- Ceapfaimid có(i)d um shábháilteacht ar líne chun laghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hábhar dochrach ar líne agus déanfar na seirbhísí ar líne lena mbainfidh siad a shainainmniú.
- Cuirfimid rialacháin i bhfeidhm maidir leis an gcaoi ar cheart d’ardáin nó seirbhísí ar líne déileáil le hábhar dochrach agus mídhleathach ar a gcuid seirbhísí.
- Ní dhéanaimid imscrúdú ar ghearáin aonair maidir le sábháilteacht ar líne faoi láthair.
Cad is féidir liom a dhéanamh má fheicim ábhar díobhálach ar líne?”
Bunaíodh Coimisiún na Meán (An Coimisiún) ar an 15ú Márta 2023 agus go dtí seo níl ar ár gcumas gearáin aonair faoi ábhar ar líne a phróiseáil ná comhairle a chur ar dhaoine aonair faoi ghearáin a bhaineann le sábháilteacht ar líne.
Tá córas gearán aonair fós le bunú againn maidir le cúrsaí sábháilteachta ar líne. Sula mbunófar córas gearán aonair, ainmneoimid seirbhísí ar líne atá le rialáil ag an gCoimisiún. Rachaimid i gcomhairle freisin maidir le cód/cóid cheangailteacha i leith sábháilteacht ar líne a chur i bhfeidhm. Tá sé tábhachtach dúinn a chinntiú go bhfuil próiseas láimhseála gearán feidhmiúil, láidir agus so-úsáidte ag seirbhísí ar líne.
Idir an dá linn, tá roinnt eagraíochtaí eile ann a d’fhéadfadh cabhrú leat, má fheiceann tú rud éigin ar líne a cheapann tú a bheith díobhálach. Má tá imní ort faoi dhíobháil ar líne nó faoi shábháilteacht ar líne, tá cabhair agus tacaíocht ar fáil trí na hacmhainní seo a leanas.
Ardáin ar Líne
- Tugann go leor ardán an deis dá n-úsáideoirí ábhar a thuairisciú a chreideann siad a sháraíonn téarmaí agus coinníollacha na seirbhíse. Moltar do dhaoine aonair próiseas gearán na n-ardán a úsáid ar dtús agus iad ag iarraidh réiteach a fháil ar ábhar sábháilteachta ar líne. Gheobhaidh tú thíos naisc chuig an bpróiseas gearán le haghaidh roinnt de na hardáin ar líne is mó a úsáidtear:
- YouTube – Tuairisciú agus forfheidhmiú, cliceáil anseo, le do thoil
- TikTok- Fadhb a thuairisciú, cliceáil anseo, le do thoil
- Snapchat – Imní Sábháilteachta a Thuairisciú, cliceáil anseo, le do thoil. Cuir isteach iarratas imní sábháilteachta anseo
- WhatsApp – Teagmhálaithe a bhlocáil agus a thuairisciú, cliceáil anseo, le do thoil
- Discord – Fadhbanna a thuairisciú, cliceáil anseo, le do thoil
- Instagram – Conas tuairisciú a dhéanamh ar rud, cliceáil anseo, le do thoil
- Twitch – Tuairisciú a dhéanamh, cliceáil anseo, le do thoil
- Facebook – Tuairisciú a dhéanamh ar ábhar, cliceáil anseo, le do thoil
- Facebook Messenger – Tuairisciú a dhéanamh ar chomhráite, cliceáil anseo, le do thoil
- Twitter – Tuairisciú a dhéanamh ar iompar maslach, cliceáil anseo, le do thoil
- LinkedIn – Ciapadh nó Imní Sábháilteachta a Thuairisciú, cliceáil anseo, le do thoil
- Viber – Conas abhár míchuí a thuairisciú, cliceáil anseo, le do thoil
- Pinterest – Tuairisciú a dhéanamh ar ábhar ar Pinterest, cliceáil anseo, le do thoil
Tacaíocht Ghéarchéime
- Má tá tú in Éirinn nó in aon tír de chuid an AE agus má tá tú féin nó duine a bhfuil cion agat orthu, i mbaol láithreach nó i mbaol díobhála anois díreach, cuir fios ar na seirbhísí éigeandála le do thoil trí ghlao ar 112 ó aon ghuthán. Tá an uimhir seo saor in aisce.
Ábhar maidir le Mí-úsáid Ghnéis ar Leanaí (CSAM)/Mí-úsáid Íomhánna An-Phearsanta/Dúshaothrú Gnéasach Leanaí
- Má tá imní ort faoi ábhar mí-úsáid ghnéis ar leanaí ar líne, mí-úsáid íomhánna an-phearsanta (íomhánna agus físeáin an-phearsanta a roinntear ar líne gan toiliú an duine) nó gníomhaíochtaí a bhaineann le teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne is féidir leat an t-ábhar seo a thuairisciú go sábháilte, faoi rún agus gan ainm go díreach chuig Hotline.ie
Leanaí i mbaol/Imní faoi íomhánna digiteacha
- Má tá amhras ort go bhfuil leanbh ina íospartach mí-úsáide nó go bhfuil an leanbh i mbaol nó má tá imní ort faoi íomhánna atá stóráilte ar ghairis phríobháideacha nó ábhar (i.e. íomhánna) atá á roinnt trí chumarsáid phríobháideach chriptithe amhail Aipeanna teachtaireachtaí, téigh i dteagmháil le do stáisiún Gardaí áitiúil nó le líne Rúnda an Gharda Síochána saor in aisce 1800 666 111
Leanaí, daoine óga agus Cibearbhulaíocht
- Má tá tú 18 mbliana d’aois nó níos óige agus má tá imní ort faoi chibearbhulaíocht nó faoi rud éigin a chonaic tú ar líne agus más mian leat labhairt le duine éigin, glaoigh ar Childline ar 1800 66 66 66 nó is féidir leat comhrá a dhéanamh ar líne ag Childline.ie
- Maidir le daoine óga (16-25), má tá imní ort faoi do mheabhairshláinte, cibearbhulaíocht, má tá tú faoi strus nó imní ort nó ag smaoineamh ar fhéinmharú nó ar fhéindochar agus má theastaíonn uait labhairt le duine anois díreach cuir an téacs HELLO chuig 50808 nó féach ar spunout.ie
- Más tuismitheoir, cúramóir nó múinteoir tú agus má tá imní ort faoi chibearbhulaíocht féach ar tacklebullying.ie
Féinmharú/Féindochar
- Má tá tú ag smaoineamh ar fhéinmharú nó ar fhéindochar tá cabhair ar fáil. Cuir glaoch ar Samaritans ar 116 123, tabhair cuairt ar www.samaritans.ie nó seol ríomhphost chuig jo@samaritans.ie Tá siad ar fáil 24/7, 365 lá sa bhliain.
Neamhord Itheacháin
- Má tá imní ort go bhfuil neamhord itheacháin ort féin nó ar dhuine a bhfuil cion agat orthu agus más mian leat roinnt tacaíochta agus eolais neamhbhreithiúnach agus rúnda a fháil déan teagmháil le Bodywhys, Cumann Neamhord Itheacháin na hÉireann, ar 01 2107906 nó féach ar a suíomh gréasáin.
Tuismitheoirí/Cúramóirí
- Más tuismitheoir nó cúramóir linbh óig nó duine óig thú agus más mian leat comhairle a fháil faoi aipeanna agus ardáin éagsúla ar líne lena n-áirítear conas gearán a dhéanamh, féach ar Webwise.
- Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le fanacht sábháilte ar líne agus ábhar mídhleathach ar líne, féach ar Thairseach an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Pháistí ag betterinternetforkids.eu