Ráiteas um Choimirciú Leanaí
Is é an misean atá againn tírdhreach ar líne agus meáin rathúil, éagsúil agus sábháilte a chinntiú. Áirítear leis sin leanaí agus muid ar fad go deimhin a chosaint ó ábhar díobhálach.
Ár Seirbhís
Bunaíodh Coimisiún na Meán, a fheidhmíonn ag 1 Áras Shíol Bhroin, Bóthar Shíol Bhroin, Baile Átha Cliath 4, D04 NP20 de bhun fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022. Is muidne gníomhaireacht rialála agus forbartha meán na hÉireann.
Agus ár misean á fhorbairt againn, soláthraímid nó soláthróimid in am trátha, de réir mar a bheidh, roinnt seirbhísí agus gníomhaíochtaí do leanaí, ina n-áirítear:
- Coiste Comhairleach don Ógra a bhunú, a bhféadfaidh idir leanaí agus dhaoine óga a bheith mar bhaill air.
- Taighde agus comhairliúchán le leanaí agus daoine óga maidir le hábhar agus seirbhísí na meán.
- Gearáin a fháil ó bhaill den phobal, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga maidir le huair ar bith ina dteipeann ar sholáthraí seirbhíse idirghabhála cloí le haon fhoráil den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha. In am trátha, agus in éineacht lenár gcód sábháilteachta ar líne, gheobhaimid agus scrúdóimid gearáin freisin ó leanaí agus daoine óga faoi ábhar díobhálach ar líne faoi sheirbhísí ar líne dá bhfuil feidhm ag ár gcód sábháilteachta ar líne.
Ár bprionsabail maidir le leanaí a chosaint ó dhíobháil¹
- Tá freagracht ar gach duine as sábháilteacht agus leas leanaí.
- Ní mór tús áite a thabhairt thar aon ní eile do leas an linbh i ngach cinneadh a dhéanann pearsanra Choimisiún na Meán.
- Tabharfar cosaint do gach leanbh agus duine óg, gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, cumas, cine nó eitneachas, trí sheirbhísí agus gníomhaíochtaí sábháilte agus struchtúracha a bheidh dírithe ar an leanbh a sholáthar.
- Tá ceart chun dínite agus ómóis ag leanaí agus daoine óga.
- Tá sé de cheart ag leanaí agus daoine óga deis chainte a fháil, cluas éisteachta a fháil agus go gcreidfí iad. Ag cur aois agus tuiscint na leanaí san áireamh, ba cheart dul i gcomhairle leo agus ba cheart go mbeidís rannpháirteach i ngach ábhar agus cinneadh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá saol.
- Tá sé de cheart ag tuismitheoirí/cúramóirí ómós a fháil agus ba cheart dul i gcomhairle leo agus ba cheart baint a bheith acu le nithe a bhaineann lena gcuid leanaí. Tá ómós againn don cheart sin, agus é cothromaithe i gceart leis an ngá atá ann leanaí a chosaint ó dhíobháil.
- Teastaíonn comhar ildisciplíneach, idir roinnt gníomhaireachtaí chun leanaí a chosaint. Oibreoimid le Tusla agus le gníomhaireachtaí agus gairmithe eile ar mhaithe le leas na leanaí agus na ndaoine óga.
Measúnacht Phriacail
Rinneamar measúnú ar an mbaol díobhála do leanbh a bhaineann leas as ár seirbhísí agus gníomhaíochtaí. Tá achoimre thíos den mheasúnacht i scríbhinn ina leagtar amach na priacail a sainaithníodh agus na nósanna imeachta chun na priacail sin a bhainistiú:
Nótaí:
¹ Ciallaíonn díobháil do leanbh: ‘ionsaí a dhéanamh ar leanbh, drochíde a thabhairt do leanbh nó faillí a dhéanamh i leanbh ar mhodh a dhéanann difear tromchúiseach, nó ar dóigh dó difear tromchúiseach a dhéanamh, do shláinte, d’fhorbairt nó do leas an linbh, nó drochúsáid ghnéasach an linbh’.
² Ciallaíonn Cód Iompraíochta Cód Iompraíochta Choimisiún na Meán do phearsanra an Choimisiúin a oibríonn le leanaí agus daoine óga.
Tá ár measúnacht phriacail iomlán, mhionsonraithe ar fáil thíos.
Ár mBeartais agus Nósanna imeachta um Choimirciú Leanaí
Forbraíodh ár Ráiteas um Choimirciú Leanaí i gcomhréir le ceanglais faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, agus Cosaint Leanaí Tusla: Treoir um Beartas, Nós Imeachta agus Cleachtas.
In éineacht leis na nósanna imeachta atá liostaithe inár measúnacht phriacail, tacaíonn na nósanna imeachta seo a leanas lenár rún leanaí a chosaint:
- Nós imeachta chun liosta daoine a choimeád ag Coimisiún na Meán, ar daoine sainordaithe iad.
- Nós imeachta chun duine iomchuí a cheapadh chun críocha an Achta um Thús Áite do Leanaí, 2015.
- Nós imeachta chun Nósanna imeachta um Choimirciú Leanaí a Chur chun Feidhme, a Fhaire agus a Athbhreithniú.
Tá na beartais agus na nósanna imeachta uile a luaitear inár Ráiteas um Choimirciú Leanaí ar fáil ach iad a iarraidh.
Cur chun feidhme agus athbhreithniú
Aithnímid gur próiseas leanúnach é cur chun feidhme. Tá Coimisiún na Meán meáite maidir leis an Ráiteas seo um Choimirciú Leanaí a chur chun feidhme agus na beartais agus nósanna imeachta um choimirciú leanaí a ghabhann leis, a thacaíonn lenár rún leanaí a choimeád slán ó dhíobháil fad agus a bheidh siad ag baint leas as ár seirbhís.
Déanfar athbhreithniú ar an Ráiteas seo faoin 08 Meitheamh 2028, nó a luaithe is féidir tar éis athrú ábhartha a dhéanamh ar reachtaíocht, ar bheartas náisiúnta nó aon ní eile dá dtagraíonn an ráiteas.
Tá cóip den ráiteas seo ar taispeáint i limistéar fáilte Choimisiún na Meán, i ngach limistéar ina mbaineann leanaí agus daoine óga leas as ár seirbhísí agus gníomhaíochtaí agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Tugadh cóip don fhoireann uile, agus do thríú páirtithe atá ar conradh le Coimisiún na Meán. Cuirfear ár Ráiteas um Choimirciú Leanaí ar fáil do thuismitheoirí, cúramóirí nó caomhnóirí leanaí a bhaineann leas as ár seirbhísí agus gníomhaíochtaí, do bhaill den phobal, agus do Tusla ach é sin a iarraidh.
Ráiteas um Choimirciú Leanaí – Measúnacht Phriacail Mhionsonraithe
I gcomhréir leis an Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, rinne Coimisiún na Meán measúnacht ar aon bhaol díobhála do leanbh nó do dhuine óg a bhaineann leas as ár seirbhísí nó gníomhaíochtaí. Tá cuntas thíos ar an measúnú i scríbhinn ina leagtar amach na réimsí priacail a sainaithníodh, agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na priacail sin a bhainistiú:
Priacal díobhála do leanbh ó bhall foirne.
Priacal díobhála do leanbh ó thuismitheoir, cúramóir nó caomhnóir, tríú páirtí, nó ball den phobal.
Priacal díobhála do leanbh nó duine óg ó leanbh nó duine óg eile.
Priacal díobhála, nó forais réasúnacha imní maidir le drochúsáid leanaí, nach bhfuil á aithint nó á thuairisciú.
Priacal díobhála do leanbh ag a bhfuil rochtain ar Theicneolaíocht Faisnéise agus Chumarsáide (TFC)
Nótaí:
¹ Ciallaíonn díobháil do leanbh: ‘ionsaí a dhéanamh ar leanbh, drochíde a thabhairt do leanbh nó faillí a dhéanamh i leanbh ar mhodh a dhéanann difear tromchúiseach, nó ar dóigh dó difear tromchúiseach a dhéanamh, do shláinte, d’fhorbairt nó do leas an linbh, nó drochúsáid ghnéasach an linbh’.
² Ciallaíonn Cód Iompraíochta Cód Iompraíochta Choimisiún na Meán do phearsanra an Choimisiúin a oibríonn le leanaí agus daoine óga.
³ Ciallaíonn DLP an Teagmhálaí Ainmnithe arna cheapadh ag Coimisiún na Meán chun tuairisciú agus labhairt le Tusla – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach agus an Garda Síochána i dtaca le hábhar imní maidir le díobháil do leanbh nó drochúsáid leanaí. Is ‘duine sainordaithe’ é an Teagmhálaí Ainmnithe mar a shainmhínítear san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2017.