
D’fhoilsigh Coimisiún na Meán, i gcomhpháirtíocht le Scoil Dlí Choláiste na Tríonóide, aiste maidir le rialáil meán an AE a d’ullmhaigh an mac léinn is fearr atá ag tabhairt faoin modúl Rialáil Meán an AE, mar chuid den chlár iarchéime, Máistir Dlíthe, i gColáiste na Tríonóide. Dearadh an tionscnamh chun díospóireacht phoiblí faoi bheartas agus cleachtas na meán a chur chun cinn. ‘Fighting Fire with Fire. A critical examination of the European Union’s ban on Russian state media’ (Béarla) an teideal atá ar an aiste a bhuaigh in 2025. Grace Ryan a scríobh an aiste agus an Dr Ewa Komorek, ollamh taca cúnta, Coláiste na Tríonóide, a chuir in eagar.