhlachtaí creidiúnaithe a bhfuil saineolas acu ar sheiceáil fíricí. Chuirfimis fáilte roimh iarratais ó chomhpháirtíochtaí agus deiseanna comhoibrithe le heagraíocht meán chomh maith. Ní mór d’iarratais ar mhaoiniú ailíniú leis an NDCS a léiriú, a tharraing aird ar thábhacht an tsaineolais i seiceáil fíricí agus sa réamhbhréagnú i meáin na hÉireann agus atá tiomanta d’fhoinsí maoinithe do ghníomhaíochtaí oiliúna gaolmhara a aimsiú.”

Comhlíonann an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán a d’aithin dúshláin na bréagaisnéise. Tá roinnt gealltanas mar chuid den Straitéis a leagann béim ar thionscnaimh amhail seiceáil fíricí, litearthacht sna meáin agus tacú le muinín sna meáin.

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, TD: “Tá an-áthas orm tacú leis an snáithe seiceála fíricí seo de Chiste Oiliúna agus Forbartha Choimisiún na Meán, lena gcuirfear le scileanna agus saineolas gairmithe meán. Tá earnáil na meán in Éirinn fuinniúil agus folláin, agus ní mór dúinn leanúint le tacú léi.

“Tá sé de chuspóir ag an Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise, a foilsíodh i mí Aibreáin 2025, earnáil mheán láidir neamhspleách a chothú, a chuireann iriseoireacht ardchaighdeáin ar fáil agus atá ceaptha chun coimhoibriú a spreagadh. Mar sin, is údar sásaimh é go dtacóidh an scéim le comhpháirtíochtaí agus le comhoibriú.

“Tagann an maoiniú seo, chomh maith leis an scéim tacaíochta litearthachta sna meáin, a chuirfidh Coimisiún na Meán ar fáil, agus an glao ar thograí taighde, á seachadadh ag Acadamh Ríoga na hÉireann, as an €1.1 milliún a shocraigh mé féin sa Bhuiséad anuraidh chun tacú le cur chun feidhme na Straitéise.”

Tá eolas maidir le hiarratais a chur isteach ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Is é an 2 Iúil 2026 an dáta deiridh d’iarratais.

Is féidir iarratais ar mhaoiniú a bheith ar mhaithe le hoiliúint céimithe/luathghairme maidir le seiceáil fíricí, réamhbhréagnú agus bréagnú; soláthar meantóireachta nó intéirneachta le béim ar sheiceáil fíricí sna meáin agus/nó comhpháirtíochtaí a éascaíonn rochtain ar oiliúint. Ní mór na gníomhaíochtaí ar fad a dhéanamh in 2026.