Ráiteas Inrochtaineachta
Tá rún daingean ag Coimisiún na Meán an fhaisnéis atá ar an suíomh gréasáin seo a dhéanamh inrochtana do chách, beag beann ar chumas.
Ráiteas Gealltanais
Tá rún daingean againn an suíomh gréasáin seo a dhéanamh inrochtana i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020 agus leis an nGníomh Eorpach Inrochtaineachta.
Táimid tiomanta do chaighdeán AA a shaothrú faoi threoirlínte WCAG 2.1.
Tá feidhm ag an ráiteas inrochtaineachta seo maidir le hábhar a fhoilsítear ar www.cnam.ie.
Stádas Comhlíontachta
Comhlíonann an suíomh gréasáin seo na Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhair Gréasáin 2.1, leibhéal AA, go páirteach, mar gheall ar an ábhar neamh-inrochtana a liostaítear thíos.
Dearadh é de réir na dTreoirlínte um Inrochtaineacht Ábhair Gréasáin ó W3C. Cloíonn sé leis an gcuid is mó de sheicphointí tosaíochta 1, 2 agus 3, faoi réir roinnt soiléirithe mar a leagtar amach thíos:
- Tá formhór na leathanach ar an suíomh seo faofa ag WCAG 2.0 AA. Comhlíonann siad treoirlínte tosaíochta 2 de chuid na dTreoirlínte um Inrochtaineacht Ábhair Gréasáin ó W3C.
- Comhlíonann an uile leathanach ar an suíomh seo Treoirlínte Inrochtaineachta TF ón Údarás Náisiúnta Míchumais.
- Baineann gach aon leathanach ar an suíomh seo úsáid as marcáil shéimeantach struchtúrtha. Úsáidtear clibeanna H1 faoi choinne na bpríomhtheideal agus úsáidtear clibeanna H2 i gcomhair na bhfotheideal.
Ábhar neamh-inrochtana
Ní chloíonn cuid den ábhar ar ár suíomh gréasáin le treoirlínte inrochtaineachta go hiomlán, mar shampla:
PDFanna
B’fhéidir nach bhfuil roinnt cáipéisí PDF inrochtana go hiomlán; tá athbhreithniú agus nuashonrú á ndéanamh againn orthu sin nuair is féidir. Seo a leanas cuid de na fadhbanna:
- Eilimintí gan chlibeanna
- Tá téacs malartach in easnamh ar íomhánna/fhíoracha
- Níl táblaí sainithe
- Níl clibeanna naisc cuí ag naisc
Foirmeacha gréasáin
Tá foirm ghréasáin amháin againn nach bhfuil inrochtana go hiomlán. Tá an fhoirm sin ar an leathanach, Déan gearán linn. Seo a leanas cuid de na fadhbanna:
- Fadhbanna le codarsnacht dathanna
- Tréithe a aithníonn cuspóir na n-eilimintí foirme in easnamh
- Próiseas foirme céim ar chéim
Leasófar an fhoirm sin in am is i dtráth.
Ní liosta uileghabhálach d’ábhar neamh-inrochtana é an t-ábhar seo.
Tagairtí inrochtaineachta
- Treoirlínte inrochtaineachta W3, a mhíníonn na cúiseanna atá le gach treoirlíne.
- Teicnící inrochtaineachta W3, a mhíníonn conas gach treoirlíne a chur i bhfeidhm.
- Seicliosta inrochtaineachta W3, treoir inrochtaineachta an fhorbróra ghnóthaigh.
- Treoirlínte inrochtaineachta TF ón Údarás Náisiúnta Míchumais.
- Treoirlínte inrochtaineachta Alt 508 ó Rialtas Cónaidhme Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Gnéithe inrochtaineachta
Baintear leas as an dúrud teicnící le go mbeidh an suíomh inrochtana do chách. Áirítear na nithe seo a leanas ar na gnéithe inrochtaineachta ar an suíomh seo (is ann do chinn eile leis):
- Téacs Malartach: Gabhann téacs malartach leis an uile íomhá, más cuí agus más fiúntach, chun eilimint thuairisciúil a chur leis an íomhá atá á léiriú.
- Ordlathas Imlíne Ceannteidil: Cuirtear ciall loighciúil i bhfeidhm maidir le ceannteidil nuair is féidir — H1, H2, H3.
- Naisc Thuairisciúla: Gabhann eilimintí tuairisciúla nó lipéid ARIA le naisc agus cnaipí i gcás nach féidir na heilimintí sin a sholáthar.
- Codarsnacht: Íoschóimheasa codarsnachta réasúnta idir eilimintí sa tulra agus eilimintí sa chúlra. Deartar eilimintí an tulra agus an chúlra le codarsnacht dhóthanach; comhlíonann siad íoschóimheasa WCAG 2.0 AA, arb ionann iad agus 4.5:1 do ghnáth-théacs agus 3:1 do théacs mór.
- Éascaíocht na Nascleanúna: Tá struchtúr loighciúil curtha i bhfeidhm ar an suíomh gréasáin lena chinntiú gur féidir an suíomh a úsáid gan luchóg.
- Dearadh amhairc: Baintear sochar as stílbhileoga cascáideacha ar an suíomh seo faoi choinne leagan amach amhairc.
Ní liosta uileghabhálach é sin.
Ábhar intuigthe
Rinneamar iarrachtaí móra lena chinntiú go bhfuil an t-ábhar uile inrochtana agus intuigthe.
Ina dhiaidh sin féin, ní fhéadfaí roinnt cáipéisí dlí faoi Chóid agus Reachtaíocht a shimpliú toisc go bhfuil siad casta ó nádúr. D’fhonn aghaidh a thabhairt air sin, roinneadh an t-ábhar ina dhá chatagóir: ceann amháin don phobal i gcoitinne, áit a bhfuil an t-ábhar níos inrochtana, agus an ceann eile don lucht gairme, áit a bhfuil struchtúr dlíthiúil foirmiúil faoin ábhar i rith an ama.
Fuaireamar réidh le béarlagair, thugamar sainmhíniú ar acrainmneacha, agus chloíomar le comhréir ghramadaí shoiléir aon uair ab fhéidir linn lena chinntiú go bhfuil an t-ábhar chomh intuigthe agus is féidir.
Sheachnaíomar giorrúcháin agus acrainmneacha nuair ab fhéidir linn. Nuair a bhaintear úsáid astu, mínítear an téarma iomlán an chéad am a fheictear é.
Dearadh láidir
Dearadh an suíomh gréasáin le go mbeadh sé láidir agus le gur féidir leis an dúrud gníomhairí úsáideora, teicneolaíochtaí cúnta san áireamh, é a léirmhíniú go hiontaofa. Chuireamar na cleachtais seo a leanas i bhfeidhm leis an méid sin a chinntiú:
- HTML/CSS glan: Ach úsáid a bhaint as HTML agus CSS atá i gcomhréir leis na caighdeáin, cinntímid go bhfuil an t-ábhar comhoiriúnach do bhrabhsálaithe agus d’uirlisí cúnta éagsúla, rud a fhágann go bhfuil sé furasta léirmhíniú a dhéanamh.
- ARIA (Méith-fheidhmchláir Idirlín Inrochtana): Cuireann an úsáid a bhaintear as róil agus as airíonna ARIA comhoiriúnacht na n-ábhar dinimiciúil agus na gcomhéadan úsáideora casta do theicneolaíochtaí cúnta chun feabhais, rud a fheabhsaíonn cúrsaí inrochtaineachta don uile úsáideoir.
- Gnáthfhormáidí Cáipéise: Tá na cáipéisí uile ar fáil i bhformáidí atá thar a bheith inrochtana: Optamaítear cáipéisí PDF do Adobe Reader, agus tá cáipéisí Word comhoiriúnach do Microsoft Word agus do bhogearraí comhoiriúnacha eile.
- Anrud Tástála: Déantar diantástáil ar an suíomh agus ar an uile cháipéis ar ghléasanna agus ar bhrabhsálaithe éagsúla chun inrochtaineacht agus comhoiriúnacht trasardáin a chinntiú.
Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta Seo
Ullmhaíodh an ráiteas seo an 27 Eanáir 2025 agus athbhreithníodh go deireanach é an 9 Márta 2026.
Measúnaíodh inrochtaineacht cnam.ie in aghaidh threoirlínte WCAG 2.1, Leibhéal AA, trí úsáid a bhaint as meascán de thástáil uathoibrithe agus tástáil láimhe, AXE Monitor ina measc. Leanfaimid orainn ag déanamh iniúchtaí inrochtaineachta rialta agus nuashonróimid an ráiteas seo chun athruithe ar bith a chur san áireamh.
Bímid i dteagmháil leis an Údarás Náisiúnta Míchumais go minic, arb é an comhlacht monatóireachta é maidir le hinrochtaineacht shuíomhanna gréasáin na hearnála poiblí in Éirinn. Tá an suíomh gréasáin faoi réir athbhreithnithe rialta an Údaráis Náisiúnta Míchumais.
Aiseolas agus faisnéis teagmhála
Tá rún daingean ag Coimisiún na Meán inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo.
Má bhíonn tuairim nó gearán agat faoi inrochtaineacht an tsuímh gréasáin seo, téigh i dteagmháil le Andrew Robinson, an tOifigeach Rochtana seo againn, ag [email protected] nó ar +353 1 644 1200.
Is é feidhm an Oifigigh Rochtana cúnamh agus treoir a chur ar fáil, a eagrú agus/nó a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas d’fhonn go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí a sholáthraímid.
Más mian leat ábhar ar leith a iarraidh i bhformáid inrochtana, cuir na sonraí seo a leanas chugainn:
- An fhormáid a theastaíonn uait.
- An t-ábhar is mian leat a fháil (tabhair URL an ábhair)
- D’ainm agus do sheoladh ríomhphoist.
Déanfaimid gach iarracht réasúnach chun d’iarratas a chomhlíonadh.
Gearán a ghéarú
Más maith leat gearán a dhéanamh faoi rochtain ar ár seirbhísí agus faoi chomhlíonadh an Achta um Míchumas, 2005 ag Coimisiún na Meán, ba cheart duit an gearán a chur chuig an seoladh seo a leanas:
An Ceannasaí Rialachais
Coimisiún na Meán
1 Foirgnimh Shíol Bhroin,
Bóthar Shíol Bhroin,
Baile Átha Cliath 4,
D04 NP20,
Éire
Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra uainn, tig leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.