
D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (18.09.2025) go bhfuil €6.46 milliún de mhaoiniú le bronnadh ar léiriúcháin raidió agus teilifíse ar fud na tíre mar chuid den bhabhta is déanaí den scéim Fuaim agus Fís. I mBabhta 56, tacófar le 57 tionscadal ardchaighdeáin atá tábhachtach ó thaobh an chultúir de a léiriú le haghaidh lucht féachana na hÉireann, atá le craoladh ar fud na stáisiún náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus pobail. Leis sin, tugtar an méid iomlán maoinithe a bronnadh i mbliana go dtí seo chuig timpeall €14.3 milliún.
Leis an maoiniú sin, tacófar le rogha leathan formáidí a léiriú; lena n-áirítear: Beochan, Cláir Faisnéise, Drámaíocht, Oideachas, agus Siamsaíocht, lena n-áirítear léiriúcháin chun freastal ar lucht féachana níos óige.
Is le haghaidh tionscadail Ghaeilge nó dhátheangacha a bheidh os cionn €2.9 milliún nó 46% de, a chraolfar ar réimse cainéal.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán le Coimisiún na Meán: ‘Lenár mbabhta is déanaí de mhaoiniú Fuaim agus Fís, cuirfear uaireanta an chloig gan áireamh ar fáil de chlársceidealú, i nGaeilge agus i mBéarla, do lucht féachana na hÉireann, idir óg agus aosta agus as gach cúlra. Feictear éagsúlacht ár sochaí atá ag dul i méid sna léiriúcháin ar tugadh maoiniú dóibh, agus leagtar béim ar sprioc Choimisiún na Meán maidir le tacú le tírdhreach meáin atá inrochtana, ionchuimsitheach agus ar léiriú é ar Éirinn chomhaimseartha, agus an tírdhreach sin a chothú.
‘Is foinse mhaoiniúcháin ríthábhachtach í Fuaim agus Fís i gcónaí don earnáil léiriúcháin neamhspleách, a gheobhaidh 97% den mhaoiniú a bhronnfar, lena n-áirítear €750,000 le haghaidh léiritheoirí neamhspleácha raidió.
Bhí an t-éileamh ar mhaoiniú beagnach 4 oiread an mhéid a bhí ar fáil an babhta seo, ar léiriú é ar an tóir a bhíonn ar an Scéim agus an ról ríthábhachtach atá aici maidir leis an gcruthaitheacht agus an éagsúlacht a chothú, agus feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht in earnálacha an léiriúcháin neamhspleách agus na craoltóireachta.’
Seo a leanas roinnt samplaí d’iarratais rathúla:
- Crá Sraith 2 – Mistéir, marú agus fear faoi bhrú. Déanann Crá Sraith 2 iniúchadh ar shaol pearsanta agus gairmiúil fhorfheidhmithe an dlí i dtír gan dlí. Is faoi bhleachtaire atá faoi oiliúint (Conall) Crá Sraith 2, tá sé ag éalú ó na rudaí a rinne sé san am a chuaigh thart. Is sraith í le greann dorcha, cor, casadh agus cásanna go leor. Arna léiriú ag Meangadh Fíbín lena chraoladh ar TG4.
- Poetic Keys: An Ode to County Clare – sa tsraith seo déantar ceiliúradh ar fhilíocht shaibhir Chontae an Chláir. Cuirfidh duine de na pianódóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn ceol léi. Cuirtear le macalla mothúchánach gach píosa leis an meascán seo de véarsa agus d’fhonn, atá bunaithe ar an oidhreacht áitiúil, agus cuirtear beocht i spiorad Chontae an Chláir. Arna léiriú ag Padraic Flaherty lena chraoladh ar Clare FM.
- Do Not Watch Alone – sraith drámaíochta díolama do pháistí atá tarraingteach, siamsúil agus stíliúil. Deich scéal nua-aimseartha, ina bhfuil insintí aoisoiriúnacha fantaiseacha, iontacha, a dearadh chun tuiscint agus meas níos fearr a chothú ar chultúr, oidhreacht, agus eispéireas na hÉireann i measc lucht féachana níos óige. Arna léiriú ag Firebrand Productions lena chraoladh ar RTÉ 2
- Irish Music Month 2025 – togra de chuid Hot Press agus Chraoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (CNÉ) chun tacú le healaíontóirí Éireannacha. Is éard atá i gceist leis ná go gcuirfear go mór le ham craolta cheol agus ealaíontóirí na hÉireann ar stáisiúin raidió ar fud na hÉireann atá ag glacadh páirt ann. Arna léiriú ag Hot Press lena chraoladh ar réimse stáisiún raidió tráchtála.
- Dilín ag Damhsa – sraith réamhscoile úrnua agus nuálach is ea Dilín ag Damhsa. Molann Dilín do leanaí idir 3-5 bliana d’aois a gcorp a bhogadh, a gcuid scileanna comhordaithe & luaile a fhorbairt, agus Gaeilge a labhairt. Gluaiseacht atá ann go príomha, fite fuaite le miotaseolaíocht, cultúr, agus teanga na hÉireann i ngach uile chasadh, céim, agus tuisle. Arna léiriú ag Macalla lena chraoladh ar Cúla 4.
- Cuan an Cheoil 6 – is sraith cheoil é Cuan an Cheoil le 10 n-eipeasóid 90 nóiméad le mórcheoltóirí na Gaeilge, taifeadta beo i Stiúideo Cuan sa Spidéal, le duine de mhórphearsana ceoil na hÉireann, Liam Ó Maonlaí mar láithreoir agus é i mbun ceoil agus comhrá leis na haíonna. Atmaisféar teolaí, pearsanta, machnamhach le scoth an cheoil, comhrá agus amhránaíochta ó phlúr na gceoltóirí. Arna léiriú ag Stiúideo Cuan lena chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
- Brain Doctors 2 – Is éard atá i gceist le Brain Doctors ná bliain nua i saol na rannóige néareolaíochta in Ospidéal Beaumont agus na foirne leighis agus tacaíochta den scoth a bhíonn ag obair ann gach lá chun beatha a n-othar a shábháil, agus iad ag dul i ngleic le brú oibre san am céanna, brú nach bhfuil taithí ag mórán againn air. Arna léiriú ag Tyrone Productions lena chraoladh ar Virgin Media One.
- Lessons in Awe – sraith raidió i gcomhar le Síciteiripeoir do Leanaí agus Daoine Óga. I measc na n-ábhar a phléifear, beidh teaghlach, pobal, spórt, nádúr, spraoi agus misneach. Arna léiriú ag Radio Kerry lena chraoladh ar an stáisiún céanna.
- The Yank – Agus í i mbun clár malartaithe leis an nGarda Síochána i nGaillimh, tarraingítear an bleachtaire sinsearach de chuid an NYPD, Nora Hill, isteach in imscrúdú ar dhúnmharú mná óige, ar fheachtasóir ar son na haeráide i gConamara í, agus an Ceannfort Walter Folan i gceannas air. Agus í i mbun an imscrúdaithe, caithfidh sí aghaidh a thabhairt ar a tráma féin agus na daoine siúd is mó léi a chur i mbaol. Arna léiriú ag Keeper Pictures lena chraoladh ar RTÉ One.
- Talking Stuff About Media – Ag obair le Coláiste Dhúlaigh, tugtar grúpa mac léinn le chéile sa tionscadal seo, chun plé a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den litearthacht sna meáin leis an lucht léinn, le hiriseoirí agus le saineolaí sa réimse sin. Le linn na sraithe, cuirfear dúshlán roimh na mic léinn an méid ama a chaitheann siad ar scáileáin a laghdú, chomh maith leis an méid ama a chaitheann siad ar na meáin shóisialta. Arna léiriú ag Near FM lena chraoladh ar an stáisiún céanna.
- Seeding the Future – Is clár faisnéise lánfhada nua iontach é Seeding the Future, ina mbaintear úsáid as cur chuige scríofa litreach úrnua chun mósáic de ghuthanna comhaimseartha a ghabháil agus an bhuncheist cheannann chéanna á cur acu uilig: ‘I saol na géarchéime éiceolaíochta seo, conas is féidir linn leas a bhaint as cumhacht chlaochlaitheach an phobail chun todhchaí níos fearr a chruthú?’ Arna léiriú ag Anú Pictures lena chraoladh ar DCTV.
- Doodle Girl Series 2 – In Doodle Girl, cuirtear domhan samhlaíoch cruthaitheach a bhíonn aisteach go minic i láthair, taobh istigh de leabhar sceitseála. Filleann ár laoch, Doodle Girl, don dara sraith lena peann luaidhe draíochta chun taiscéalaíocht a dhéanamh, cairde a dhéanamh, agus dar ndóigh, bheith ag breacadaíl! Arna léiriú ag Studio Meala agus lena chraoladh ar RTÉjr