Ár Ráiteas Straitéise

Clúdaíonn ár gcéad Ráiteas Straitéise an tréimhse trí bliana ó 2025 go 2027 agus leagann sé amach ár bhfís don tírdhreach meán in Éirinn, chomh maith le sé thoradh straitéiseacha a chabhróidh linn fócas géar a choinneáil ar an bhfís sin.

Leagtha amach sa Ráiteas Straitéise freisin, tá ár misean – ár gcur chuige chun ár ról reachtúil a fheidhmiú agus na luachanna a bhíonn mar bhunchloch de gach gné dár gcuid oibre. Thar an trí bliana faoi chaibidil, díreoidh an Ráiteas Straitéise ár n-iarrachtaí, stiúrfaidh sé ár gcuid cinntí agus tacóidh sé linn monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Comhlánófar é lenár gcláir oibre bhliantúla, ina gcuirfear níos mó sonraí ar fáil maidir le tionscadail aonair agus sruthanna oibre.

Clár Oibre Bliantúil

Leagtar amach inár gClár Oibre Bliantúil na tionscadail tosaíochta a gcuirfimid tús leo nó a ndéanfaimid dul chun cinn orthu i rith na bliana féilire. Tacóidh na tionscadail seo linn ár bhfís a bhaint amach, agus cuirfidh siad le ceann amháin, ar a laghad, dár gcuid torthaí straitéiseacha a chur i gcrích.  

Comhlánófar iad le sraith uirlisí seachadta agus áisitheoirí a chuirfidh ar ár gcumas dul chun cinn fóinteach a dhéanamh i dtreo ár dtorthaí straitéiseacha. Tá na huirlisí seachadta agus áisitheoirí seo, agus na gníomhartha tosaíochta fúthu, leagtha amach sa Chlár Oibre freisin.

Straitéis i leith Daoine

Lenár gcéad Straitéis i leith Daoine, Athrú “Ag Ardú Daoine, ag Glacadh leis an Éagsúlacht”, cumhdaítear an tréimhse trí bliana ó 2025 go 2027. Leagtar amach inti ár bhfís chun leas a bhaint as cumas ár muintire, chun ár gcultúr a neartú, agus chun é a chinntiú go bhfuil comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht leabaithe i ngach a ndéanaimid.

In Athrú, déantar ár dtiomantas chun an bealach a n-oibrímid lena chéile, a dtreoraímid a chéile agus a dtacaímid lena chéile a léiriú, ag cur san áireamh i gcónaí na luachanna is tábhachtaí dúinn: iontaoibh, tionchar, neamhspleáchas, misneach, dírithe ar dhaoine, agus ionracas. I gcaitheamh na tréimhse seo, múnlóidh an Straitéis seo an chaoi a meallaimid agus a gcoinnímid tallann, an chaoi a gcothaímid folláine agus foghlaim, agus an chaoi a gcruthaímid ionad oibre ina léirítear meas ar ionchur gach aon duine.

Amhail ár Ráiteas Straitéise, gheobhaidh Athrú tacaíocht ó phleananna gníomhaíochta bliantúla lena soláthraítear tuilleadh sonraí maidir le tionscnaimh agus cláir, rud a chinnteoidh go leanfaidh ár gcur chuige de bheith spriocdhírithe, dírithe ar dhaoine agus ailínithe le misean ár n-eagraíochta.