Treoir nuashonraithe foilsithe le haghaidh Mheáin na Seirbhíse Poiblí maidir le Cóid Cleachtais Cóirthrádála

Rear view of a family watching TV on sofa at home.

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán inniu (12.10.2026) leagan nuashonraithe de Threoir le haghaidh Mheáin na Seirbhíse Poiblí maidir le Cóid Cleachtais Cóirthrádála. Is é is aidhm don Treoir tacú le próisis chothroma, thrédhearcacha agus inbhuanaithe idir RTÉ agus TG4 agus earnáil léiriúcháin neamhspleách na hÉireann. 

De bhun Alt 112 den Acht Craolacháin, 2009, ceanglaítear ar Choimisiún na Meán treoir a eisiúint agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh uirthi chun cuidiú le RTÉ agus TG4 a gCóid Cleachtais Cóirthrádála a ullmhú maidir le cláir a choimisiúnú ó léiritheoirí neamhspleácha.

Leagtar amach sa Treoir nuashonraithe na hionchais maidir le próisis choimisiúnaithe, idirbheartaíochtaí conartha, cearta a fháil, saothrú tráchtála, prionsabail mhaoinithe léiriúcháin, coimisiúnú ilbhliantúil agus réiteach díospóidí, agus ag an am céanna aithnítear freagrachtaí seirbhíse poiblí RTÉ agus TG4 agus rannchuidiú na léiritheoirí neamhspleácha le meáin agus aschur cultúrtha na hÉireann.

Foilsíodh an Treoir roimhe seo in 2017. Ó shin i leith, tá an timpeallacht oibriúcháin athraithe ó bhonn mar gheall ar athrú tapa teicneolaíochta agus tráchtála, lena n-áirítear fás seirbhísí sruthaithe agus seirbhísí ar éileamh, samhlacha léiriúcháin agus dáileacháin atá ag athrú, agus pearsantú níos mó ar úsáid na meán. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach an Treoir a thabhairt cothrom le dáta chun a chinntiú go mbeidh sí praiticiúil, ábhartha agus freagrúil do riachtanais na hearnála i gcónaí.

I measc na bpríomhbhreiseanna tá forálacha nua lena dtugtar aghaidh ar fhorbairtí teicneolaíochta, lena n-áirítear ábhar a ghintear leis an intleacht shaorga agus uirlisí IS, agus béim á leagan ar fhaireachán a dhéanamh ar athrú suntasach teicneolaíochta agus na Cóid a oiriúnú nuair is gá. Tugtar isteach leis an Treoir freisin ceanglas maidir le forálacha tiomnaithe dualgais cúraim don fhoireann agus do rannchuiditheoirí, chomh maith le hionchais neartaithe maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil. Leagtar béim inti tríd síos ar sholúbthacht, cinnteacht, trédhearcacht agus cothroime, agus aithnítear freagrachtaí seirbhíse poiblí agus leasanna dlisteanacha tráchtála na bpáirtithe uile ag an am céanna.

Bhí rannpháirtíocht fhorleathan le páirtithe leasmhara mar bhonn eolais don Treoir, lena n-áirítear taighde a rinneadh mar chuid den Athbhreithniú Cúig Bliana ar Mhaoiniú Poiblí le haghaidh Mheáin na Seirbhíse Poiblí, agus aighneachtaí neamhspleácha ó phríomhpháirtithe leasmhara tionscail. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le RTÉ, TG4 agus an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt maidir le forbairt na Treorach athbhreithnithe.

D’fhoilsigh Coimisiún na Meán doiciméad Freagra ar Chomhairliúchán in éineacht leis an Treoir freisin, ina dtugtar achoimre ar na príomh-shaincheisteanna a ardaíodh. Tugadh aird chuí ar aighneachtaí uile na bpáirtithe leasmhara agus an Treoir á hullmhú; mar sin féin, léiríonn an t-ábhar deiridh seasamh neamhspleách Choimisiún na Meán.