Eisíonn Coimisiún na Meán fógra faisnéise reachtúil chuig X  

Person using phone

Tá Fógra Faisnéise reachtúil eisithe ag Coimisiún na Meán chuig X Internet Unlimited Company, soláthraí ardán X. Faoi Alt 139O den Acht Craolacháin, cuireann Fógra Faisnéise reachtúil iallach ar an bhfaighteoir faisnéis a sholáthar maidir le comhlíonadh den Chód Sábháilteachta Ar Líne.

Cé gur chuir X roinnt faisnéise tosaigh ar fáil, ní raibh sé leordhóthanach chun a mheas an leor bearta reatha X chun cosaint a thabhairt do leanaí a úsáideann an tseirbhís. Tá Coimisiún na Meán ag úsáid a cumhachtaí reachtúla chun tuilleadh faisnéise a lorg.

Tá sé d’oibleagáid ar X freagra a thabhairt roimh an 22 Iúil 2025. Mura gcomhlíonann an soláthraí an Fógra, d’fhéadfadh dliteanas coiriúil a bheith mar thoradh air sin, lena n-áirítear fíneáil suas le €500,000.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfreagra ó X agus breithneoidh sé ar chomhlíon an t-ardán a oibleagáid faoi Chuid A den Chód Sábháilteachta ar Líne agus cinnfidh sé ansin ar cheart bearta forfheidhmithe a dhéanamh.

D’ainmnigh Coimisiún na Meán X mar sheirbhís ardáin comhroinnte físeán (VSPS) i mí na Nollag 2023 agus, dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid air an Cód Sábháilteachta ar Líne a chomhlíonadh. Áirítear sa Chód, a glacadh go hiomlán i mí Dheireadh Fómhair 2024, bearta chun daoine, go háirithe leanaí, a chosaint ar fhíseáin dhíobhálacha agus ar ábhar gaolmhar. Faoi Chuid A den Chód, ní mór d’ardáin ainmnithe córais fíoraithe aoise a bhunú agus a oibriú d’úsáideoirí maidir le hinneachar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fhorbairt coirp, meabhrach nó mhorálta mionaoiseach. Chun críocha Chuid A, áirítear sa téarma “fíorú aoise” bearta éifeachtacha dearbhaithe aoise lena n-áirítear meastachán aoise. Beart dearbhaithe aoise atá bunaithe go hiomlán ar fhéindearbhú aoise ag úsáideoirí na seirbhíse; ní bheidh sé ina bheart éifeachtach chun críocha Chuid A.