An Creat Sábháilteachta ar Líne

Tá Creat Sábháilteachta Ar Líne na hÉireann comhdhéanta faoi láthair de thrí dhlí atá dírithe ar ardáin ar líne.

Is iad seo:

  1. An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha (DSA),
  2. An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, 2022 (OSMR) (atá mar bhonn lenár gCód Sábháilteachta ar Líne) agus
  3. Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta Ar Líne (TCOR

Is é aidhm an chreata seo an baol go nochtfaí daoine (go háirithe daoine óga) d’ábhar mídhleathach nó díobhálach ar líne a laghdú.

An tAcht um Sheirbhísí Digiteacha

Dlínse: Dlí an AE

Dírithe ar ISPanna (Soláthraithe Seirbhíse Idirghabhálacha) atá lonnaithe in Éirinn, lena n-áirítear VLOPanna agus VLOSEanna (ISPanna a bhfuil os cionn 45 milliún úsáideoir acu). 

  • VLOPanna atá lonnaithe in Éirinn: Apple, Google (YouTube, Google Play, Google Maps, Google Shopping), Shein, LinkedIn, Meta (Facebook, Instagram), Microsoft, Pinterest, TikTok, Temu agus X)
  • VLOSEanna atá lonnaithe in Éirinn: Bing, Google

Cuspóir an dlí:  Timpeallacht shábháilte, intuartha agus iontaofa ar líne a chinntiú, úsáideoirí a chosaint ar ábhar mídhleathach ar líne agus sábháilteacht níos fearr ar líne a sholáthar agus nuálaíocht a chur chun cinn ag an am céanna. 

Pionós nó fíneáil:  6% den láimhdeachas domhanda bliantúil

An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne

Dlínse: dlí na hÉireann

Dírithe ar ardáin comhroinnte físeán atá lonnaithe in Éirinn. 

  • Facebook, Instagram, YouTube, Udemy, TikTok, LinkedIn, X, Pinterest, Tumblr

Cuspóir an dlí:  Leanaí agus an pobal a chosaint ar ábhar díobhálach agus mídhleathach.

Pionós nó fíneáil:  €20 milliún nó 10% den láimhdeachas

Rialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne

Dlínse: Dlí an AE

Dírithe ar Sholáthraithe Seirbhísí Óstála (HSPanna) lonnaithe in Éirinn. Is iad HSPanna ná soláthraithe a stórálann faisnéis a cuireadh ar fáil dóibh (m.sh. ardáin meán sóisialta, seirbhísí néalríomhaireachta, seirbhísí óstála gréasáin).

Cuspóir an dlí:  Cur in aghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta

Pionós nó fíneáil:  4% den láimhdeachas domhanda bliantúil

Oibleagáidí na n-ardán

Baineann cuid de na hoibleagáidí seo le gach ardán, cé nach mbaineann cuid acu ach leis na hardáin áirithe

OibleagáidíAn tAcht um Sheirbhísí DigiteachaAn tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar LíneRialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne
Pointe teagmhála aonair curtha ar fáilTáTá
Tá na feidhmeanna tuairiscithe éasca teacht orthu agus so-úsáidte TáTá
Próiseas achomhairc má tá tú míshásta leis an gcinneadh maidir le modhnóireacht ábhairTáTá
Iniúchtaí seachtracha ar mhaolú rioscaTá
Cosc ar ábhar díobhálach agus mídhleathach ina dTéarmaí agus CoinníollachaTá
Trédhearcacht maidir le halgartaim (rogha tugtha maidir leis an ábhar a thaispeántar duit)Tá
Gan aon fhógraí spriocdhírithe do leanaíTáTá
Comharthóirí iontaofa a thugann tús áite do thuairisciú TáIs é an Garda Síochána an t-aon údarás in Éirinn ar féidir leo oibleagáid a chur ar ardán ábhar a bhaint anuas. 
Tionscnaimh litearthachta sna meáin TáTá
Rogha maidir le socrú lasmuigh den chúirtTá
Comhlacht ainmnithe ar féidir tuairisciú dó a chuirfidh faisnéis ar aghaidh chuig an rialtóirTá
Téarmaí agus Coinníollacha atá sothuigthe TáTá
Fógraí (lena n-áirítear fógraí polaitiúla) atá lipéadaithe go soiléirTáTá

Réamhchúraimí speisialta do leanaí 

Baineann cuid de na hoibleagáidí seo le gach ardán, cé nach mbaineann cuid acu ach leis na hardáin áirithe

Réamhchúraimí do leanaíAn tAcht um Sheirbhísí DigiteachaAn tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar LíneRialachán an AE maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne
Níl aon fhógraí spriocdhírithe do leanaí (más eol)TáTá
Dearbhú aoiseTáTá
Iniúchtaí seachtracha ar mhaolú rioscaTáTá
Rialuithe tuismitheoiríTáTá
Ábhar mídhleathach srianta sna Téarmaí agus CoinníollachaTáTá
Ábhar mídhleathach agus díobhálach srianta sna téarmaí agus coinníollachaTáTá
Téarmaí agus Coinníollacha atá sothuigtheTá
Tionscnaimh litearthachta sna meáinTáTá