€10 milliún i dtacaíocht mhaoinithe le haghaidh iriseoireachta fógartha

Journalist taking notes

Inniu (15.08.2025), d’oscail Coimisiún na Meán trí bhabhta nua de scéimeanna maoinithe iriseoireachta, scéim tuairiscithe nuachta nua san áireamh.

Cuirfear maoiniú de €4 mhilliún ar fáil faoin Scéim Tuairiscithe Nuachta chun ábhar leasa phoiblí a chruthú ar bhonn neodrach ó thaobh ardáin de. Faoin scéim mhaoinithe iriseoireachta nua, clúdaítear ábhair nuachta nach ndéantar foráil shubstaintiúil ina leith faoi láthair nó a bhfuil baol ann go ndéanfar foráil easnamhach ina leith ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach araon. I measc an réimse leathan topaicí a d’fhéadfadh a cháiliú don mhaoiniú tá tionchar an bheartais phoiblí (go náisiúnta agus go háitiúil); saincheisteanna a théann i gcion ar phobail tuaithe; an t iompar; an inbhuanaitheacht; grúpaí imeallaithe agus saincheisteanna gnóthaí sóisialta agus cultúrtha atá dírithe ar an nuacht. Mar chuid den scéim nua, áirítear maoiniú €3 mhilliún atá dírithe go sonrach ar chraoltóirí raidió tráchtála, suim arna leithdháileadh ag Pádraig Ó Donnabháin, TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach na meán atá inbhuanaithe, iolraíoch, agus rannpháirteach a chothú, ceann ar féidir le tomhaltóirí muinín a chur ann. A bhuí leis an tacaíocht sheasmhach a thugaimid d’iriseoireacht ardchaighdeáin leasa phoiblí ar bhonn neodrach ó thaobh ardáin de, neartaítear earnálacha meán agus nuachta na tíre, rud lena mbaineann tábhacht ar leith i bhfianaise dhúil láidir mhuintir na hÉireann sa nuacht, mar a léirítear sa tuarascáil ó Reuters ar an Nuacht Dhigiteach a eisíodh le déanaí.

“Tá ár Scéim Tuairiscithe Nuachta nua á bunú ar bhonn píolótach agus déanfar athbhreithniú uirthi tar éis bliain amháin, agus bainfear úsáid as meastóireachtaí ar an Scéim seo chun eolas a dhéanamh do leaganacha eile di amach anseo. Molaimid do gach iarratasóir incháilithe iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus táimid ag tnúth le haiseolas a fháil ar chur chun feidhme na Scéime Iriseoireachta nua seo.”

Is féidir le soláthraithe seirbhíse meán rialáilte a phléann leis an nuacht agus le cúrsaí reatha, nó le saoririseoir i gcomhpháirtíocht le heagraíocht meán rialáilte, iarratais a dhéanamh ar an Scéim Tuairiscithe Nuachta.

Dúirt an tAire Pádraig Ó Donnabháin: ‘Ag cur le rath Babhta 1 de na Scéimeanna Tuairiscithe an Daonlathais Áitiúil agus na gCúirteanna, tá lúcháir orm leithdháileadh €6 milliún sa bhreis a fhógairt ionas go leanfaidh na scéimeanna seo ar aghaidh, rud a chuirfidh ar chumas eagraíochtaí meán a gcuid oibre ar údaráis áitiúla agus ar na cúirteanna a threisiú. Tá áthas orm leis, €4 mhilliún a fheiceáil ag dul go dtí Scéim Thuraiscithe Nuachta, rud a chiallaíonn go mbeidh eagraíochtaí meán in ann topaicí nuachta a thuairisciú nach ndéantar foráil shubstaintiúil ina leith faoi láthair.

‘Tá áthas orm leithdháileadh ar leith de €3 milliún a fhógairt don earnáil raidió tráchtála tríd an Scéim Tuairiscithe Nuachta, rud a thugann aitheantas don ról tábhachtach atá ag seirbhísí raidió tráchtála i soláthar nuachta ar ard-chaigheán do luchtanna éisteachta áitiúla agus náisiúnta.

‘Tá an leithdháileadh seo i gcomhréir leis an ngealltanas i gClár an Rialtais maoiniú so-aimsithe a chur ar fáil chun tacú le soláthar ábhair oibiachtiúil nuachta agus cúrsaí reatha, agus cuirfidh sé leis na tacaíochtaí leanúnacha a chuirtear ar fáil don earnáil raidió tráchtála tríd an Scéim Fuaime & Físe.

‘Tá ról thar a bheith luachmhar ag stáisiúin raidió trácthála i rannpháirtíocht agus aontacht phobail, agus i gcur chun cinn an ionchuimsithe shóisialta ar fud na tíre. Soláthraíonn siad seirbhís phoiblí ríthábhachtach i seachadadh eolais ar féidir le muintir na tíre muinín a bheith acu as.’

Idir an dá linn, tá maoiniú de €6 milliún ar fáil anois faoi bhabhta 2 de Scéimeanna Tuairiscithe an Daonlathais Áitiúil agus na gCúirteanna de chuid Choimisiún na Meán, scéimeanna a d’oscail le haghaidh iarratas inniu freisin. Ba é an toradh a bhí ar bhabhta 1 de na Scéimeanna sin, a seoladh in 2024, ná gur cruthaíodh níos mó ná 100 post iriseoireachta nua.

Tá Coimisiún na Meán ag cur fáilte roimh iarratais do mhaoiniú faoi na Scéimeanna seo.

Treoir d’Iarratasóirí

Foirmeacha iarratais