Osclaíonn comhairliúchán poiblí ar tionscnamh maoinithe chun tacú le Teilifís Tráchtála Neamhspleách

man in production studio

Inniu (02.10.2025) d’oscail Coimisiún na Meán comhairliúchán poiblí ar tionscnamh maoinithe chun tacú le Teilifís Tráchtála Neamhspleách. 

Tá An Coimisiún tiomanta do thírdhreach bisiúil, éagsúil, sábháilte ar líne agus sna meáin a chinntiú. Ciallaíonn sé seo meascán guthanna, tuairimí agus foinsí nuachta éagsúla a bheith ann chomh maith le leanaí agus gach duine againn a chosaint ó ábhar díobhálach. Sa bhreis ar ár bhfeidhm Maoinithe do na Meáin, déanaimid scéimeanna maoinithe a fhorbairt agus a fheidhmiú chun tacú le hábhar a fhorbairt do lucht féachana agus éisteachta na hÉireann, ar ábhar é a léiríonn sochaí na hÉireann, agus a mhúnlaíonn í.

Mar fhreagra ar iarratas ón Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan Uasal, T.D., agus chun na cuspóirí sin a bhaint amach tuilleadh, tá Coimisiún na Meán ag cur an tionscnaimh mhaoinithe seo i bhfeidhm chun tacú le Teilifís Tráchtála Neamhspleách. Tá maoiniú suas go dtí thart ar €3 mhilliún san iomlán ar fáil.

Táimíd ag lorg tuairimí anois maidir leis an gcur chuige atá beartaithe i leith an tionscnaimh mhaoinithe do Theilifís Tráchtála Neamhspleách mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Beidh na haighneachtaí a gheofar mar fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí seo mar bhonn eolais ag cinntí An Choimisiúin i leith na Scéime deiridh.

Leagtar amach sa doiciméad comhairliúcháin seo Scéim Nuachta agus Cúrsaí Reatha na Teilifíse Tráchtála Neamhspleáiche nua.

Is é an chúis go bhfuiltear ag dul i mbun comhairliúcháin ar dhoiciméad na Scéime ná chun tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil faoi chuspóirí agus paraiméadair na scéime agus faoin gcaoi a reáchtálfar í. Iarrann an Coimisiún ort do chuid freagraí ar na ceisteanna comhairliúcháin a chur isteach faoi mheán lae ar 31.10.2025.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Cháipéis Chomhairliúcháin.