Os cionn €540,000 de mhaoiniú fógartha le haghaidh Earnáil na Meán

Businesswoman leading a training class for professionals.

Tá sé fógartha ag Coimisiún na Meán inniu (17.02.2026) go bhfuiltear chun €548,103 a bhronnadh ar 28 iarratasóir rathúil faoina Chlár nua Scileanna agus Forbartha na Meán.

Tacóidh an clár maoinithe le gníomhaíochtaí oiliúna, foghlama agus forbartha as Béarla agus Gaeilge in earnáil na meán. Léiríonn na hiarratasóirí ar éirigh leo an sainchúram níos leithne atá ag an gCoimisiún maidir leis na meáin agus bainfidh siad tairbhe as réimse leathan deiseanna oiliúna agus forbartha a bhfuil sé mar aidhm acu scileanna a fheabhsú, tionchar a mhéadú agus comhoibriú a spreagadh ar fud na hearnála a chuirfear ar fáil ar fud na hÉireann i mbliana.

Ag labhairt dó faoin bhfógra maoinithe a rinneadh inniu, dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán Choimisiún na Meán Rónán Ó Domhnaill: “Soláthraíonn ár gClár Scileanna agus Forbartha na Meán maoiniú riachtanach d’earnáil na meán agus tacaíonn sé le deiseanna foghlama agus forbartha ardchaighdeáin a sholáthar dóibh siúd atá ag obair sa chraoltóireacht, san iriseoireacht agus sna tionscail chruthaitheacha. Tá áthas orainn tacú le réimse leathan eagraíochtaí a chuirfidh oiliúint ar fáil agus a chuirfidh cuspóirí an Chláir maidir le hinbhuanaitheacht, acmhainn agus feabhsú scileanna chun cinn ar fud earnáil na meán.

“Ba mhaith linn freisin go n-éireodh leo siúd atá ag obair i dtionscal na meán, mar sin cuirfidh an maoiniú deiseanna ar fáil chun rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí oiliúna a thacaíonn le ceannaireacht, bainistíocht agus forbairt ghairmiúil. Tríd an gclár seo, leanann Coimisiún na Meán lena thiomantas a léiriú do thírdhreach na meán, ar tírdhreach inbhuanaithe, iolraíoch, agus rannpháirteach é.”

Sa chéad bhabhta maoinithe seo, fuair Coimisiún na Meán 40 iarratas agus maoiniú luach €1.18m á lorg acu, suim a bhí os cionn dhá oiread an bhuiséid a bhí ar fáil. I measc na n-iarratas ar éirigh leo, tá tionscnaimh oiliúna agus forbartha a chuirfidh ár straitéis chun cinn i réimsí lena n-áirítear cultúr na hÉireann, agus na meáin, lena n-áirítear tionscnaimh a thacaíonn leis an nGaeilge, leis an éagsúlacht agus leis an ionchuimsitheacht, agus leis an daonlathas.

I measc na n-iarratasóirí ar éirigh leo maoiniú a fháil i gcomhair 2026 tá siad seo a leanas:

  • Catalyst Film Festival:  Scannánaíocht do rang a 5 agus 6 agus do mhic léinn na hidirbhliana. Beidh scríbhneoireacht scripte i nGaeilge chomh maith le scileanna stiúrtha agus ceamara san áireamh san oiliúint.
  • Future Edge: clár feabhsaithe scileanna a thacaíonn le ceannairí cuideachtaí cruthaitheacha chun dul i ngleic le dúshláin, go háirithe IS, agus a threoraíonn iad chun deiseanna eiticiúla IS a fhiosrú chun cabhrú le cuideachtaí cruthaitheacha dul ó neart go neart.
  • Embodied Worlds: World Building Creator’s Lab: Dian-cheardlann a chuireann teicnící ceannródaíocha ar fáil do ghairmithe scannán maidir le digitiú suímh agus léiriúchán fíorúil. Leagtar béim sa chlár seo ar mhodhanna a laghdaíonn tionchar comhshaoil ​​agus a mhéadaíonn deiseanna cruthaitheacha ag an am céanna. Tá sé maoinithe i bpáirt ag Fís Éireann.
  • Gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha Learning Waves don earnáil raidió tráchtála: Oiliúint Cheannairí ICÉI agus Máistir-ranganna do bhaill foirne raidió tráchtála, lena n-áirítear príomhoifigigh feidhmiúcháin, bainisteoirí ábhar agus ranna, clár Ceannairí na Todhchaí, agus cur chun feidhme an Media Strong Wellbeing Charter. Leanfaidh Learning Waves dá Chlár Iarchéime Iriseoireachta a sholáthar ina gcuimseofar oiliúint a chuirfear ar fáil do chéimithe atá inniúil sa Ghaeilge.
  • Local Ireland: Oiliúint dhigiteach d’iriseoirí agus d’fhoilsitheoirí lena n-áirítear úsáid IS i seomraí nuachta, anailísíocht lucht féachana, agus iriseoireacht chlosamhairc agus shoghluaiste d’fhoilsitheoirí.
  • Children’s Content Landscape 2026: Máistir-ranganna a chlúdaíonn saincheisteanna amhail forbairt IP, samhlacha nua léiriúcháin sa ré dhigiteach, agus IS agus an tionchar a bhíonn aici ar ábhar leanaí.
  • Disability Participation News Hub: Ceardlanna oiliúna d’iriseoirí agus d’abhcóidí faoi mhíchumas a chlúdaíonn saincheisteanna amhail cumarsáid inrochtana, dearadh uilíoch agus meáin ionchuimsitheacha.
  • Women On Air: Oiliúint gutha agus ceamara do na meáin ar fud réimse ardán
  • Gníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha CRAOL d’earnáil na meán pobail: I gcomhréir le fócas nua an chláir, leagann togra CRAOL béim ar ghníomhaíochtaí oiliúna sonracha i mbliana, seachas ar thacaíocht oibríochtúil níos leithne. Áirítear leis na gníomhaíochtaí oiliúint do bhainisteoirí stáisiúin, athbhailíochtú an chreidiúnaithe Dearbhaithe Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann do thraenálaithe, oiliúint litearthachta sna meáin, agus oiliúint rialachais agus comhlíontachta do bhaill an Choiste

Cuirtear an Clár maoinithe, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair seo caite, in ionad an Chláir Foghlama agus Forbartha Earnála a bhí i bhfeidhm le beagnach scór bliain.