D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (15.10.2026) maoiniú €3.92 milliún faoin gcéad bhabhta riamh atá tiomnaithe don Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte mar chuid den scéim maoinithe craoltóireachta Fuaim agus Fís.
Soláthraíodh an chéad bhabhta maoinithe trí Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte, ar clár €14 mhilliún é atá Coimisiún na Meán a chur chun feidhme i gcaitheamh tréimhse trí bliana le tacaíocht ó Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte de chuid an Rialtais. Tá an ciste deartha le cruthú inneachair agus comhar idir na meáin a spreagadh ar fud na hÉireann agus Thuaisceart Éireann.
Leis an maoiniú sin tacófar le 27 tionscadal meán uile-oileáin a léiriú, lena gcuimsítear 14 léiriúchán teilifíse agus 13 léiriúchán raidió, agus léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha ó gach cearn den oileán bainteach leo. Clúdaíonn na tionscadail rathúla raon leathan seánraí, lena n-áirítear drámaíocht, cláir faisnéise, siamsaíocht agus beochan, agus soláthróidh siad inneachar ardchaighdeáin don lucht féachana/éisteachta.
Is snáithe nua den Scéim Fuaim agus Fís é ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’, lena dtacaítear le cláir atá ar ardchaighdeán agus inrochtana a léiriú, lena gcraoladh ar an teilifís agus ar an raidió, ina dtaispeántar téamaí an chultúr, na staire, na teanga agus na héagsúlachta. Bíonn ról ríthábhachtach ag Fuaim agus Fís freisin i dtaobh tacú leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách, agus thart ar 98% den mhaoiniú a chuirtear ar fáil sa bhabhta seo ag dul go léiritheoirí neamhspleácha.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin: “Cuirim fáilte roimh fhógra Choimisiún na Meán inniu maidir le maoiniú a bhronnadh chun tacú le 27 léiriúchán meán ar fud oileán na hÉireann faoin scéim Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte. Sa mheascán éagsúil agus suimiúl tograí, thar réimse leathan seánraí, ábhar agus teangacha, taispeántar cumas cruthaitheach na hearnála meán. Is ábhar sásaimh dom go mbainfidh cuid mhaith de na cláir leas as téamaí na hÁite Dúchais Comhroinnte, ag cur béime ar an oidhreacht shaibhir chasta, agus ar an mbeocht chultúrtha comhaimseartha, ar ár n-oileán chomhroinnte.”
Dúirt an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán, Rónán Ó Domhnaill: “Is ábhar lúcháire dúinn na hiarratasóirí rathúla a fhógairt sa chéad bhabhta riamh atá tiomnaithe don ‘Oileán Comhroinnte, Scéalta Comhroinnte’ de Fuaim agus Fís. Tá an chumhacht sna scéalta a insímid sinn uile a thabhairt le chéile, ceangail mhothúchánacha níos láidre a dhéanamh, braistint den úinéireacht chomhroinnte ar imeachtaí agus cuimhní a thabhairt dúinn, agus tuiscint níos fearr a chur ar fáil ar cé muid féin agus ar an áit ar as muid.
“Chuige sin, i measc na dtionscadal a maoiníodh sa bhabhta seo, tá scéalta ina ndéantar iniúchadh ar chothú na síochána agus leagáid na coinbhleachta, ina ndéantar ceiliúradh ar thraidisiúin agus oidhreacht chultúrtha chomhroinnte, agus ina bhfiosraítear ceisteanna comhaimseartha na féiniúlachta, na himirce, an mhuintearais agus na hionchuimsitheachta. Léiríonn siad saibhreas agus éagsúlacht chultúrtha an oileáin ach scéalta as traidisiúin, réigiúin, teangacha agus glúnta éagsúla a chur i láthair. Leagtar béim ar chomhar trasteorann freisin, bíodh sin bunaithe ar na scéalta atáthar a insint, nó cineál na léiriúchán féin. Táimid ag súil go mór lena bhfeiceáil agus iad faoi bhláth.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Taoiseach Micheál Martin agus don Aire Patrick O’Donovan agus buíochas a ghabháil leo as an maoiniú a chur ar fáil chun tacú leis na tionscadail thábhachta seo.”
Ar na tionscadail rathúla tá:
- X-Spelled: All Island Spelling Quiz – Comórtas litrithe do leanaí, a chraolfar ar RTÉ 2, ar a mbeidh rannpháirtithe ó gach cearn den oileán le feiceáil. Leis an gcur chuige spraíúil tabharfar pointí tagartha tíreolaíochta, teangeolaíochta agus cultúrtha isteach ó gach cearn den oileán ar bhealach caolchúiseach do lucht féachana óg.
- Heartbeat Heroes – Sraith clár faisnéise é seo a chraolfar ar Virgin Media One a bhaineann leis an Líonra Galar Croí Ó Bhroinn (Uile-Oileáin) – seirbhís chomhtháite cúraim sláinte a oibríonn ar fud an dá dhlínse.
- Laoithe na bhFiann – Sraith raidió i nGaeilge le haghaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ina dtugtar Laoithe na bhFiann ar ais chun cuimhne ó Dhuanaire Finn an 17ú haois, foinn a ligeadh i ndearmad le himeacht na mblianta. Meascán de scéalaíocht tharraingteach, díospóireacht léannta, agus scoth an cheoil úir.
- Left Back – Dráma raidió, le craoladh ar LMFM Radio, ina ndéanfar fiosrú ar fhéiniúlachtaí cultúrtha comhroinnte thart ar an spórt agus cultúr na hóige agus cumas láidir ann malartú cultúrtha agus cruthaitheach a neartú. Beidh criú agus aisteoirí óga ón dá thaobh den teorainn rannpháirteach sa léiriúchán.
- Bloody Sunday: A Love Story – Scéal pearsanta a shuitear i gcomhthéacs uafás Dhomhnach na Fola. Ach an grá a úsáid mar bhealach chun fiosrú a dhéanamh ar phobail a bhí thar a bheith scoilte tráth den saol, sa chlár faisnéise seo do RTÉ One, suífear scéal deighilte agus athmhuintearais i gcomhthéacs an lae inniu, agus é á chur i láthair do ghlúnta óga.
- Síofraí Solais / Spritelites / Spricht Lichts – Léireofar an tsraith bheochana seo do leanaí i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais agus craolfar ar BBC NI í. Beidh carachtair agus scéalta ó gach cearn den oileán a bhfuil cion mór déanta acu sa bhaile agus thar lear le feiceáil sa tsraith.
- A Belfast Boy in Connemara – Sa chlár faisnéise stairiúil seo, a bheidh á chraoladh ar Connemara Community Radio, cuirtear tuiscint mhachnamhach i láthair ar an stair agus ar an oidhreacht chomhroinnte trí théamaí na himirce, an reiligiúin, na haicme, na teanga agus na féiniúlachta. Déantar fiosrú ann ar na heispéiris choitianta a bhíonn ag daoine, go mór mór cairdeas, obair agus eisimirce.
Is é seo an chéad cheann as trí bhabhta thiomnaithe den scéim Fuaim agus Fís a dtacófar leis trí Chiste Meán an Oileáin Chomhroinnte. Faoin gCiste sin, cuirfidh Coimisiún na Meán Fóraim Meán an Oileáin Chomhroinnte ar bun as an nua; forbróidh sé tionscnaimh mhaoinithe don iriseoireacht bunaithe ar na Scéimeanna Iriseoireachta dá chuid atá ar bun cheana; agus tacóidh sé le smaointe cruthaitheachta nua a fhorbairt trí chiste tiomnaithe maidir le Scéalta agus Eispéiris an Oileáin Chomhroinnte.