Maoiniú €840k d’Earnáil na Meán Pobail

Woman in recording studio

D’fhógair Coimisiún na Meán inniu (08.10.2026) go bhfuil tairiscintí maoinithe dar luach €840,000 á ndámhachtain do chraoltóirí pobail faoina Scéim nua um na Meáin Phobail.

Tá sé d’aidhm ag an Scéim tacú le hearnáil meán pobail inbhuanaithe, chuimsitheach agus rannpháirteach a chuireann sochar sóisialta ar fáil do phobail ar fud na hÉireann. Dhírigh na hiarratasóirí ar éirigh leo ar an leas sóisialta a dhéanann na meáin phobail a mhéadú trí thionscadail forbartha acmhainneachta agus gníomhaíochtaí a dhíríonn ar obair for-rochtana agus rialachas stáisiún, tacaíocht riaracháin/tiomsaithe airgid, agus oiliúint do bhoird agus d’oibrithe deonacha.

Ag labhairt dó faoin bhfógra inniu, dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir um Fhorbairt na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach na meán atá inbhuanaithe, iolraíoch agus rannpháirteach a fhorbairt agus tá áthas orainn a bheith in ann an maoiniú seo a dhámhachtain dár gcraoltóirí pobail a bhfuil ról tábhachtach acu i gcroílár na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad. Tacóidh an maoiniú atá molta leis an earnáil trí acmhainneacht eagraíochtúil agus oibríochtúil a neartú agus forbairt scileanna a fheabhsú trí oiliúint, rud a chuirfidh ar chumas eagraíochtaí meán pobail freastal níos fearr ar lucht féachana agus éisteachta éagsúil, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus saoránacht ghníomhach a chothú. Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt don tacaíocht ón Aire Patrick O’Donovan agus ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt maidir leis an maoiniú a chur ar fáil don scéim seo.”

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD: “Is eagraíochtaí iad stáisiúin raidió agus teilifíse pobail a bhfuil oibrithe deonacha chun tosaigh iontu den chuid is mó – daoine díograiseacha a nascann muintir na tíre lena bpobail féin. Is sprioc thábhachtach í an fhorbairt pobail. Tá scéim phraiticiúil, atá dírithe ar an todhchaí, ceaptha ag Coimisiún na Meán, agus táim ag tnúth go mór le tuilleadh eolais a fháil faoi na tograí nuair a thugtar chun críche iad.”

Ceadaíodh maoiniú do raon éagsúil tionscadal faoin Scéim Maoinithe um na Meáin Phobail, lena n-áirítear:

  • Cuirfidh stáisiún raidió pobail in iarthar na hÉireann clár socrúcháin oibre saincheaptha ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, le tacaíocht ghairmiúil, agus rachaidh sé i dteagmháil lena phobal trí thionscadal oiliúna Gaeilge atá bunaithe ar bhéaloideas an cheantair.
  • Gheobhaidh stáisiún eile tacaíocht do thionscadal atá dírithe ar a ualach riaracháin a laghdú agus a rialachas agus a thiomsú airgid a neartú, chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin atá roimh stáisiúin atá á reáchtáil ag oibrithe deonacha.
  • Cuirfidh stáisiún raidió pobail úsáid na Gaeilge chun cinn agus leathnóidh sé a chuid oibre for-rochtana go mór chun daoine óga i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, chomh maith le hollscoileanna agus grúpaí pobail, a chuimsiú.
  • Tabharfar tacaíocht do stáisiún i mBaile Átha Cliath chun oiliúint atá creidiúnaithe ag QQI a chur ar fáil, rud a mhéadóidh muinín agus rannpháirtíocht an phobail agus a chuirfidh tuilleadh deiseanna forbartha ar fáil d’oibrithe deonacha, lena n-áirítear Lá Oscailte Pobail don phobal i gcoitinne.

Bhí bunú Scéim na Meán Pobail ar cheann de na moltaí i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, a foilsíodh in 2022.