Babhta 61 de Fuaim & Fís oscailte anois

man in production studio

Tá Babhta 61 den scéim mhaoinithe craolacháin Fuaim & Fís oscailte anois.

Fáiltímid roimh iarratais mhaoinithe ó léiritheoirí neamhspleácha agus ó chraoltóirí chun tacú le cruthú ábhar craolta d’ardchaighdeán, ábhar a léiríonn cultúr, oidhreacht, teanga agus éagsúlacht na hÉireann, agus le hábhair i nGaeilge a chruthú.

Tá na treoirlínte d’iarratais ábhartha agus na foirmeacha iarratais don bhabhta seo ar fáil anois ar www.cnamonline.ie. 

Ní mór gach iarratas a chur isteach trínár dtairseach ar líne. roimh 12 meán lae an 16 Iúil 2026. Táthar ag súil go ndéanfar na cinntí roimh dheireadh Dheireadh Fómhair 2026. 

Beidh seimineár gréasáin do dhaoine atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar siúl ar MS Teams ag 12 meán lae, Déardaoin, an 11 Meitheamh 2026. Is féidir le hiarratasóirí clárú don ócáid.