Inniu (28.05.2026), d’fhógair Coimisiún na Meán go mbronnfar níos mó ná €250,000 de mhaoiniú chun tacú le Litearthacht sna Meáin agus Dul i gCoinne na Bréagaisnéise in 2026.
San iomlán, tá níos mó ná €268,000 bronnta le haghaidh trí thionscadal, tionscadail a dtabharfaidh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus FuJo OCBÁC/EDMO Ireland fúthu. Is é cuspóir an mhaoinithe seo tacú le tionscadal i litearthacht sna meáin agus chun dul i gcoinne na bréagaisnéise, rud a chuirfeadh le hacmhainneacht agus muinín ar leibhéal an duine aonair agus na sochaí, d’fhonn comhar agus comhoibriú a fheabhsú agus chun frithbhearta fianaisebhunaithe a chur i bhfeidhm i gcoinne na bréagaisnéise.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta d’fhorbairt tírdhreacha meán atá mar bhonn faoin dioscúrsa sibhialta agus a laghdaíonn tionchar na bréagaisnéise. Tá an bhréagaisnéis ina dúshlán don tsochaí ar fad, dúshlán a éilíonn freagairt ón tsochaí ar fad, chomh maith le réitigh nuálacha chun dul i ngleic leis.
Inniu, táimid sásta maoiniú a fhógairt chun tacú le tionscadail nua a chuideoidh le heolas ar straitéisí éifeachtacha a chothú i litearthacht sna meáin, le measúnú a dhéanamh ar thionscnaimh litearthachta sna meáin, agus chun an litearthacht sna meáin agus tacaíochtaí frith-bhréagaisnéise a neadú i gcroílár líonra leabharlanna poiblí na hÉireann.
Cuireann an maoiniú seo le hobair leanúnach an Choimisiúin chun dul i gcoinne na bréagaisnéise trínar gcuid tacaíochta le Litearthacht sna Meáin, Éire, agus tríd an maoiniú a chuirimid ar fáil d’iriseoireacht neamhspleách, ardcháilíochta, iontaofa ar fud na hÉireann trínár Scéimeanna Iriseoireachta. Chomh maith leis sin ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thacaíocht na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus don Aire Patrick O’Donovan as soláthar an mhaoinithe do na tionscnaimh seo.”
Is iad seo a leanas na tionscadail a maoineoidh Coimisiún na Meán tríd an nglao ar aighneachtaí faoi Litearthacht sna Meáin agus Dul i gcoinne na Bréagaisnéise:
- ESRI – forbrófar agus déanfar tástáil ar uirlis ar líne chun éifeachtacht tionscnamh litearthachta sna meáin a thomhas agus chun monatóireacht a dhéanamh ar sheasmhacht i gcoinne na bréagaisnéise in Éirinn,
- DCU FuJo/EDMO Ireland – déanfar cur i bhfeidhm litearthachta sna meáin a mhapáil ar fud phríomhearnálacha na hÉireann; déanfar athbhreithniú ar fhianaise chun dul i gcoinne bréagaisnéise trí litearthacht sna meáin; agus déanfar measúnú ar thuiscint, ionchais agus riachtanais.
- LGMA – Tionscnamh náisiúnta na leabharlann poiblí a bhfuil sé mar aidhm aige litearthacht sna meáin agus frith-bhréagaisnéis a neadú laistigh de chreat seanbhunaithe Scileanna Saoil, agus úsáid á baint as líonra reatha leabharlanna poiblí na hÉireann, líonra atá déanta suas as 30 údarás leabharlainne agus 330 brainse.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan: “Mar Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, cuirim fáilte roimh fhógra an lae inniu maidir le bronnadh €268,000 i maoiniú faoi scéim Choimisiún na Meán chun tacú le Litearthacht sna Meáin agus Dul i gCoinne na Bréagaisnéise.
“Trí thacú le daoine cur lena gcuid scileanna agus leis an eolas atá acu ar na meáin dhigiteacha agus litearthacht eolais, cuirtear ar a gcumas roghanna lán eolais a dhéanamh faoin ábhar meán cumarsáide a úsáideann, a chruthaíonn agus a scaipeann siad. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil rochtain ag daoine ar fhoinsí éagsúla eolais lena n-áirítear a bhfuil ar fáil i leabharlainní agus eagrais phoiblí faoi chultúr, spórt, na healaíona, sláinte, gnóthaí sibhialta agus polaitíochta, agus cearta daonna.
“Taobh le tacaíocht do sheiceáil fíricí, a chuirfidh Coimisiún na Meán ar fáil, agus do thaighde, a chuirfidh Acadamh Ríoga na hÉireann ar fáil, tacóidh na deontais seo le cur chun feidhme na Stráitéise Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise. Táim ag tnúth go mór le torthaí thograí an ESRI, Fujo OCBÁC/EDMO Ireland agus an LGMA a fheiceáil.
Soláthraíodh maoiniú don ghlao ar aighneachtaí maidir le Litearthacht sna Meáin agus Dul i gcoinne na Bréagaisnéise, maoiniú a leithdháileadh mar chuid de Bhuiséad 2026, chun tacú le cur i bhfeidhm Straitéis Náisiúnta na Frith-Bhréagaisnéise.