
Tá Coimisiún na Meán, rialtóir meán nua agus gníomhaireacht forbartha na hÉireann, ag earcú faoi láthair do róil éagsúla ag gach leibhéal. Leanfaidh an feachtas seo ar feadh an chuid eile den bhliain, agus 120 ball foirne nua le hearcú ar dtús chun cabhrú lena Chlár Oibre a chur chun cinn.
Tá foireann á lorg i raon réimsí lena n-áirítear déileáil le tírdhreach foriomlán na meán, beartas rialála, maoirseacht ardán agus imscrúduithe, tacaíocht úsáideora maidir le hábhar craolta nó ar líne, Acmhainní Daonna agus TF.
Beidh na hiarrthóirí rathúla ag teacht le Coimisiún na Meán ag am spreagúil agus muid ag fás agus ag tógáil ár n-eagraíocht chun tírdhreach rathúil, éagsúil agus sábháilte ar líne agus ar na meáin a chinntiú.
Má bhraitheann tú go bhfuil scileanna agus taithí oiriúnacha agat chun cabhrú linn ár gcuspóirí a bhaint amach agus na dúshláin atá romhainn a chomhlíonadh, ba bhreá linn cloisteáil uait!
Sonraí faoi na deiseanna gairme atá ar fáil faoi láthair agus conas iarratas a dhéanamh le fáil thíos.
******

Cliceáil ar an ról ábhartha thíos chun níos mó a fhoghlaim nó de rogha air sin tabhair cuairt ar ár micreashuíomh tiomnaithe le haghaidh na sonraí ábhartha go léir.
- Ceannasaí um Sholáthair (PC)
- Dáta Deiridh: 5pm Dé Luain 11ú Nollaig 2023
*****

Cliceáil ar an ról ábhartha thíos chun níos mó a fhoghlaim nó de rogha air sin tabhair cuairt ar ár micreashuíomh tiomnaithe le haghaidh na sonraí ábhartha go léir.
- Oifigeach Cléireachais – Airgeadas
- Dáta Deiridh: 12 meán lae Dé Luain 11 Nollaig 2023