
Breis is €300 milliún bronnta ar nach mór 5,000 tionscadal
Tá Coimisiún na Meán ag ceiliúradh 20 bliain den scéim um maoiniú craolacháin, Fuaim & Fís. Tá an Scéim, a seoladh den chéad uair in 2005, i ndiaidh ról ríthábhachtach a bheith aici i munlú thírdhreach meán na hÉireann trí thacú le hábhar éagsúil, ábhartha ó thaobh an chultúir de, agus nuálaíoch a chruthú do luchtanna féachana teilifíse agus luchtanna éisteachta raidió in Éirinn.
Le fiche bliain anuas, tairgeadh maoiniú de bheagán os cionn €300 milliún do nach mór 5,000 tionscadal chun cláir a dhéanamh in Éirinn, do luchtanna féachana Éireannacha. Áirítear an méid seo a leanas leis sin: 659 tionscadal drámaíochta, 94 tionscadal beochana, breis is 3,200 clár faisnéise, 268 tionscadal oideachasúla, agus 445 tionscadal siamsaíochta, chomh maith le babhtaí spriocdhírithe maoinithe chun tacú le hearnálacha na meán tráchtála agus pobail. Is foinse ríthábhachtach mhaoinithe fós í Fuaim & Fís chun ábhar Gaeilge a léiriú agus tá os cionn 800 de na tionscadail a maoiníodh rangaithe mar thionscadail Ghaeilge/dhátheangacha.
Ag smaoineamh siar dó ar 20 bliain den scéim Fuaim & Fís, dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán de chuid Choimisiún na Meán, Rónán Ó Domhnaill: ‘Tá ríméad orainn ceiliúradh a dhéanamh ar fhiche bliain den Scéim iontach seo, a chabhraigh linn na mílte agus na mílte uair an chloig de chultúr na hÉireann a chur ar an aer. An tseachtain seo, tá seans maith ann go bhfaca tú nó gur éist tú le clár a mhaoinigh Fuaim & Fís. Ó chlasaicí scannáin amhail Hunger, Garage, An Cailín Ciúin, agus Brooklyn, go cláir shuimiúla raidió amhail Building a Ballet agus Mí Cheoil na hÉireann, cláir cheannródaíocha faisnéise amhail Birdsong, Katie agus The Forgotten Irish, agus cláir fhíorspéisiúla teilifíse amhail Aifric, Crá, The Dry agus Shooting the Darkness, tá Fuaim & Fís i ndiaidh dul ó neart go neart le 20 bliain anuas.
Ó Hollywood i gContae Chill Mhantáin go Hollywood, California, táimid bródúil gur ainmníodh sé cinn de léiriúcháin Fuaim & Fís do Ghradam Oscar – Brooklyn, The Secret of Kells, Song of the Sea, Wolfwalkers, The Breadwinner agus An Cailín Ciúin. Scéim ar leith í seo in Éirinn a chuireann maoiniú ar fáil do léiriúcháin nach ndéanfaí murach an maoiniú seo, i nGaeilge agus i mBéarla araon, lena gcraoladh ar bhonn saorchraolta ar theilifís agus ar raidió na hÉireann.
An bhliain seo chugainn, táimid ag súil leis an gcéad leagan eile den Scéim a fhorbairt le léiriú a thabhairt ar a ról méadaithe mar chuid den Chiste Meán níos leithne agus leanfaimid orainn ag tacú le cláir ar ardchaighdeán a léiríonn cultúr, teanga, agus oidhreacht na hÉireann, ag cur sceitimíní ar luchtanna féachana ar fud na hÉireann sna blianta amach romhainn.”
Tá Scéim Fuaim & Fís ina croílár anois den léiriúchán meán in Éirinn agus tá ró-éileamh uirthi faoi láthair. Ó cuireadh tús le Fuaim & Fís in 2005, rinneadh os cionn 9,300 iarratas a mheasúnú faoin Scéim lenar lorgaíodh tuairim is €656 milliún. Anuraidh, chuaigh 90% den mhaoiniú a chuir Fuaim & Fís ar fáil chuig an earnáil léiriúcháin neamhspleách in Éirinn.
Trína próiseas neamhspleách measúnaithe, déanann an Scéim léiriúcháin a chur chun cinn ina nglacann mná príomhróil chruthaitheacha. Sa bhliain 2024, ba mhná iad 80% de léiritheoirí, 52% de scríbhneoirí, 48% de stiúrthóirí, 30% de stiúrthóirí fótagrafaíochta agus 60% d’eagarthóirí sna tograí teilifíse nó scannánaíochta a maoiníodh faoin Scéim, Ba mhór an tábhacht a bhain le tacaíocht Fuaim & Fís freisin ó thaobh clársceadalaithe a chruthú inar léiríodh guthanna imeallaithe i sochaí na hÉireann, agus tugadh maoiniú faoin Scéim do léiriúcháin amhail Sanctuary, atá suite i ndomhan daoine atá faoi mhíchumas intleachtúil, In Our Own Words a dhíríonn ar throid mhná na hÉireann ar son an chomhionannais, Dating Amber, ar scannán é faoi theacht amach in Éirinn sna 1990idí, agus Pablo, ar sraith bheochana é faoi bhuachaill cúig bliana d’aois a bhfuil uathachas air. Trína chomhpháirtíocht nuálaíoch Cine4 le TG4 agus Fís Éireann, arb é an aidhm atá léi léiriúcháin de phríomhscannáin úrnua Ghaeilge a mhaoiniú, tá Fuaim & Fís i ndiaidh roinnt príomhdhrámaí Gaeilge ar ardchaighdeán a mhaoiniú, amhail Arracht, Báite, agus Fréamhacha/Fréwaka.
I measc mórléiriúcháin eile Fuaim & Fís bhí Kneecap, a bhain roinnt gradam amach agus a thaitin go mór le luchtanna féachana in Éirinn agus ar fud na hÉireann. Tá an Scéim i ndiaidh cláir raidió a mhaoiniú i ngach contae in Éirinn freisin, amhail End of the Line do Radio Kerry, The Rising Sisters do Community Radio Youghal, The Cot Fisher Kings do KCLR FM, Left Behind do Shannonside 104FM, Voices from the River City do Limerick Live 95FM agus Ciarraí Amach de chuid Spin South West. Tá roinnt tionscadail raidió a fuair maoiniú faoin scéim Fuaim & Fís a bhain gradaim amach freisin, amhail The Kinder Letters agus Citizen Lockout 1913 de chuid Newstalk, William Melville and the Barber’s Spies de chuid Radio Kerry agus Francisco de chuid Ocean FM, a ghnóthaigh an duais mór le rá Prix Europa. Tacaíonn an Scéim freisin le Seachtain na Méan san Idirbhliain (IB) i gcomhar le Leaving Waves, ag déanamh meantóireachta ar scoláirí agus ag taispeáint dóibh conas taighde, léiriú agus tuairisciú raidió a dhéanamh.
Maoiníonn 7% d’fháltais ghlana Tháille an Cheadúnais Teilifíse, tríd an gCiste Craolacháin, an scéim Fuaim & Fís. Maoineofar an chéad leagan eile den Scéim tríd an gCiste Meán nua le tacaíocht leantach Tháille an Cheadúnais Teilifíse agus tá Coimisiún na Meán i dteagmháil leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt faoi láthair chun maoiniú ilbhlianta a chinntiú don Chiste Meán amach anseo.