Dara Comhlacht Díospóidí Lasmuigh den Chúirt in Éirinn deimhnithe

Blurred figure of a man and woman shaking hands in an office building.

Inniu, an 11.06.2027, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán sonraí maidir le deimhniúchán Impress Dispute Resolutions (IDR) mar chomhlacht um Réiteach Díospóidí Lasmuigh den Chúirt (Comhlacht ODS). Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, d’fhéadfadh comhlachtaí a bhunaítear in Éirinn iarratas ar dheimhniúchán mar Chomhlacht ODS a chur faoinár mbráid.

Is féidir le comhlacht ODS cabhrú le húsáideoirí ar líne díospóidí maidir le hardáin ar líne a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár réitíodh trí chóras inmheánach um láimhseáil gearán de chuid ardáin ar líne. Níl cinntí na gcomhlachtaí ODS ceangailteach.

Bronnadh deimhniúchán ar IDR, comhlacht atá cláraithe in Éirinn, ar feadh tréimhse cúig bliana, ón 14 Bealtaine 2026 go dtí an 14 Bealtaine 2031. Is ionann an réimse saineolais faoina mbronntar an deimhniúchán ná réiteach díospóidí a bhaineann le catagóirí sonracha d’ábhar mídhleathach a fhoilsítear ar ardáin chomhroinnte ábhair agus meán sóisialta. Eiseoidh IDR cinntí i gcomhréir le dlí na hÉireann.

Chun deimhniúchán a fháil mar chomhlacht ODS ní mór don iarrthóir na coinníollacha seo a leanas, mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Ghníomh, a chomhlíonadh.

  • Neamhchlaontacht agus neamhspleáchas, lena n-áirítear neamhspleáchas ar bhonn airgeadais de, maidir le soláthraithe ardán ar líne agus faighteoirí na seirbhíse.
  • Saineolas maidir le hábhar mídhleathach, nó maidir le tabhairt isteach agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha i leith ardáin ar líne.
  • Luach Saothair, lena gceanglaítear go dtugtar luach saothair do chomhaltaí an chomhlachta ODS ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta;
  • Inrochtaineacht, lena gceanglaítear go bhfuil rochtain éasca ar an díospóid ODS, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht réiteach díospóidí a thionscnamh agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne.
  • Réiteach tapa éifeachtúil díospóide, lena gceanglaítear go bhfuil sé ar chumas an chomhlachta ODS díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais ar a laghad;
  • Rialacha soiléire agus cothroma, lena gceanglaítear go réitítear an díospóid ODS i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí.

Is féidir tuilleadh eolais faoin bpróiseas ODS d’úsáideoirí ar líne a fháil ar ár leathanach poiblí ginearálta Conas is féidir liom díospóid a dhéanamh in aghaidh chinneadh ardáin?. Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas deimhniúcháin do Chomhlacht ODS, lena n-áirítear cáipéis treorach agus foirm iarratais, a fháil ar ár Comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt.