D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (28.01.26) go bhfuil ballraíocht glactha aige i WorldDAB – an fóram tionscail domhanda um raidió Chraolachán Digiteach Fuaime (DAB+). Tagann sé seo tar éis an fhógra anuraidh go raibh an Coimisiún ag tacú le triail nua DAB+ in Éirinn, ar cuireadh tús leis mí Aibreán 2025.
Cuirfear ballraíocht WorldDAB ar chumas an Choimisiúin taithí agus dea-chleachtas a roinnt le rialtóirí, craoltóirí agus soláthraithe seirbhíse DAB ar fud an domhain agus triail DAB+ na hÉireann ag dul ar aghaidh.
Dúirt Aoife McEvilly, Coimisinéir um Chraolachán agus Físeán-ar-Éileamh Choimisiún na Meán: “Tacaíonn Coimisiún na Meán le cruthaitheacht agus nuálaíocht san earnáil raidió. Le DAB+ cuirtear deiseanna ar fáil rochtain an raidió agus éagsúlacht agus ábharthacht clár raidió a fheabhsú. Tá lúcháir orainn ballraíocht a ghlacadh i WorldDAB ag an bpointe spreagúil seo do chraolachán raidió in Éirinn, agus táimid ag tnúth le hiniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le DAB mar ardán comhlántach leis an raidió trastíre.”
Mar chuid de chéad triail DAB+ in Éirinn in 2025, d’fhaomh an Coimisiún conarthaí soláthair ábhair le haghaidh 23 seirbhís craolacháin, a sholathraíonn réimse leathan seirbhísí nua ceoil chomh maith le clársceidealú nua labhartha lena n-áirtear gnóthaí sóisialta, spórt, Gaeilge, ábhar suime don aos óg agus siamsaíocht do leanaí.
Dúirt Bernie O’Neill, Stiúrthóir Tograí WorldDAB: “Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Choimisiún na Meán mar bhall de WorldDAB. Mar rialtóir méan na hÉireann atá ag obair chun tírdhreach meán rathúil, éagsúil agus iontaofa a thógáil, táimid ag tnúth le tacú le Coimisiún na Meán agus iad ag treisiú an rogha d’éisteoirí agus ag cur le héabhlóid seirbhísí raidió ar fud na hÉireann.”
Maidir le WorldDAB
Is éard atá i WorldDAB ná an cumann tionscail domhanda atá freagrach as raidió digiteach DAB+ a shainmhíniú agus a chur chun cinn. Trí ghairmithe raidió a thabhairt le chéile, cuireann WorldDAB eolas agus oilteacht ar fáil a chuidíonn le tíortha raidió digiteach a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Tá breis is 1,600 saineolaí ó 41 tír ar fud an domhain páirteach ann lena n-áirítear craoltóirí poiblí agus tráchtála, rialtóirí, soláthraithe líonraí agus déantóirí glacadóirí, sliseanna, treallaimh phroifisiúnta, agus gluaisteán.