D’oscail muid comhairliúchán le geallsealbhóirí inniu (09.06.2025) maidir le tionscnamh maoinithe chun tacú leis na meáin phobail.
Táimíd tiomanta do thimpeallacht ar líne agus sna meáin a chinntiú atá rathúil, éagsúil agus sábháilte. Ciallaíonn sé seo meascán de ghuthanna, tuairimí agus foinsí nuachta éagsúla a bheith ann agus leanaí agus muid uile a chosaint ar ábhar díobhálach. Chomh maith lenár bhfeidhm maidir le maoiniú meán, forbraímid agus oibrímid scéimeanna maoinithe chun tacú le forbairt ábhair do lucht féachana na hÉireann a léiríonn agus a mhúnlaíonn sochaí na hÉireann.
Mar fhreagra ar iarratas ón Aire Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Pádraig Ó Donnabháin, T.D., agus chun na cuspóirí seo a bhaint amach tuilleadh, táimid ag cur tionscnamh maoinithe i bhfeidhm chun tacú leis na Meáin Phobail. Tá maoiniú suas le c. €1 milliún ar fáil.
Táimid ag lorg tuairimí anois ar an gcur chuige atá beartaithe don tionscnamh maoinithe do na meáin phobail mar chuid de phróiseas comhairliúcháin le geallsealbhóirí. Cuirfidh na haighneachtaí a fhaightear mar fhreagra ar an gcomhairliúchán seo eolas ar fáil do chinntí an Choimisiúin maidir leis an Scéim chríochnaitheach.
Leagtar amach i nDoiciméad Comhairliúcháin an Scéim nua do na Meáin Phobail.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin ar dhoiciméad na dréachta-scéime tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil faoi chuspóirí, paraiméadair agus conas a reáchtálfar í. Tá an comhairliúchán ar oscailt go dtí 12pm ar an 1 Iúil 2026.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Doiciméad Comhairliúcháin (PDF, Béarla).