Fuaim & Fís 4 – Fógra maidir babhta maoinithe

Two people reviewing content on laptop

Tá na sonraí fógartha ag Coimisiún na Meán maidir le babhta maoinithe atá le teacht faoin Scéim Fuaim & Fís 4.

Osclóidh babhta nua Déardaoin, 16 Deireadh Fómhair 2025, do chraoltóirí agus do léiritheoirí neamhspleácha chun tacú le hábhar craolta a chruthú a bhfuil luach cultúrtha ag baint leis, ábhar i nGaeilge san áireamh. Dúnfar an babhta seo ag 12 meán lae, Déardaoin, 27 Samhain 2025. Táthar ag súil go mbeidh cinntí maoinithe ar fáil faoi dheireadh Mhárta 2026.

Foilseofar na treoirlínte agus na foirmeacha iarratais cuí don bhabhta seo ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Meán ar an dáta oscailte. Caithfear gach iarratas a dhéanamh tríwww.cnamonline.ie

Reáchtálfar seimineár gréasáin freisin do dhaoine atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar an scéim. Beidh na sonraí do seo ar fáil amach anseo.

D’aon fhiosrúcháin a bhaineann go sonrach leis an Scéim Fuaim & Fís déan teagmháil le [email protected]

Dáta OscailteDáta DeiridhDáta na dTorthaí
Déardaoin 16 Deireadh Fómhair 2025 Déardaoin  27 Samhain, 12 meán laeDeireadh Márta 2026