Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise

Ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, faisnéis a chur ar fáil faoina struchtúir, a bhfeidhmeanna, a gcumhachtaí agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don phobal, chomh maith le sonraí faoi na cineálacha taifead a choinníonn siad agus na nósanna imeachta agus na cleachtais faoina n oibríonn siad. Tugtar an Scéim Foilseacháin air sin. Is é cuspóir na Scéime faisnéis a fhoilsiú faoi chomhlachtaí poiblí lasmuigh den Acht um Shaoráil Faisnéise chun tuilleadh oscailteachta, trédhearcachta agus cuntasachta a chothú.

Leagtar amach an Scéim Foilseacháin (‘An scéim’) do Choimisiún na Meán (‘An Coimisiún’) thíos. Cuimsítear leis an scéim catagóirí faisnéise agus naisc le suíomhanna gréasáin eile ina bhfuil eolas ábhartha faoi gach ceann de na catagóirí atá liostaithe. Mura bhfuil an fhaisnéis atá uait le fáil anseo nó in áit ar bith eile ar ár suíomh gréasáin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn.

Más mian leat iarratas um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Cé muid féin agus céard a dhéanaimid

Is muidne Coimisiún na Meán, gníomhaireacht na hÉireann chun tírdhreach meán atá rathúil, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa a fhorbairt agus a rialú.

Mar rialtóir meán neamhspleách, táimid freagrach as craoltóirí, soláthraithe físeán ar éileamh agus ardáin ar líne atá lonnaithe in Éirinn a rialáil. Cuimsíonn ár sainchúram fairsing tacú le hearnáil na meán in Éirinn agus í a fhorbairt freisin.

Bunú

Bunaíodh ár n eagraíocht i Márta 2023 de thoradh fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022.

Róil, freagrachtaí agus feidhmeanna

Is iad seo a leanas ár gcuid freagrachtaí:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhaoiniú earnáil na meán i gcoitinne in Éirinn agus tacú le forbairt na hearnála sin.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físeáin ar éileamh.
  • Córas rialála na hÉireann maidir le sábháilteacht ar líne a fhorbairt agus a fhorfheidhmiú.

Go sonrach, déanaimid na nithe seo a leanas:

  • Cuirimid an córas rialála maidir le sábháilteacht ar líne i bhfeidhm.
  • Rialaímid craoltóirí agus soláthraithe físeáin ar éileamh.
  • Tacaímid le hearnáil na meán cumarsáide níos leithne.

Táimid tiomanta go mór do chearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chaomhnú, rud a chinnteoidh go gcuirfidh ár dtírdhreach meán le sochaí oscailte dhaonlathach. Tá seasamh leis an gceart chun tuairimí a nochtadh mar bhonn agus mar thaca ag gach réimse dár gcuid oibre.

Foghlaim tuilleadh fúinn.

Socruithe Rialachais / Bainistíochta

Tá Coimisiún na Meán faoi stiúir Cathaoirligh agus ceathrar Coimisinéirí; tugtar an Coimisiún orthu i dteannta a chéile. Is é an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a cheapann na baill foirne feidhmiúcháin lánaimseartha sin. Is é an Coimisiún comhlacht cinnteoireachta Choimisiún na Meán. Leagtar cumhachtaí agus feidhmeanna an Choimisiúin amach in alt 7 den Acht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022.

Pleananna Corparáideacha agus Straitéis

Clúdaíonn ár gcéad Ráiteas Straitéise an tréimhse trí bliana ó 2025 go 2027 agus leagann sé amach ár bhfís don tírdhreach meán in Éirinn, chomh maith le sé thoradh straitéiseacha a léiríonn an fhís sin go mion.

Leagtar amach inár gClár Oibre Bliantúil 2025 na tionscadail tosaíochta a gcuirfimid tús leo nó a ndéanfaimid dul chun cinn orthu i rith na bliana féilire. Tacóidh gach ceann de na tionscadail sin le baint amach ár bhfíse agus cuirfidh siad le seachadadh ceann amháin nó níos mó de na sé thoradh straitéiseacha inár Ráiteas Straitéise, 2025 go 2027.

Struchtúir Eagrúcháin agus pá / grádaithe

Is státseirbhísigh iad foireann Choimisiún na Meán agus íoctar iad de réir scálaí pá na Státseirbhíse atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin.

Faisnéis maidir le Cúrsaí Airgeadais agus Soláthar

Tá faisnéis ar sholáthar, ár dTuarascáil Bhliantúil agus ár Ráitis Airgeadais is déanaí, íocaíochtaí as earraí/seirbhísí os cionn €20,000 in aghaidh na ráithe, agus tuarascálacha íocaíochta pras ar fáil inár rannán Tuarascálacha & airgeadas.

Seirbhísí a chuirtear nó a chuirfear ar fáil don Phobal

Sa chuid seo a leanas dár suíomh gréasáin An méid a dhéanaimid, gheobhaidh tú tuilleadh faisnéise faoi na seirbhísí a chuirimid ar fáil i ndáil le forfheidhmiú an chreata sábháilteachta ar líne; rialáil físeán agus seirbhísí ar éileamh; forbairt earnáil na meán.

Lenár gCairt um Sheirbhís do Chustaiméirí, leagtar amach na caighdeáin seirbhíse ar féidir leis an bpobal a bheith ag súil leo.

Logaí Nochta Saorála Faisnéise

Tá sonraí faoi na hiarratais neamhphearsanta uile a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ó bunaíodh Coimisiún na Meán agus na cinntí a rinneadh mar fhreagra ar na hiarratais sin inár logaí nochta.

Tá an fhaisnéis seo a leanas sna Logaí Nochta Saorála Faisnéise: Uimhir an iarratais um shaoráil faisnéise, an dáta a fuarthas é, catagóir an iarratasóra, achoimre ar an iarratas, dáta seolta an chinnidh agus toradh an iarratais.

Suíomh agus sonraí teagmhála na heagraíochta

Is féidir teacht orthu sin ar ár leathanach Teagmhála.

An nuashonrú is déanaí: Iúil 2025

Tabharfar an fhaisnéis thuas cothrom le dáta de réir mar a nuashonrófar agus a fhorbrófar feidhmeanna, beartais agus nósanna imeachta nua.