Gach Nuacht

Comhairliúchán Poiblí ar siúl ag Coimisiún na Meán maidir leis an gcéad Chód Sábháilteachta Ar Líne de chuid na hÉireann

Foilsithe ar

08,12,2023

Comhairliúchán faoi rialacha ceangailteacha maidir le hardáin chomhroinnte físeán ar mhaithe le daoine fásta agus leanaí a choinneáil sábháilte

Chuir Coimisiún na Meán, an comhlacht nua a dhéanann rialáil in Éirinn ar chraoltóirí, ar sheirbhísí ar éileamh, agus ar na meáin ar líne, agus a fhónann d’fhorbairt na meán, tús inniu (08.12.23) le comhairliúchán poiblí faoin dréacht de Chód Sábháilteachta Ar Líne maidir le seirbhísí na n-ardán comhroinnte físeán.

Nuair a thugtar an comhairliúchán chun críche, beidh an Cód críochnúil ina chuid de chreat sábháilteachta ar líne don tír, agus beidh seirbhísí digiteacha freagrach faoin dlí as an modh ina gcoinníonn siad daoine sábháilte ar líne.  Beidh Gníomh an AE um Sheirbhísí Digiteacha agus Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne arna gcur i bhfeidhm in Éirinn ag Coimisiún na Meán san áireamh sa chreat seo freisin.

Leagtar amach bearta sa dréacht den Chód a mbeidh ceangailte ar ardáin ainmnithe comhroinnte físeán iad a chur i bhfeidhm ionas go gcoinnítear an lucht úsáide, na leanaí go háirithe, sábháilte ar líne.  Beidh ar na hardáin seo leanaí a chosaint ar chineálacha faoi leith den ábhar dochrach.  Tagann san áireamh leis sin cibearbhulaíocht; ábhar ar líne lena spreagtar nó lena gcuirtear chun cinn mí-ord cothúcháin nó itheacháin; agus ábhar ar líne lena spreagtar nó lena gcuirtear chun cinn féindíobháil nó féinmharú.  Áirítear ar na bearta, deiseanna teicneolaíochta dochta a úsáid maidir le haois a dhearbhú ionas nach bhfoilsítear ábhar mí-chuí, mar shampla pornagrafaíocht, do leanaí.  Ag gabháil leis na bearta seo, ní mór uirlisí a chur ar fáil do thuismitheoirí freisin lenar féidir leo a chinntiú nach bhfeiceann leanaí ábhar mídhleathach nó ábhar dochrach ar líne.

Beidh ar na hardáin uaslódáil nó scaipeadh ar ábhar mídhleathach de chineálacha éagsúla a chosc, lena n-áirítear ábhar lena spreagtar fuath nó foréigean.  Beidh orthu chomh maith uirlisí ar mhaithe le litearthacht sna meáin a chur ar fáil don lucht úsáide, rud a chuidíonn le daoine bréagaisnéis agus mífhaisnéis a thabhairt chun aire.

Nuair a bheidh leagan críochnúil den Chód ar fáil, beidh sé ceangailteach faoin dlí maidir le hardáin ainmnithe chomhroinnte físeán atá lonnaithe in Éirinn.  Is féidir le Coimisiún na Meán fíneáil suas le €20 milliún a ghearradh i gcásanna ina sáraítear an Cód.

Dúirt Niamh Hodnett, an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne: “Tá Coimisiún na Meán diongbháilte de go mbeidh úsáid á baint as gach cumhacht dá leagtar air chun daoine a choinneáil sábháilte ar líne.  Is beart suntasach an dréacht seo den Chód a fhoilsiú maidir leis an athrú ó fhéinrialáil na n-ardán féin go dtí córas éifeachtach rialála.  Tagann an dréacht den Chód faoi anáil na dtuairimí a cruinníodh mar chuid den comhairle i rith an tsamhraidh le h-eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le lucht an tionscail.  Is mór an tairbhe a bhí againn as an léargais uathusan agus cód docht á leagan amach.  Tá cuireadh á thabhairt anois do dhaoine den phobal a gcuid tuairimí a chur i láthair maidir leis an ngné ríthábhachtach seo den réimeas nua sábháilteachta ar líne.”

Dúirt sí freisin: “A luaithe a bhíonn deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin, tabharfar an obair ar an gcéad chód sábháilteachta ar líne de chuid na hÉireann chun críche.  Beidh aontú á lorg ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gcód a chur i bhfeidhm.  Leis an rialáil éifeachtúil seo ar ardáin comhroinnte físeán, déanfar maolú suntasach ar an dochar do leanaí agus do dhaoine óga a d’fhéadfadh a theacht ó na seirbhísí seo.”

Is féidir an dréacht den Chód agus an cháipéis comhairliúcháin a fháil anseo.  Beidh glacadh le hábhar comhairliúcháin go dtí Dé hAoine, an 19 Eanáir 2024.

CRÍOCH

Comhfhreagras ó lucht na meán cumarsáide : Joanne Ahern / Síona Cahill, DHR Communications, Teil: 087-9881837 / 087-7530255.

Fiosrúchán eile: Coimisiún na Meán, 01-6441200.

Nótaí don Eagarthóir:

  • Tá Niamh Hodnett, an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne agus Jeremy Godfrey, Cathaoirleach Feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, ar fáil le haghaidh agallaimh ach sin a iarraidh.
  • Tá breis eolais maidir leis an dréacht Cód le fáil sna cáipéisí seo, Ceisteanna & Freagraí.

Maidir le Coimisiún na Meán:

Is é Coimisiún na Meán an coimisiún nua a dhéanann rialáil in Éirinn ar chraoltóirí, ar sheirbhísí ar éileamh, agus ar na meáin ar líne, agus a fhónann d’fhorbairt na meán. Cuireadh an Coimisiún ar bun i mí Márta 2023 faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022 agus beifear ag cur lena ndearna an tÚdarás Craolacháin a dtagann an Coimisiún i gcomharbacht air.  Tá de fhreagracht ar an gCoimisiún timpeallacht bhríomhar iléagsúil meán cumarsáide a chinntiú agus a chothú in Éirinn lena ndéantar áis do mheascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta agus cúrsaí reatha, chomh maith le timpeallacht ar líne atá sábháilte.

Áirítear ar na réimsí freagrachta:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar chúrsaí cistíochta agus tacaíochta maidir leis an bhforbairt ar earnáil na meán cumarsáide in Éirinn go ginearálta.
  • Maoirseacht ar chúrsaí rialála maidir le seirbhísí craolacháin agus seirbhísí físeán ar a n-éileamh.
  • An réimeas rialála in Éirinn maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Seirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán a Ainmniú

Beidh Coimisiún na Meán ag eisiúint fógra roimh dheireadh na bliana maidir leis an gcéad leagan de Sheirbhísí Ardáin Comhroinnte Físeán a ainmniú.