Niamh Hodnett ceaptha chun Cathaoirleacht a Dhéanamh ar Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne

Members of GOSRN at Coimisiún na Meán

Ceapadh an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne de chuid na hÉireann, Niamh Hodnett, ina Cathaoirleach ar Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne (GOSRN) inniu (13.11.2025) ag Cruinniú Bliantúil an Líonra ina mBítear i Láthair go Pearsanta, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath. Roghnaíodh an Coimisinéir Hodnett, atá ina Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne i gCoimisiún na Meán ó 2023 i leith, chun Cathaoirleacht a Dhéanamh ar an Líonra.

I measc chomhaltaí GOSRN tá Coimisiún na Meán in Éirinn, rialálaí na Ríochta Aontaithe (Ofcom), Coimisinéir Ríomhshábháilteachta na hAstráile, agus rialálaithe ón bhFrainc, ón gCóiré, ón tSlóvaic, ón Afraic Theas, ó Fhidsí agus ón Ísiltír. Cuireadh an Líonra ar bun sa bhliain 2022 chun comhoibriú agus comhleanúnachas a chothú sna rialacháin um shábháilteacht ar líne i ndlínsí éagsúla.

Agus í ag labhairt faoin bhfógra níos luaithe inniu, dúirt an Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne, Niamh Hodnett: “Tá áthas an domhain ar Choimisiún na Meán Cathaoirleacht a dhéanamh ar Líonra na Rialálaithe Domhanda um Shábháilteacht ar Líne. Cuireann sé teachtaireacht láidir amach faoinár gcomhthiomantas do na rialacháin um shábháilteacht ar líne. Agus mé i mo Chathaoirleach, tabharfaidh mé tús áite don chomhoibriú le rialálaithe ar fud na cruinne lena chinntiú nach mbíonn sábháilteacht ar líne teoranta do theorainneacha náisiúnta. Leanfaimid ar aghaidh ag éisteacht leis an aos óg trí chomhairliúchán lenár gcuid ambasadóirí óige domhanda.

“Mar Líonra, tá bonn fianaise i gcomhair sábháilteacht ar líne á fhorbairt againn agus táimid ag cur lenár gcomheolas. Neartaíonn an comhar trasteorann sin an cumas atá againn ardáin ar líne a choinneáil cuntasach faoin dóigh a gcoimeádann siad a gcuid úsáideoirí sábháilte ar líne. Agus an Líonra i mbun fáis i rith an ama, comhoibreoimid go dlúth lenár gcomhaltaí breathnóra ar fud an domhain fosta, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe, an Áise agus an Domhan Theas. Maidir le Coimisiún na Meán, léiríonn ár rannpháirtíocht in GOSRN an rún daingean atá againn eispéireas ar líne níos sábháilte a chinntiú d’úsáideoirí ardán ar líne, páistí go mór mór.”

Tá rialálaithe agus breathnóirí ó chúig mhór-roinn i gceist le GOSRN agus tá sé dírithe ar thacaíocht a thabhairt don chomhoibriú idir rialálaithe sábháilteachta ar líne. Tá sé mar aidhm aige feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas agus ar an gcomhsheasmhacht idir na cineálacha cur chuige atá ag rialálaithe idirnáisiúnta i leith sábháilteacht ar líne, trí fhaisnéis, saineolas agus taithí a roinnt.

Mar Chathaoirleach ar an Líonra, leanfaidh Coimisiún na Meán ar aghaidh ag cur chuspóirí an Líonra – óna bPlean Straitéiseach trí bliana – i gcrích.