Babhta nua de Fuaim & Fís oscailte anois

two people in radio studio

Tá Babhta 62 den scéim mhaoinithe craolacháin Fuaim & Fís oscailte anois.

Fáiltímid roimh iarratais mhaoinithe ó léiritheoirí neamhspleácha agus ó chraoltóirí chun tacú le cruthú ábhar craolta d’ardchaighdeán, ábhar a léiríonn cultúr, oidhreacht, teanga agus éagsúlacht na hÉireann, agus le hábhair i nGaeilge a chruthú.

Ní mór gach iarratas a chur isteach trí www.cnamonline.ie roimh 12 meán lae an 26 Samhain 2026. Táthar ag súil go ndéanfar na cinntí roimh dheireadh Mhárta 2027.