Iarratas á lorg ar Scéim nua na Meán Pobail

Two people reviewing content on laptop

D’oscail Coimisiún na Meán (23.07.2026) d’iarratais inniu ar Scéim na Meán Pobail. Tá sé d’aidhm ag an Scéim tacú le hearnáil meán pobail inbhuanaithe, chuimsitheach agus rannpháirteach a chuireann sochar sóisialta ar fáil do phobail ar fud na hÉireann.  

Tá Scéim na Meán Pobail oscailte do chraoltóirí pobail don teilifís agus don raidió atá ceadúnaithe atá ann cheana ar fud na hÉireann. Féadfar maoiniú a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí lena n-áirítear oiliúint, teagmháil leis an bpobal agus cur chun cinn na Gaeilge, chomh maith le tionscnaimh a thacaíonn leis an gcuimsitheacht agus leis an inrochtaineacht.

Tá suas le €1 milliún leithdháilte ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt ar an Scéim nua. Is é an 20 Lúnasa 2026 an spriocdháta le haghaidh iarratas. 

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán ag Coimisiún na Meán: “Tá ról tábhachtach ag craoltóirí pobail i gcroílár na bpobal ar a bhfreastalaíonn siad, mar ghuth áitiúil aitheanta agus mar fhoinse ríthábhachtach faisnéise áitiúla. Mar chraoltóirí atá faoi stiúir oibrithe deonacha, aithnímid an ról uathúil atá ag na meáin phobail i dtírdhreach na meán in Éirinn, agus an gá atá le tacaíocht leanúnach don earnáil. Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thírdhreach na meán atá inbhuanaithe, iolraíoch, agus rannpháirteach a chothú, agus molaim do gach craoltóir pobail incháilithe iarratas a dhéanamh ar an Scéim nua roimh an spriocdháta. Chomh maith leis sin ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thacaíocht na Roinne Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus don Aire Patrick O’Donovan as soláthar an mhaoinithe don Scéim seo.”

Agus é ag labhairt le déanaí, dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD: “Is iad na soláthraithe seirbhíse raidió nó teilifíse a reáchtálann na meáin phobail ar son na bpobal a fhreastlaíonn siad orthu. Mar sheirbhísí atá bunaithe ar oibrithe deonacha go príomha, tugann na meáin phobail guth do bhaill an phobail, spreagann siad rannpháirtíocht phobail agus cuireann siad sochar sóisialta ar fáil. Tagann Scéim nua na Meán Pobail, á hoscailt ag Coimisiún na Meán inniu, le tacaíochtaí eile don earnáil, lena n-áirítear babhta sochair shóisialta na scéime Fuaim & Fís, a dhíríonn ar chruthú ábhair. Ar an lámh eile, díríonn an scéim nua ar fhorbairt eagraíochtúil, rialachas, inniúlacht oibrithe deonacha, rannpháirtíocht an phobail, inrochtaineacht, agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach, réimsí a gcreidim go mbeadh leas buan le baint ag earnáil na meán pobail as infheistíocht spriocdhírithe. Gríosaím an earnáil iarratas luath a chur isteach agus úsáid iomlán a bhaint as an maoiniú atá ar fáil chun acmhainneacht agus inniúlacht a n-eagraíochtaí a threisiú.”

Bhí bunú Scéim na Meán Pobail ar cheann de na moltaí i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, a foilsíodh in 2022.