Fuaim & Fís 4 – Fógra maidir babhtaí maoinithe

Tá na sonraí fógartha ag Coimisiún na Meán maidir le babhtaí maoinithe atá le teacht faoin Scéim Fuaim & Fís 4.

Leis an mbabhta ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’ maoineofar clársceidealú lena dtacófar le todhchaí chomhroinnte, lena gcuirfear chun cinn malartú cultúir agus lena gceiliúrfar oidhreacht éagsúil an oileáin. Cuirfear tuilleadh eolais faoi na riachtanais agus na critéir don bhabhta seo ar fáil go luath.

Tabhair faoi d’aire: 
Foilseofar an teolas cuí do na babhtaí seo ar shuíomh gréasáin Choimisiúin na Meán agus ar shuíomh na niarratas, ar an dáta oscailte. 
Reáchtálfar seimineár gréasáin do na babhtaí éagsúla dóibh siúd atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh. Cuirfear na sonraí maidir leis seo ar fáil amach anseo.

Babhta maoinithe Dáta oscailteDáta dúntaDáta na gcinntí
59 – Babhta Sochar Sóisialta12 Márta 2026  23 Aibreán 2026, 12pmFaoi deireadh Mheithimh 2026
60 – Babtha Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte21 Bealtaine 20262 Iúil 2026, 12pmFaoi dheireadh Mheán Fómhair 2026
61 – Babhta oscailte4 Meitheamh 202616 Iúil 2026, 12pmFaoi dheireadh Dheireadh Fómhair 2026 
62 – Babhta oscailteDeireadh Fómhair SamhainFaoi dheireadh Márta 2027

Is treoir amháin iad na dátaí thuas agus d’fhéadfadh siad athrú. Déanfar aon athruithe a nuashonrú ar an leathanach gréasáin Fuaim agus Fís. Ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go ndeimhníonn siad na dátaí ábhartha don bhabhta. 

Ní mór gach iarratas a chur isteach trí cnamonline.ie .

D’aon fhiosrúcháin a bhaineann go sonrach leis an Scéim Fuaim & Fís déan teagmháil le: [email protected].